Foirne Gaeltachta fós san iomaíocht agus craobhacha peile ag dul i ndéine

Imríodh scata cluichí i gCraobhacha Peile na Gaillimhe agus Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine agus d’éirigh le foirne Gaeltachta áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais

Foirne Gaeltachta fós san iomaíocht agus craobhacha peile ag dul i ndéine

Tá dhá fhoireann Ghaeltachta imithe tríd go dtí cluichí leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe, tar éis dóibh a gcluichí a bhuachan ag an deireadh seachtaine. Bhuaigh Naomh Anna, Leitir Móir ar Chill Chonla Dé Sathairn, 2-11 in aghaidh 1-11. Iarla Ó Curraoin a d’aimsigh na cúil chinniúnacha d’fhir na Gaeltachta.

Ar an Satharn chomh maith, bhain Maigh Cuilinn áit amach freisin sna babhtaí ceathrú ceannais. Agus an t-am beagnach caite, ba é Peter Cooke a fuair an scór cinniúnach dóibh chun bua aon phointe amháin ar a gcomharsana, Cill Aithnín, a chinntiú.

Theip ar Mhicheál Breathnach na babhtaí ceathtú ceannais a bhaint amach i mbliana agus bua trí phointe, 2-9 in aghaidh 0-12, ag Naomh Séamus ar fhir Chois Fharraige.

Sa chraobh idirmheánach, bhain an Spidéal áit amach sa bhabhta ceathrú ceannais den chéad uair ó 2010. Fuair fir na Gaeltachta an ceann is fearr ar Uachtar Ard Dé Sathairn agus tabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile Chláir na Gaillimhe an mhí seo chugainn. Tabharfaidh Oileáin Árann aghaidh ar Dhún Mór i gceann eile de na cluichí ceathrú ceannais.

Sa chluiche leathcheannais díbeartha, sheachain Carna-Caiseal an t-ísliú céime den dara bliain as a chéile nuair a bhuail siad Béal Átha na Sluaighe, 2-16 i gcoinne 3-8.

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe

Babhtaí Ceathrú Ceannais

Eanach Dhúin v Naomh Anna, Leitir Móir

Muine Mheá/An Mhainistir v Réalta Thuama

Naomh Séamus v An Creagán/Maigh Locha

Maigh Cuilinn nó Cora Finne v Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach

Babhtaí Ceathrú Ceannais Dícháilithe

Cill Fhir Iarainn v Bearna

An Cheathrú Rua v Cill Aithnín

An Chealtrach v Naomh Micheál nó Micheál Breathnach

Seamrógaí Chartúin v Cill Chonla nó Baile an Mhuilinn

Craobh Idirmheánach Peile na Gallimhe

Babhtaí Ceathrú Ceannais

Baile Chláir v An Spidéal

Órán Mór/Meáraí v Baile Liam

Áth Cinn v Cill Choirín/Cluain Bheirn

Oileáin Árann v Dún Mór

Cluiche Dícháilithe

An Clochán v Béal Átha na Sluaighe

Dún na nGall

Is é an scéal mór i nDún na nGall ná nár éirigh le curaidh na sinsear in 2016, Gleann tSúilí, áit a bhaint amach sna babhtaí ceathrú ceannais. Bhí foireann Michael Murphy faoi bhrú cheana féin i nGrúpa C tar éis do Ghaoth Dobhair an ceann is fearr a fháil orthu níos luaithe sa chomórtas agus nuair a theip ar Ghleann tSúilí Cill Charthaigh a shárú tráthnóna Dé Domhnaigh bhí deireadh lena n-iarracht an chraobh a thabhairt leo den dara bliain as a chéile.

Is iad Gaoth Dobhair an fhoireann eile a cháiligh ó Ghrúpa C tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ard an Rátha. Bua cuimsitheach, 2-21 in aghaidh 1-7, a bhí ag foireann Mhachaire Gathlán agus áit bainte amach acu sa bhabhta ceathrú ceannais den chéad uair le ceithre bliana.

Chabhraigh taispeántas iontach ó Colm McFadden le Naomh Micheál barr Ghrúpa A a bhaint amach agus a dtrí chluiche buaite acu. Is iad foireann Bhun Dobhráin, Réalt na Mara, a rachaidh ar aghaidh leo ón ngrúpa céanna.

I nGrúpa B, rinne An Bheart, seaimpíní na craoibhe idirmheánaí 2016, a ndóthain chun áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile. Sháraigh siad an Tearmann chun dul ar aghaidh, in éineacht leis na Cealla Beaga, go dtí na cluichí ceathrú ceannais.

Bhí Naomh Adhamhnáin agus Naomh Conaill cáilithe ó Ghrúpa D roimh chluichí deireanacha Ghrúpa D agus is in aghaidh a chéile a bhí siad Dé Domhnaigh. Fuair Naomh Adhamhnáin, curaidh 2015 an ceann is fearr ar churaidh 2016, 0-14 in aghaidh 1-8, ach beidh cluichí níos tábhachtaí le himirt ag an dá fhoireann roimh dheireadh na craoibhe.

Toisc gur ag bun a gcuid grúpaí a chríochnaigh siad,  is iad Seán Mac Cumhaill, Naomh Muire, Ard an Rátha agus na Ceithre Máistrí a bheidh in iomaíocht lena chéile agus iad ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint.

Fág freagra ar 'Foirne Gaeltachta fós san iomaíocht agus craobhacha peile ag dul i ndéine'