Foirne déanta de 15 laochra a d’éirigh as i 2014

Agus slán á fhágail ag páirc na himeartha ag roinnt laochra iomána agus peile i 2014, cén chuma a bheadh ar fhoireann chónasctha de na hiománaíthe agus peileadóirí a d’eirigh as i mbliana?

Nuair a bhreathnaíonn tú ar a bhfuil atá buaite ag na 15 fear seo, tá dochreidte.

Tables IomaintCeathracha a ceathair bonn Uile-Éireann, 67 bonn cúige agus 29 gradam All-Star, beagnach péire an duine ar an méan. San áireamh freisin, tá triúr a bhuaigh ‘Iománaí na bliana’, Tony Browne i 1998, JJ Delaney i 2003 agus Tommy Walsh i 2009 chomh maith le beirt a bhuaigh ‘Iomanaí Óg na Bliana’, Eoin Kelly, i 2001 agus 2002, agus Brian Murphy deich mbliana ó shin.

Fiú amháin an bheirt nár bhuaigh tada lena gcontae, Rory Hanniffy agus Kevin Brady, bhí siad ar bheirt de na himreoirí is cumasaí agus is seasmhaí a d’imir d’Uíbh Fhailí le roinnt blianta anuas. Tá Craobh Laighean buaite ag an mbeirt acu lena gcumainn áitiúla agus tá Craobh na hÉireann buaite faoi dhó ag Hanniffy le Biorra.

Gan dabht, aireoidh CLG uathu cuid de na himreoirí seo. Den chéad uair ó 1991, ní bheidh Tony Browne ag caitheamh geansaí Phort Láirge. Sna Déise amháin, tá beagnach trí scór bliain de thaithí ‘idirchontae’ cailte acu.

Is iad muintir Chill Chainnigh is mó a raibh caint á déanamh fúthu agus tuige nach mbeadh. Idir Delaney, Hogan agus Walsh, bhí triúr de na cosantóirí is cróga agus is ábalta a d’imir le fada an lá. Rud atá scanrúil faoi láidreacht Chill Chainnigh ná, den chúigear seo a bhfuil 38 bonn Uile-Éireann buaite acu, ní raibh ach duine acu, Delaney, ag teastáil ó Brian Cody san athimirt de Chluiche Ceannais na hÉireann.

Agus sula gcuirtear an cheist cén fáth nach bhfuil geansaí uimhir a seacht ar Tommy Walsh, bhuaigh sé a chéad All-Star i lár na páirce agus bhí a chuid scileanna ag teastáil ann.

1. David Herity (Cill Chainnigh), 2. Rory Hanniffy (Uíbh Fhailí),  3. JJ Delaney (Cill Chainnigh), 4. Brian Murphy (Corcaigh), 5. Tony Browne (Port Láirge), 6. Brian Hogan (Cill Chainnigh), 7. Stephen Hiney (Baile Átha Cliath), 8. Kevin Brady (Uíbh Fhailí), 9. Tommy Walsh (Cill Chainnigh), 10. Stephen Molumphy (Port Láirge), 11. Séamus Prendergast (Port Láirge), 12. John O’Brien (Tiobrad Árann), 13. Aidan Fogarty (Cill Chainnigh), 14. Shane Walsh (Port Láirge), 15. Eoin Kelly (Tiobrad Árann).

Foireann Retired (hurling)

Foireann Peile

nach bhfuil an oiread céanna de bhoinn agus coirn ag an bhfoireann seo is atá ag foireann na hiomána, tá laochra fós ar fud na páirce ann.

Tables PeilIs i measc tosaithe na tíre is mó a d’éirigh imreoirí as, ní raibh a leithéid agus Seán Armstrong (Gaillimh), James Kavanagh (Cill Dara/Gaillimh), Brian Mallon (Ard Mhacha) nó Daniel Hughes (An Dún) in ann áit a bhaint amach i geansaithe 10-15 san fhoireann seo.

Níl aon dabht ach gurb iad na línte leath-thosaí agus lántosaí na hionaid is láidre ar an bhfoireann seo. Is laoch gach ceann acu ina gcontaetha féin, ar chúiseanna éagsúla. Idir Paul Galvin agus Declan O’Suillivan, bhí dhá Chiarraíoch a bhí iomlán difriúil ach a bhí chomh tábhachtach céanna don fhoireann. Peileadóir den scoth agat ab ea O’Sullivan, déchosach agus in ann pointí a chruthú a scóráil go réidh.

Le Galvin, cé nach raibh aon easpa scil aige, bhí fisiciúil, achrannach agus lán sásta an liathróid salach a bhuachan.

San Iarmhí agus i gcontae an Dúin, ba iad Dolan agus Coulter a bhí chun tosaigh ar na himreoirí timpeall orthu agus ba iad a d’iompar lóchrann dóchais na gcontaetha sin ar feadh i bhfad.

Mar fhocal scoir, b’fhéidir nach leathchúlaí ir an áit is nádúrtha do Martin Penrose, ach d’imir sé le Tír Eoghain augs uimhir a cúig ar a dhroim aige. Tar éis dó bheith ag imirt faoi chúram Mickey Harte ar feadh 10 mbliana, is cinnte go bhfuil taithí aige ar an gcosaint.

1. Brendan McVeigh (An Dún), 2. Eoghan Harrington (An Mhí), 3. Barry Owens (Fear Manach), 4. Brian Flanagan (Cill Dara), 5. Séamus Kenny (An Mhí), 6. Martin Penrose (Tír Eoghain), 7. Aaron Kernan (Ard Mhacha), 8. Brian Meade (An Mhí), 9. Paddy Keenan (An Lú), 10. Paul Galvin (Ciarraí), 11. Declan O’Sullivan (Ciarraí), 12. Johnny Doyle (Cill Dara), 13. Benny Coulter (An Dún), 14. Dessie Dolan (An Iarmhí), 15. Stephen O’Neill (Tír Eoghain).

Foireann Retired (Football)