Fógra ‘stairiúil’ ó Ord Siúracha na Carthanachta nach mbeidh aon bhaint acu le hospidéal máithreachais

I ráiteas a chuir siad amach inniu, dúirt Ord Siúracha na Carthanachta nach mbeadh aon bhaint acu leis an ospidéal nua atá le tógáil ar a gcampas i mBaile Átha Cliath

Fógra ‘stairiúil’ ó Ord Siúracha na Carthanachta nach mbeidh aon bhaint acu le hospidéal máithreachais

Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte Simon Harris roimh fhógra “stairiúil” Ord Siúracha na Carthanachta nach mbeidh aon bhaint acu feasta leis an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais nua.

I ráiteas a chuir siad amach inniu, dúirt Ord Siúracha na Carthanachta nach mbeadh aon bhaint acu leis an ospidéal nua atá le tógáil ar a gcampas i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ná le Grúpa Cúram Sláinte Naomh Uinseann.

“Ach an oiread lenár mbunaitheoir Mary Aikenhead a thuig i 1834 go raibh gá le hospidéal nua a bhunú le freastal ar dhaoine bochta agus breoite, tuigimidne gur ar leas na n-othar san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais agus páistí a thiocfaidh ar an saol ann go gcuirfí ar fáil dóibh seirbhísí máithreachais agus nua-naíocha nua-aimseartha atá dírithe, mar chuid de champas Elm Park, ar mhná agus leanaí,” a dúirt an tSiúr Mary Christian, ceannaire Ord Siúracha na Carthanachta.

Bhain conspóid mhór leis an scéala go mbeadh baint ag Ord Siúracha na Carthanachta leis an ospidéal náisiúnta máithreachais nua.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur “tráthúil” an fógra nach mbeidh aon bhaint ag Ord Siúracha na Carthanachta leis an ospidéal nua.

“Téann sé [an cinneadh] i ngleic go díreach leis an imní a bhí ar dhaoine faoi thionchar a bheith ag lucht creidimh ar an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais agus léiríonn sé athuair an ról dearfach ag na Siúracha i gcur i gcrích an togra shuntasaigh seo,” a dúirt an tAire Harris.