Foclóir Briathra Gaeilge seolta ar Pota Focal

Tá an FBG bunaithe ar thaighde acadúil atá ar siúl le blianta ag an teangeolaí clúiteach an Dr Ardnt Wigger agus a chomhghleacaithe sa Ghearmáin

Foclóir Briathra Gaeilge seolta ar Pota Focal

Tá acmhainn nua ar fáil ón lá inniu ar an suíomh foclóra PotaFocal.com a thugann léiriú ar na bríonna agus ar na patrúin úsáide a bhaineann le briathra na Gaeilge.

Is foclóir nuascríofa é an Foclóir Briathra Gaeilge (FBG) a dhéanann “doiciméadú cruinn, córasach” ar bhriathra na teanga.

Tá an FBG bunaithe ar thaighde acadúil atá ar siúl le blianta ag an teangeolaí clúiteach an Dr Ardnt Wigger agus a chomhghleacaithe in ollscoileanna Wuppertal agus Bonn sa Ghearmáin.  Rinne na taighdeoirí anailís ar bhriathra na Gaeilge i gcorpas mór téacs agus tiomsaíodh bunachar sonraí ina bhfuil doiciméadú agus rangú déanta ar ghnéithe séimeantaice agus comhréire na mbriathra mar aon le sonraí eile.

Is ar an dá chorpas Caint Chonamara agus Corpas Náisiúnta na Gaeilge atá an FGB bunaithe. Is corpas den teanga labhartha atá i Caint Chonamara agus corpas den teanga scríofa den chuid is mó é an Corpas Náisiúnta. Tharraing an fhoireann ar an dá chineál corpais sin le “pictiúr réalaíoch” a tharraingt de Ghaeilge an 20ú haois.

Tá tuairim is 200 briathar san fhoclóir faoi láthair agus 100 ceann eile ullmhaithe le cur ar fail amach anseo Tá idir bhriathra coitianta – leithéidí ‘cuir’, ‘déan’ agus ‘bain’ – agus briathra nach n-úsáidtear chomh minic céanna – leithéidí ‘coisc’, ‘baist’, agus ‘clis’ – curtha ar fáil. Dúirt urlabhraí de chuid na foirne go mbeifí sásta glacadh le moltaí ón bpobal don fhoclóir.

Tá an áis nua ar fáil mar chuid de Pota Focal, ceann de na suímh foclóireachta Gaeilge is aitheanta ar líne. Tá sé ar fáil le híoslódáil faoi cheadúnas oscailte freisin, rud a thabharfaidh deis do lucht taighde leas a bhaint as go saoráideach agus saor ó chostas.

Fág freagra ar 'Foclóir Briathra Gaeilge seolta ar Pota Focal'

  • Feardorcha

    Foclóir Briathra Chonamara is dócha a bhí i gceist acu tabhairt air, shílfeá, más bunaithe ar chaint na muintire sin atá sé.