FOCAL IS FUAIM: Sliocht as ‘Tá Solas ná hÉagann Choíche’

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Pádraig Ó Cíobháin atá againn

PO Ciobhain

Ciel! Amour! Liberté! Quel rêve, ô pauvre Folle! (Flaitheas Dé! Grá! Saoirse! Goidé taibhreamh, a Ghearrchaile bhoicht buile!)

Is iad mo thaibhsimh na clocha is airde ar mo phaidrín. Ná ceap ar a shon san gur duine reiligiúnach ná fuarchráifeach mé. Samhlaím fuacht le cráifeacht mar go gcrithim roimh an dtaobh istigh d’fhallaí séipéil pé meathbhabhta a ráiníonn dom a bheith ar an dtaobh san dá dtearmannchiorcal.

Nuair a fhaighim cuirí ar phóstaí mo chairde is minicí sin dom. Tá gach éinne acu ag pósadh na laethanta seo. Ar nós gur béas leis an nós san go leanann an fonn gabháil leis an duine nuair a shroicheann sé an áirithe sin aoise. Táim féin cúig mbliana fichead agus tá a bhformhór súd ar chomhaos liom. Is lom an chonair í nuair a chuimhním air. Gan aon oidhre uirthi ach mar a chiúálfá don mbus. Gach éinne sa scuaine ar aon loime saoil leat ag an bpointe díreach san, comhionannaithe ag an bhfonn gabháil an treo céanna sa bhfeithicil chéanna. Beid súd uile a phós san aon bhliain ag ceiliúradh a gcéad bhliain pósta, agus a iubhaile cúig mbliana fichead sa bhliain chéanna, gan de dheifir eatarthu agus iad súd a phós an bhliain ina ndiaidh ach an dá mhí dhéag. Fásfaidh a gclann aníos ina bplandaí breátha neamhspleácha go dtí go dtaibhreoid ar fháil spleách ar a gcéilí féin.

Deirtear nach ionann dul go tigh an rí agus teacht as. Fuaireas cuireadh le déanaí. Mo sheanchara Colm a bhí i mbun is dul ag pósadh. An gnáthchuireadh. Bí ann agus beir do pháirtí leat, RSVP. Bhíos chun a rá leis ná raghainn mar ná raibh aon pháirtí agam ach ansan arís dúrt liom féin; ‘go mbeire an diabhal leis é mar shaol.’ Tá a fhios agat mar a bheirimid na dúshláin fholamha fhalsa dúinn féin.

Baisleac ab ea an séipéal. Chuireas an-shuim ina chuid ailtireachta ón dtaobh amuigh agus níos mó ná san fós nuair a fuaireas mé féin laistigh. Lean so an patrún fírinneach baislice: fuinneoga fada cúnga sa bhfalla go hard de dhroim chorp an tséipéil. Dhá thaobhroinn go sciathánach ag síneadh amach uaidh, mar a bheidís ag prapáil struchtúr an choirp. Cúlbhá ar an dtaobh thoir agus a dhíon cruinneachánach go maorga in aithris ar dhéanamh comhchruinn na spéire. D’fheacas glúin. Dhruideas isteach ar cheann de na stólanna ar chúl ag déanamh mo mhachnaimh ar an analach a mhúscail an ailtireacht i m’intinn. Gheobhadh Bríd – an bhrídeog – aníos ceann de na taobhranna. A gúna pósta gléigeal go sciathánach á prapáil suas agus í ag seoladh i dtreo Choilm – corplár a cumainn – go mbeadh sí mar thaobhroinn aige an dá lá dhéag a mhairfidís.

