Fógra pianbhreithe Fhionbhair Uí Bhaoill curtha ar athló i gContae an Chabháin

Phléadáil Ó Baoill ciontach an bhliain seo caite as suim €200,000 a bhí ag dul do Scoil Náisiúnta Chill na Leice ón Roinn Coimirce Sóisialaí a ghoid

Fógra pianbhreithe Fhionbhair Uí Bhaoill curtha ar athló i gContae an Chabháin

Cuireadh fógra pianbhreithe Fhionbhair Uí Bhaoill, as Ard an Rátha i dTír Chonaill, ar athló i gCúirt Chuarda Choiriúil an Chabháin inniu. Phléadáil Ó Baoill ciontach as suim €200,000 a bhí ag dul do Scoil Náisiúnta Chill na Leice ón Roinn Coimirce Sóisialaí a ghoid.

Thug an Breitheamh John Aylmer bliain d’Ó Baoill, i mí na Nollag na bliana seo caite, €25,000 den €200,000 a ghoid sé a íoc ar ais agus chuir sé fógra a phianbhreithe ar athló go dtí an mhí seo. Cuireadh siar arís inniu é agus tuigtear do Tuairisc.ie gur thart ar mhí na Nollag na bliana 2017 a bheidh Ó Baoill os comhair na cúirte arís.

Cé nach raibh an Breitheamh Aylmer sásta aon gheallúint a thabhairt uaidh, dúirt sé go raibh sé ag smaoineamh gan téarma príosúin a ghearradh ar Ó Baoill anuraidh. Níorbh é an Breitheamh Aylmer a bhí sa chúirt inniu, áfach, agus is mar gheall air sin a cuireadh siar an fógra pianbhreithe. 

Bhí Ó Baoill ina phríomhoide ar an scoil nuair a goideadh an t-airgead. Dúirt sé leis an gcomhlacht lónadóireachta a bhíodh ag soláthar béilí sa scoil gur cuireadh stop leis an deontas ón Roinn Coimirce Shóisialaí agus nach bhféadfaí na béilí a cheannach níos mó. Níor stopadh an deontas sin ar chor ar bith, áfach, agus ba é Ó Baoill féin a thóg an t-airgead a bhí ag teacht isteach ón Roinn.

Thug an Sáirsint Michael Fitzpatrick, a chaith dhá bhliain ag fiosrú an cháis, le fios sa chúirt gur ar bhéilí, laethanta saoire, ar a charr agus ar threalamh chostasach gailf agus turais ghailf sa Spáinn a chaith Ó Baoill an t-airgead. D’úsáid sé cuid den airgead a ghoid sé chun a bhillí tí agus morgáiste a íoc freisin. Chaith sé €66,000 ar chárta creidmheasa amháin de chuid na scoile.

Dúirt an Sáirsint Fitzpatrick gur bhuille tubaisteach é an goideadh agus an falsú don bhaile beag a raibh Ó Baoill ina phríomhoide ar an mbunscoil ann ó 2005.

Thug roinnt múinteoirí teistiméireachtaí sa chúirt ar son Uí Bhaoill anuraidh, ina measc sin Gerry Murphy ó Choláiste Rann na Feirste. Dúirt Murphy gur cheart a bheith bog ar Ó Baoill mar gur múinteoir den scoth a bhí ann a rinne botún.

Bhí aithne mhaith ar Ó Baoill freisin i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Thug sé seal ag obair san eagras CeangalG mar bhainisteoir traenála agus bhíodh sé ag múineadh Gaeilge go rialta i gcoláiste samhraidh i Rann na Feirste.

Fág freagra ar 'Fógra pianbhreithe Fhionbhair Uí Bhaoill curtha ar athló i gContae an Chabháin'