‘Foilsítear dréacht de rialacháin nua teanga sula leasófar an tAcht Teanga’

Deir Conradh na Gaeilge go mbeadh sé ‘inmholta’ go bhfeicfí cad a bheidh i gceist sna rialacháin nua ar a mbeidh go leor den reachtaíocht teanga nua ag brath

‘Foilsítear dréacht de rialacháin nua teanga sula leasófar an tAcht Teanga’

Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn

Ba cheart dréacht a fhoilsiú de na rialacháin nua a bheidh le déanamh de bharr na leasuithe atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla sula nglacfar le haon leasuithe ar an Acht féin, dar le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

I dtús na míosa seo caite, d’fhoilsigh Seán Kyne TD, a bhí ina aire stáit Gaeltachta ag an am, ceannteidil an bhille le leasuithe a dhéanamh ar an Acht Teanga agus ghlac an Rialtas leo. Leagtar síos sna ceannteidil sin go mbeidh rialacháin nua le déanamh le héifeacht a thabhairt do chuid mhaith de na leasuithe atá le déanamh ar an Acht.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh an Gaeilge gur chun leas na reachtaíochta a bheadh sé dá mbeadh deis ann na rialacháin sin a scrúdú sula ndéanfar na leasuithe ar an Acht féin.

Dúirt Julian de Spáinn go mbeadh sé “ina chabhair mhór” agus an reachtaíocht á stiúradh trí Thithe an Oireachtais go mbeadh seans ann na rialacháin a phlé chomh maith.

Mhol Coiste de chuid Thithe an Oireachtais an cur chuige céanna nuair a bhí reachtaíocht eile á scrúdú acu le gairid.

D’iarr baill an Coiste Oideachais agus iad i mbun anailís ar an mbille iontrála scoileanna an mhí seo caite go bhfoilseofaí “láithreach” na dréachtrialacháin a bhaineann leis an mBille le go mbeadh deis acu na dréachtrialacháin sin ‘a scagadh sula mbaineann an Bille céim an Choiste amach i dTithe an Oireachtais’, a dúradh.

Faoi na leasuithe atá molta ar an Acht Teanga, tá sé cinn d’fhorálacha i gceist faoina mbeadh rialachán le déanamh ag Aire an Gaeltachta le brí a thabhairt don reachtaíocht nua.

Bainfidh na rialacháin sin le dearadh dátheangach ar fhoirmeacha oifigiúla, dáileadh baill foirne le líofacht i nGaeilge ar na ranna rialtais éagsúla, fíneálacha a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí nach gcloífidh lena ndualgais teanga, socruithe faoi úsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge agus uasdátú ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoin Acht.

De réir na leasuithe atá molta ar an Acht, cuirfear deireadh freisin le córas na scéimeanna teanga agus beidh rialacháin nua le déanamh ag an Aire le bunús a chur faoi chóras ‘caighdeáin’ maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí an Stáit.

Gan radharc roimh ré ar dhréacht de na rialacháin sin, ba dheacair d’eagraíochtaí ar nós Chonradh na Gaeilge nó baill de Thithe an Oireachtais breithiúnas a thabhairt ar éifeacht an chórais nua atá á bheartú mar mhalairt ar na scéimeanna teanga.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill i mí Aibreáin go raibh córas na scéimeanna teanga “ar seachrán” agus “dulta i ndísc,” agus dúirt sé gur mhinic a rinne an córas sin “laghdú” ar “líon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge” seachas cur leo.

Chuir an Coimisinéir Teanga, Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra fáilte mhór roimh na ceannteidil nua.

Fág freagra ar '‘Foilsítear dréacht de rialacháin nua teanga sula leasófar an tAcht Teanga’'