Chritheas leis an bhfuacht agus mé i mbun mo rinnfheithimh, glór caointe an orgáin ag teacht go hochlánach ó ionad éigin san áiléir de dhroim mo chinn anairde. Bhraitheas mar a cheapfainn a bheinn dá mbeinn daortha chun mo chrochta. Anois, ní dóigh liom go dtarlóidh san go deo dom. Níl marú duine ar iompar agam d’éinne, agus ní déarfainn go mbeadh choíche, sé sin mura dtagann claochló orm ná féadfadh a theacht, dar liom anois. Ach conas ar a shon san, go dtaibhrím chomh minic is a dheinim ar a leithéid de dhroch-chríoch a bheith i mo dhán? An comhartha é ar eagla éigin eile?

Féach mar seo ar mo bhruadar. Feicim mé féin á mháirseáil amach ar ardán mo chrochta. Tá sé i lár sráide móire ar nós Shráid Thomáis nuair a crochadh Emmet. Nach ait go samhlaím ná fuil faic sa timpeall ach gramaisc de sans culottes, fé mar a bheadh nasc diamhair ag cúinne éigin de mo shícé le Páras na réabhlóide? Tagann an crochadóir laistiar díom agus sánn chun cinn mé i dtreo na cnáibe, eascaine á chur agam leis trí m’fhiacla toisc go mbraithim pian mar a mbuail cruas a dhoirn lag mo dhroma. Conas go ndeinim oiread siansa de sin agus a bhfuil romham le fulag? Doirchíonn an chruinne i mo thimpeall. Tá húda dubh sáite aige síos ar mo cheann. Is mór liom agam an doircheacht atá mar chlúid ar mo radharc. Samhlaím go bhfuil súile na mílte orm. Éiríonn sioscarnach ciúnais os na sans culottes, pláitíní a nglún á scríobadh acu de chlocha pábhála na sráide. Tá trua agam dóibh. Braithim teannadh na cnáibe ag úll mo phíobáin. Samhlaím gur róipín é agus nach téadán. De réir mo thaithí ar an dara earra is tathagúla go mór a thaibhseodh sé dom ar é a láimhseáil, rud ná raibh aon dul agam a dhéanamh mar go raibh mo lámha ceangailte taobh thiar de mo dhrom. Ach dheineas mo dhícheall. Chuimlíos le mo ghiall é agus ba chaol liom a ramhaire. Thug an méid sin sástacht aigne dom sular osclaíodh an chomhla thíos fúm agus gur scaoileadh liom le fánaidh an phoill síos sa duibheagán gur dhúisíos taobh le Clár – cailín dár thugas searc agus síorghrá beagthrá roimis seo. Mé daortha chun a pósta cois rálach ar nós an chinn seo uaim suas. Ar a tharrac a bheadh mo shábháil agam, agus theannas léi isteach d’fhonn géilleadh don sonas a choisric mo chroí.

Ba í Clár an t-aon bhean gur ráinig dom cuireadh fháil ar phóstaí faid a bhíos ag dul amach léi. Thugamar dhá bhliain le chéile agus i dtaobh go raibh súil gur cois altóra a thirimeofaí isteach sinn, d’fhaighimís a lán cuirí. Chaith go rabhas ar thrí nó a ceathair acu léi ach go ndeineann ceann amháin díobh uile de réir mar a tháithím ar a chéile m’eispéireas. Gan dabht bíonn súil go gcúiteofaí an cuireadh agus nuair a leáigh an seans inár gcásna go dtarlódh san, d’fhánaigh ar na cuirí.

Níl fanta i mo chuimhne ach searmanais fhadálacha fhuara, iontonú mín an tsagairt ag bagairt chearta an phósta ar an lánúin. Bainis ansan in óstán éigin i mbaile margaidh go mbeadh fadaithe as ag bréagrachmas na seachtóidí. Ollmhargadh Dunnes an-sheans, nó Quinnsworth seans, amuigh ar a chiumhais. Soilse neoin plaisteacha go réiltíneach i lár an bhaile ag fógairt Down Town Grill, nó Pat Grace’s Fried Chicken, d’fhonn goile falsa na dí tar éis rámhaill an lae a shásamh. Ach chun filleadh ar shibhialtacht na hócáide cruinním chugam focail chruiceogacha an fhir a sheas leis an bhfear nuaphósta go raibh aithne acu ar a chéile ó bhíodar beirt ar aon choláiste. Gur imríodar caid nó iománaíocht le chéile, nó go rabhadar rannpháirteach i mbéas éigin de na béascnaí a leanann a ngníomhaíocht ina siúidchultúr suaithinseach féin.

