Foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Kernan don tsraith idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile

Is é Aidan O’Shea as Maigh Eo captaen na foirne ach níl aon imreoir de chuid churaidh na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar fáil do Kernan

Foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Kernan don tsraith idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile

Captaen na hÉireann, Aidan O'Shea. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tá na himreoirí a rachaidh go dtí an Astráil chun imirt sa tsraith idirnáisiúnta ainmnithe tráthnóna ag bainisteoir na foirne Joe Kernan.

Níl aon imreoir ó churaidh na hÉireann, Baile Átha Cliath, ar fáil do Kernan  – de bharr gortuithe, cluichí club nó easpa suime.

Is é Aidan O’Shea Mhaigh Eo captaen na foirne agus tá beirt eile ó fhoireann an chontae sin, Brendan Harrison agus Chris Barrett, ainmnithe sa scuad chomh maith. Tá triúr ó Chiarraí roghnaithe, Peter Crowley, Paul Geaney agus Paul Murphy.

Tá Pearse Hanley as Maigh Eo, ar dhuine de bheirt sa scuad atá ag imirt san AFL faoi láthair. Zach Tuohy as contae Laoise an duine eile.

Buille d’fhoireann na hÉireann é go bhfuil gortú ag cur as do Conor McKenna, fear a bhfuil an bhliain caite aige ag imirt le Essendon san AFL. Bhí ar Paul Kerrigan tarraingt amach as an scuad chomh maith mar go mbeidh a chumann, Raonaithe Nemo, ag imirt i gCraobh Chlubanna na Mumhan.

Mar gheall go raibh ar an mbeirt sin tarraingt as, roghnóidh Kernan beirt eile chun teacht isteach ina n-áit i ndiaidh sheisiúin traenála na seachtaine seo.

I measc na n-imreoirí mór le rá eile atá roghnaithe ag Kernan, tá Conor McManus Mhuineacháin, Michael Murphy Dhún na nGall agus Enda Smith Ros Comáin.

Thug Éire leo Corn Chormac McAnallen in 2015 i bPáirc an Chrócaigh, nuair nár imríodh ach aon chluiche amháin idir na foirne.

Imreofar dhá chluiche an mhí seo chugainn mar chuid de shraith na bliana seo. Tá an chéad chluiche á imirt Dé Domhnaigh an 12 Samhain, in Adelaide. Rachaidh na foirne chun páirce in Perth arís sé lá ina dhiaidh sin, ar an 18 Samhain.


Scuad na hÉireann

Niall Morgan (Tír Eoghain)

Chris Barrett (Maigh Eo)

Gary Brennan (An Clár)

Eoin Cadogan (Corcaigh)

Killian Clarke (An Cabhán)

Peter Crowley (Ciarraí)

Kevin Feely (Cill Dara)

Paul Geaney (Ciarraí)

Pearce Hanley (Gold Coast/Maigh Eo)

Brendan Harrison (Maigh Eo)

Conor McManus (Muineachán)

Michael Murphy (Dún na nGall)

Niall Murphy (Sligeach)

Paul Murphy (Ciarraí)

Karl O’Connell (Muineachán)

Aidan O’Shea (Maigh Eo)

Niall Sludden (Tír Eoghain)

Enda Smith (Ros Comáin)

Conor Sweeney (Tiobraid Árann)

Zach Tuohy (Geelong/Laois)

Shane Walsh (Gaillimh)

Imreoirí Cúltaca

Mattie Donnelly (Tír Eoghain)

Niall Grimley (Ard Mhacha)

Connaire Harrison (An Dún)

Caolan Mooney (An Dún)

Sean Murphy (Ceatharlach)

Brendan Murphy (Ceatharlach)

Sean Powter (Corcaigh)

Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Kernan don tsraith idirnáisiúnta i gcoinne na hAstráile'