Aighneas idir Comhairleoirí Chonamara faoi chaint maidir le ‘gealtachas’ agus bóthar an N59

D'fhág an Comhairleoir Eileen Mannion cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara “le teann déistin” agus díomá uirthi faoi chaint Chomhairleoirí eile

Oughterard Road N59 Connemara

“Gealtachas de chineál éigin” a bheadh ar an té a cheapfadh nach raibh mórfhorbairt ag teastáil ar an N59, an bóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite i gConamara, a dúirt an Comhairleoir Contae, Seosamh Ó Cualáin ag cruinniú de Chomhairle Bhardasach Chonamara an tseachtain seo.  Ní maith a thaitnigh an chaint agus na comparáidí sin leis an gComhairleoir Contae, Eileen Mannion.  Dúirt sise go mba dhona léi gur labhair an Comhairleoir Ó Cualáin mar sin.  “Bhí scamall ar an té a raibh deacracht shíciatrach air sa tír seo sna blianta a caitheadh agus ní raibh a leithéid sin de chaint cóiriúil,” a dúirt sí. 

Dúirt sí gur cheart don Chomhairleoir Ó Cualáin an téarmaíocht sin a tharraingt siar. 

Nuair a fuair sé deis chainte arís d’athraigh an Comhairleoir Ó Cualáin a chuid cainte de bheagán:  “An té nach bhfeiceann go bhfuil an bóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite thar a bheith go dona, tá rud éicint as cor leis agus ní sna cosa ná sna lámha atá an mhairg air,” arsa Seosamh Ó Cualáin.

Tar éis do Mannion caint Uí Chualáin a cháineadh arís, thug sé le fios nach dtarraingeodh sé siar an chaint a bhí déanta aige. Dúirt an Comhairleoir Séamus Breathnach go raibh an Comhairleoir Mannion ag éirí ró-ghoilliúnach faoin ráiteas a bhí déanta ag Ó Cualáin.  “Nach hin cuid den chaint dhúchasach atá againn. Abraíonn muid gur cheart do dhuine ‘teist’ a fháil déanta ar a cheann ach ní thugann tú mórán suntais de sin,” a dúirt Breathnach. Dúirt an Comhairleoir Mannion go mba dhíol suntais agus díomá téarmaíocht an Chomhairleora Uí Chualáin agus d’fhág sí an cruinniú “le teann déistin”.

Tháinig ceist an N59 chun cinn tar éis do Stiúrthóir Rannóg na mBóithre sa gComhairle Contae, Liam Ó Gabháin, eolas a thabhairt faoin idirbheartaíocht maidir leis an mbóthar atá ar bun idir feidhmeannaigh na Comhairle agus lucht na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. 

De réir coinníoll sa gcead forbartha a thug an Bord Pleanála don stráice seo bóthair, chaithfeadh Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bheith sásta le pleananna oibre na Comhairle Contae sula  ligfí don obair a dhul ar aghaidh.

Cheana féin, tá dhá bhliain go leith caite ag plé na gceisteanna timpeallachta sin.

Dúirt Liam Ó Gabháin go bhfuil ocht gcinn de cháipéisí curtha i dtoll a chéile ag innealtóirí agus saineolaithe na Comhairle Contae agus iad seolta ag lucht na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. 

Níl freagra tugtha acu ach ar phéire de na cáipéisí seo fiú agus tá an chuid eile curtha ar aghaidh le tamall maith, a dúirt sé.

Dúirt an Comhairleoir Tomás Welby gur ait an rud é nach bhfuil freagraí ag teacht ó Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar cháipéisí atá á gcur chucu.  “Mura mbeadh ann ach an ghnáthchúirtéis a mbeifeá ag súil leis, nach silfeá go dtiocfadh freagra ar cháipéis atá curtha i láthair dreama eile ag an gComhairle,” arsa an Comhairleoir Welby.  Tá sé ina amhras air féin, a deir Welby, go bhfuil ‘pearsantachtaí’ i gceist sa scéal uilig.  “Is bocht an scéal é má tá duine nó daoine atá bearránach agus borb ag cur plean an bhóthair i mbaol,” a deir sé.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Bhardasach Chonamara, Noel Thomas, go mba bhocht an scéal é dá mbeadh aon aighnis phearsanta ag coinneáil moille ar shocrú maidir leis an mbóthar idir Uachtar Ard agus an Teach Dóite. 

Ba dheacair a rá cén chaoi a dtiocfaí as “an tsáinn seo,” a dúirt Noel Thomas.

Fág freagra ar 'Aighneas idir Comhairleoirí Chonamara faoi chaint maidir le ‘gealtachas’ agus bóthar an N59'

  • Páid Ó Donnchú

    Agus mé ag léamh an t-alt, rith sé liom go raibh páirt níos mó ag gaelachas ná gealtachas sa scéal uilig.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is trua nach bhfuil ceannlitreacha na bpáirtithe polaitíochta le ainmneacha na gcomhairleoirí seo. B’fhéidir go bhfuil muintir na Gaillimhe eolach orthu ach goidé fá’n chuid eile againn?

  • Pol Mag Lionáin

    Beidh orainn athmhachnamh a dhéanamh ar ár ndúshlán spóirt ‘Gealtacht sa Ghaeltacht’ an tsamhraidh seo i Spleodar! (‘Cuireann sé soir mé’ agus ‘cuireann sé saighlim orm’ a ghlanadh ón gcaint freisin)