Deirim ‘focail chruiceogacha’ mar gur maith liom an t-analach idir sinne suite chun boird anso sa Manhattan Hotel nó sa Munster Hotel, agus beacha. Iad disciplínithe ag dualgas a n-oiriúnaithe ar mhil a bhailiú os na bláthanna bladhmannacha ina dtimpeallacht, agus lán prócaí di a bhreith abhaile leo chun na cruiceoige, díreach de bhrí gur gné thábhachtach dár mbeatha, idir dhuine agus ainmhí, an soláthar a dhéanamh.

Buaileann duine éigin gloine fholamh le cois spúnóige. Titeann sánas ar a bhfuil cois na mbord. Deineann meathdhuine mioncháithreach, fé mar a theilgfí sinn thar n-ais arís ’on tséipéal inar coiscriceadh cumann na lánúine. Seasann an ceiliúraí a cheangail an cumann agus labhrann amach sa tuin bhéasach mháistriúil chéanna ag fógairt ar an gcomhthalán gurb é a gceart éisteacht a thabhairt don bhfear a sheas lena pháirtí agus a bheadh ina theanga labhartha anois ar a shon.

Deineann glór mhionchloigín de thorann na spúnóige agus fanaimid uile le teacht an tsagairt amach ar an altóir, d’fhonn go dtabharfaimís fianaise ar cheangal Dé ar an gcumann idir Colm agus Bríd ar an láthair seo inniu. Éiríonn fuaim an orgáin go méadaíonn a neart agus a mhire, curtha leis d’aonghuth ag an gcór. Tá an dá ghluaiseacht a thionlacann an ceol go seolta – teacht i láthair an cheiliúraithe agus fuaim mhionthruslógach éadromchosach na brídeoige Bríd, tagtha i dtír i dtaobhroinn lárnach an tséipéil.

Sileann solas priosmach thuar ceatha isteach trí chaoile gach fuinneoige agus deinim iarracht teacht ar an bhfórsa sa bhean go rabhthas i mbun a féiníobartha a thuar di ar altóir a pósta. Feicim an ceiliúraí uaim suas, a dhá ghéag ar dianleathadh, mar a bheadh oscailt aige ar chomhla éigin a d’iafadh an searmanas uirthi. A bhagródh urithi a bheith ina máthair agus a ról giniúna a bhreith chun tíreachais. Feicim leamhgháire air agus ar a chomhghuaillí, an céile, an claonadh ginitiúil céanna sa bheirt acu. Beartaím dom féin gur fireann an bheart é. Filleann mo thrua di ina bhrat i mo thimpeall, a drom ag druidim uaim, a hathair taobh léi á seoladh chun a daonníobartha, mé i m’ágar ar a todhchaí. Sinn uile anso inniu, giniúint Ádhaimh, inár bhfinnéithe. Machnaím ar mhistéir Mhuire gan Smál as ar eascair giniúint Chríost. Agus siar liom d’fhonn teacht ar thobar an ghrá ghintlí as ar eascair an fonn ionainn é a choiscreacan.

Je ne me crois pas embarqué pour une noce avec Jésus-Christ pour beaupére. (Ní cheapaim go bhfuilim i mbun pósadh a tharrac orm féin, agus Íosa Críost a bheith mar athair céile agam.) – Rimbaud, Une Saison En Enfer.

