Déanadh an tarraingt do Bhabhta 3 de Chraobhacha Sinsear agus Idirmheánach Peile na Gaillimhe aréir agus na foirne Gaeltachta uile coinnithe óna chéile.
I gCraobh na Sinsear, tá Naomh Anna, Leitir Móir fós san iomaíocht do Chorn Uí Shionnaigh agus tar éis dóibh Naomh Micheál a shárú i mBabhta 2, is ar Chill Chonla a thabharfaidh siad aghaidh sa chéad bhabhta eile. Maidir leis na foirne Gaeltachta eile atá fós sa chomórtas, imreoidh Micheál Breathnach in aghaidh fhir na cathrach, Naomh Séamus, agus beidh cath na gcomharsan ann idir Maigh Cuilinn agus Cill Aithnín.
Tar éis dóibh a ndá chluiche craoibhe go dtí seo a chailleadh, tá an Cheathrú Rua agus Bearna i mbaol ísliú céime ach níl na socruithe don chuid sin den chraobh déanta go fóill.
Sa ghrád Idirmheánach, casfaidh an Spidéal ar Uachtar Aird i mBabhta 3 agus fir Bhaile an Droichid ag iarraidh áit a bhaint amach sa bhabhta ceathrú ceannais don chéad uair ó 2010. Má éiríonn leis an Spidéal an cluiche sin a bhuachan, imreoidh siad Baile Chláir sa chéad bhabhta eile.
Agus Dún Mór agus an Clochán sáraithe cheana féin acu sa chraobh, tá Oileáin Árann imithe chomh fada leis an mbabhta ceathrú ceannais don chéad uair i stair an chumainn. Casfaidh buaiteoirí na coimhlinte idir Dún Mór agus Naomh Breandán orthu sa chluiche sin.
Tar éis dóibh ísliú céime a fháil ó ghrád na sinsear anuraidh, tá Carna/Caiseal i mbaol arís i mbliana. Beidh orthu Béal Átha na Sluaighe a shárú chun a bheith cinnte go mbeidh siad ag imirt sa ghrád Idirmheánach arís an bhliain seo chugainn. Má chailleann siad, beidh siad ag imirt cluiche díbeartha in aghaidh pé dream a chailleann an cluiche idir Baile Átha an Rí agus an Clochán.
Imreofar an chéad bhabhta eile i gCraobh na Sinsear agus sa Chraobh Idirmheánach le linn an deireadh seachtaine an 26/27 Lúnasa.
Craobh Sinsear Peile na Gaillimhe – Babhta 3
Baile an Mhuilinn v An Creagán/Maigh Locha
Naomh Anna v Cill Chonla
Cill Aithnín v Maigh Cuilinn
Micheál Breathnach v Naomh Séamus
Naomh Mícheál v Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach
Craobh Sinsear Peile na Gaillimhe – Réamhbhabhta Ceathrú Ceannais
Cathair Loistreáin v Réalta Thuama
Cora Finne v Naomh Micheál nó Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe – Babhta 3
Mionlach v Cill Choirín/Cluain Bheirn
Baile Liam v Gleann na Madadh
Dún Mór v Naomh Breandán
An Spidéal v Uachtar Ard
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe – Babhta Ceathrú Ceannais
Áth Cinn v Mionlach nó Cill Choirín/Cluain Bheirn
Oileáin Árann v Dún Mór nó Naomh Breandán
Baile Chláir v an Spidéal nó Uachtar Ard
Órán Mór/Meáraí v Baile Liam nó Gleann na Madadh
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe – Babhta Leathcheannais Díbeartha
Baile Átha an Rí v an Clochán
Béal Átha na Sluaighe v Carna/Caiseal
Fág freagra ar 'Foirne Gaeltachta coinnithe óna chéile sna chéad bhabhtaí eile de Chraobhacha Peile na Gaillimhe'