Foirgneamh ríomhaireachta i DCU ainmnithe as bean Ghaeltachta as Tír Chonaill

Is é Áras Chaitlín Nic an Ultaigh a bheidh ar an Áras Ríomhaireachta feasta, in ómós na mná a bhí ar dhuine de na chéad ríomhchláraitheoirí riamh

Foirgneamh ríomhaireachta i DCU ainmnithe as bean Ghaeltachta as Tír Chonaill

Tá ollscoil DCU i mBaile Átha Cliath tar éis sé fhoirgneamh ar champas na hollscoile i mBaile Munna a athainmniú agus is ainm Chaitlín Nic an Ultaigh, ríomheolaí ceannródaíoch as Gaeltacht Thír Chonaill, atá tugtha ar cheann amháin acu.

Is é Áras Chaitlín Nic an Ultaigh a bheidh ar an bhfoirgneamh ríomhaireachta feasta, in ómós na mná seo a bhí ar dhuine na de na chéad ríomhchláraitheoirí riamh.

Bhain sí a cáil amach i saol na ríomhaireachta i 1946 nuair a d’oibrigh sí ar an ríomhaire ENIAC, an chéad ríomhaire ginearálta, digiteach, leictreonach a forbraíodh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Rugadh Nic an Ultaigh ar an Chraoslach i nGaeltacht Thír Chonaill i 1921. Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí inti nár fhoghlaim an Béarla go dtí gur aistrigh a teaghlach go Meiriceá i ndiaidh Chogadh na Saoirse. Óglach a bhí ina athair, Séamus Mac an Ultaigh, a chaith dhá bliain i bpríosún Dhoire le linn an chogaidh. Gabhadh é an oíche ar rugadh Caitlín.

Chaith sí a saol i Meiriceá agus níor fhill riamh ar Éirinn ach maíodh i dtuairisc a báis a foilsíodh ar nuachtáin áitiúla i nDún na nGall in 2006 nár dhearmad sí riamh a cuid Gaeilge agus gur i nGaeilge a deireadh sí a cuid paidreacha i gcónaí.

Athainmníodh sé fhoirgneamh ar champas DCU as eolaithe mór le rá a raibh baint acu le hÉirinn. Mar chuid de pholasaí nua na hollscoile, ainmneofar 50% d’fhoirgnimh an champais as mná cáiliúla. Is iad Kathleen Lonsdale as an Droichead Nua i gCill Dara agus Mary Brück as Contae na Mí an bheirt bhan eile ar ainmníodh foirgnimh ina n-ómós.

Ainmníodh na trí fhoirgneamh eile as George Gabriel Stokes, Guglielmo Marconi agus Michael J MacCormac.

Fág freagra ar 'Foirgneamh ríomhaireachta i DCU ainmnithe as bean Ghaeltachta as Tír Chonaill'