Ceithre mhí tar éis dom bualadh leat, a Chláir, a thiteas i ngrá i gceart ar dtúis leat. Deirim ‘ar dtúis’ mar nárbh aon titim amháin agam é. Gach aon uair a thaibhrím ort titim. Braithim mo chroí ag luascadh mar a bheadh luamhán cloig, m’anbhá ag éirí agus ag ísliú de réir a rithime. Mo cheol é an grá. Toisc san a chumtar amhráin fé. Is purgú é aniar ó ré Avicenna. Is príosúnú soilseach priosmach é gur maith don gcroí a bheith ina dhán ó am go chéile.

Anois cuirim do chraiceann ar chnámha mo scéil. Cneas slim, donn ag grian an tsamhraidh ádhmhair úd. Teas ag éirí de chorp gach machaire, an fear dreoite ag gathú na gréine, chomh maith is dá bé an Meseta é. Ó íochtar na dúthaí ab ea tú, ach is cois cósta a bhuaileas leat. Le linn ár dtríú dáil choinne a cheansaíos m’anbhá, gur luíos mo bheola ar mhachaire do bhoilg, do chrobh ag tacú le mo chúl le go bpógfainn tú ó d’imleacán go dtí do pubis angelica. Mata bláthmhar go fada fásta ar chuas do pheilbhis, ar chuma bhrait shlánlusa mara ar bhruach faille go mbeinn ina barra. Líoracas do cheannaithe, bholathaíos blas mismíneach do chraicinn i mám do bhrollaigh.

‘Dein arís é,’ a dúraís, do ghiorranalú go te bogthais i mo chluasa.

‘I gcead duit, déanfad,’ a dúrt, agus dheineas arís agus arís eile é. Cad ná déanfainn duit, a stór? Líon mo ghrá duit suas mé ag baint mo mheabhrach díom mar a dhéanfadh corn Baccasach fíona. Bhraitheas mar a bheinn á shú thar n-ais in áras gabhálach do bhroinne, mé ar aon leat. Gach adamh de m’eisint iompaithe baineann agat, mo cholainn chloíte á leá i lasair choinneal mo sheirce a dhein an croí ionam a sheargadh. Thaoscais chugat le d’áras a raibh de ghrá ionam. Leanas orm ó ló go ló ag leá liom.

Mairim ag maireachtaint ionat, is ar an gcaoi seo téarnaím. Ní mhairim ionam féin a thuilleadh. Deineann tusa díom. Ní mhairim dom féin a thuilleadh. Mairim duitse. Cad is fiú dom maireachtaint gan tú? D’aontóinn go huile lena ndúirt Naomh Eoin na Croise nuair a chuir sé a chás mar seo:

Ní beatha an bheatha so
atá níos déine ná frithbheatha,
fulag gan bás é
is tusa as láthair.

Nuair a scaradh an saol ó chéile sinn, de bhrí go gcaiteása bailiú leat síos chun do mhachaire dúthaí in íochtar na tíre, chaoininn mo chás. Thugainn fén gcnoc agus ansan fén dtráigh i m’fhiagaí aonrach ag seilg mo mhaoinsmaointe ort, a d’fhuadaíodh m’intinn. Is ar an gcuma san a bhíomar ag a chéile. Deirim é sin mar nuair a scríteá chugam deirteá go mbraiteá féin mar a chéile. Mar so a chuirís uair é:

Tá cúig lá imithe ó d’fhágas, agus cúig lá ó chuiris an litir chugam. Tagann deora liom anois agus mé á léamh mar tuigimse go maith cén t-uaigneas atá ort agus mo chroí féin á mhothú. Is ionann a ndeir tú inti agus a mbraithim féin go díreach.

