Foireann Faoi 21 Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh ach briseadh croí do Mhícheál Breathnach

Ag ceiliúradh a bhíothas i nGaoth Dobhair i nDún na nGall agus Craobh an Chontae buaite acu ach briseadh croí a bhí i ndán d’fhir Chois Fharraige i nGaillimh. Idir an dá linn, an Daingean atá ina ríthe ar Chiarraí Thiar

Foireann Faoi 21 Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh ach briseadh croí do Mhícheál Breathnach

Imreoir Ghaoth Dobhair, Micheal Carroll, agus geansaí an chontae á chaitheamh aige. INPHO/James Crombie

Craobh Faoi 21 buaite den chúigiú huair ag Gaoth Dobhair

Lá ar bith a n-aimsíonn foireann 25 pointe ón imirt, an-seans go mbuafaidh siad agus b’in díreach a tharla i gcás pheileadóirí Ghaoth Dobhair agus nuair a bhuaigh siad Craobh Faoi 21 Dhún na nGall ar an Luan.

Scóráil siad 2-19 san iomlán agus gach scór acu sin ag teacht ón imirt. B’in a ndóthain chun bua sé phointe a thabhairt dóibh in aghaidh Aodha Ruadh sa chluiche ceannais i bPáirc Mhic Chumhaill.

Ba iad Aodh Ruadh a bhí chun cinn ag leath ama, 2-8 in aghaidh 1-9, agus ba iad Colm Kelly agus David McGurrin a d’aimsigh na cúil d’fhoireann Bhéal Átha Seanaidh sa chéad leath sin. Michael Carroll a fuair cúl Ghaoth Dobhair agus bhí tionchar ar leith aige ar an teacht aniar a rinne a fhoireann sa dara leath.

Bhí an bhearna laghdaithe acu go dtí aon phointe amháin go luath i ndiaidh an bhrisidh ach bháigh Éamonn McGrath cúl eile san eangach chun farasbarr Aodha Ruadh a mhéadú arís. Mhúscail an cúl sin buachaillí Ghaoth Dobhair áfach agus bhí smacht iomlán ar an imirt acu as sin go deireadh an chluiche.

D’aimsigh siad sé phointe as a chéile chun dul chun tosaigh ar a gcéilí comhraic agus faoin am ar scóráil Odhrán Ferry-McFadden an dara cúl do Ghaoth Dobhair in am gortuithe, bhí an bua deimhnithe cheana féin acu.

An Daingean ina ríthe ar Chiarraí Thiar arís

Ba iad an Daingean a thug an svae leo i gcath na gcomharsan idir iad féin agus an Ghaeltacht, 0-18 i gcoinne 1-13.

Cé nach raibh ach dhá phointe ag scaradh na bhfoirne ag deireadh na himeartha, ba ag an Daingean a bhí forlámhas ó thús deireadh. Bhí siad seacht bpointe chun cinn agus ceann scríbe beagnach sroichte agus cé gur aimsigh an Ghaeltacht 1-2 sa chúpla nóiméad deireanach (Éanna Ó Conchúir a scóráil an cúl), ní raibh an Daingean riamh i mbaol.

B’iad ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus an triúr Geaney, Conor, Mikey agus Paul, a d’aimsigh na scóranna chun an Daingean a chur trí phointe chun cinn, 0-3 in aghaidh 0-0, agus gan ach deich nóiméad imeartha. D’fhág Dara Ó Sé na Gaeltachta a lorg ar chlár na scór go luath ina dhiaidh sin, ach bhí na scóranna ag teacht níos saoráidí d’fhir an Daingin agus an bhearna méadaithe acu go dtí sé phointe, 0-11 in aghaidh 0-5, ag leath ama.

Laghdaigh pointí ó Dhara Ó Sé agus Seán M. Ó Conchúir an bhearna don Ghaeltacht luath sa dara leath ach ní raibh siad riamh in ann preab a bhaint as an Daingean. Bhí an Ghaeltacht ag brath an iomarca ar Sheán M. Ó Conchúir agus Éanna Ó Conchúir chun deiseanna a chruthú agus nuair a d’aimsigh Paul Geaney, Tomás Mac an tSíthigh, Conor Geaney agus Cathal Ó Bambaire tuilleadh pointí don Daingean ag teannadh le deireadh an chluiche, bhí farasbarr acu a d’fhág go raibh siad ar a gcompord, fiú nuair a chuir an Ghaeltacht críoch láidir leis an gcluiche.

Cliseadh tubaisteach do pheileadóirí Mhícheál Breathnach

Agus nóiméad d’am gortuithe imeartha i gcluiche ceannais Chraobh Faoi 21 B na Gaillimhe an Domhnach seo caite, bhreathnaigh sé go raibh an beart déanta ag cumann Micheál Breathnach agus iad trí phointe chun cinn ar Chathair Loistreáin i bPáirc an Phiarsaigh. Ní hamhlaidh a bhí ach ba é an briseadh croí a bhí i ndán d’fhir Indreabháin agus teacht aniar dochreidte i ndán do Chathair Loistreáin san am a bhí fágtha.

D’aimsigh Kevin Nally cúl gleoite chun na foirne a thabhairt ar comhscór sular aimsigh Gary O’Neill agus Conor Faulkner na pointí a chinntigh an bua d’fhoireann thuaisceart na Gaillimhe, 1-17 in aghaidh 2-11.

Ba dhrochbhuille é do na Breathnaigh mar ba ar éigean a d’fhéadfaí na foirne a scaradh i rith an 60 nóiméad. Cothrom a bhí siad ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-8, Dara Mac Gearailt ag aimsiú cúl d’fhoireann Chois Fharraige ó chic éirice, agus nuair a d’aimsigh Brian Ó Maoileoin cúl eile dóibh ag tús an dara leath, bhí cuma na maitheasa orthu.

Fiú nuair a tháing Cathair Loistreáin ar ais ó na buillí sin chun an scór a chothromú, chuaigh Micheál Breathnach chun cinn arís agus d’aimsigh siad trí phointe as a chéile sna deich nóiméad deireanach. B’in an uair a cuireadh tús le haiséirí a gcéilí comhraic.