Feacaim glúin i lár cosán giorria, maoilinn mhaolchnoic bainte amach agam d’fhonn is a bheith liom féin chun d’eipistil a léamh. Braithim an ghrian ar mo chúl ag dó mo gheirbe. Is gearb d’easnamh ar ghoint mo ghrá dhuit. Uiscíonn mo shúile, mar a bheadh claochló tagtha ar an uain agus go raibh an nimh ar an ngaoth anoir aduaidh. Ar iompó an tairne braithim an grá so ag siocadh mo chroí, greim bhíse aige air. Agus ar iompó eile a thabhairt don dtairne bhraithfinn a chontrárthacht. Bhraithfinn é mar chéir bhalsamach curtha le mo chneá, fáiscthe ina coinne ag fáisceán do ghabhála le linn duit do dhá láimh a chur i mo thimpeall. Is geall le sacán síoch mé, agus mé ag bualadh mo ladhracha tharam aniar ar nós gur sciatháin iad go bhféadfainn eitilt leo ón sioc samhlaitheach so a luíonn ar mhachaire mo mhachaimh.

Ar ndóigh, ní bhíonn ar aon ní ach tamall. Ní féidir leis an each rith an ráis a bheith leis i gcónaí. Thugamar isteach cúrsa ár ngrá. An samhradh úd a chuais go Florida a thosnaigh leis. D’aithníos ar do litreacha é. Thuigeas comharthaí sóirt na bhfocal. Is cuimhin liom gur scrís i gceann de d’eipistilí go rabhais sínte taobh le linn snámha do do ghrianadh féin. Chuireas díom brat allais sular éirigh liom snámh go dtí deireadh na habairte úd. Ní ligfeadh miangas agus macnas na colainne do m’aigne gan mo theanga a shamhlú ag líorac an ionaid V mar ar phóg an ghrian thrópaiceach mhadrúil tú. Agus port buailte agam, léas uait go rabhais clipthe ag na heasanna luachra a bhí go hiomadúil san áit, nó pé ní iad, ní rabhais siúrálta. Tharraigís pictiúir de cheann acu ná raibh aon oidhre air ach mar a bheadh ailigéadar beag. Bhain an dearadh úd siar asam. Níor shamhlaíos riamh aon chumas ealaíontóireachta leat agus b’eo éachtaint dom ar chiumhais de d’aigne ná raibh beirthe agam liom uait. Machnaíodh dom gur súmaireacht mo ghrá duit agus go rabhas tagtha go dtí an bpointe anois go raibh an taoide i mbun tosnú ar chasadh. Dúraís liom a bheith ag Aerfort na Sionainne chun bualadh leat dhá lá ina dhiaidh sin, más rud é go bhfaighinn do litir in am.

Shuíos isteach ’on ghluaisteán an spriocmhaidean úd ag déanamh ar dheireadh mhí Lúnasa chun tabhairt fén Sionnainn. Sceitimíní orm i dtaobh a bheith ag bualadh leat don gcéad uair le dhá mhí agus anbhá i dtaobh anfa m’eagla roimh dheireadh scríbe ár leannánaíochta. Féach go bhfuil solas ann ná héagann choíche, ár dteilgean ó ghrá croí go crá croí agus vice versa, tonnta frithchaiteacha ár saoil.

Bhuail sceon bhuairte mé, nuair a chonac tú chugam trí na doirse dúbalta a fháiltíonn rompu súd atá tar éis filleadh. Ba ghearr go mbeadh do dhá ghéag i mo thimpeall agus bhraitheas fé mo dhéin an cúngú bíse a bhí á fháscadh ag an ndoicheall as mo chroí. Bhraitheas mar a bheinn ag tréigean na saoirse ar mhaithe le cúrsa eile d’aistear ár ngrá a thabhairt isteach. Meáchan na mionrudaí móra mar gheall ort a chuireadh isteach orm ag filleadh orm, de bhrí gur fillte leis a bhíosa ar an aon láthair anso san aerfort gur thugas ann tú chun breith ar an eitleán go hAerfort Mhiami dhá mhí roimh ré.

B’iúd chugam tú. Cuma an aoibhnis ort. Dath gréine Florida gafa lastuas díot. Cheapas go leáfainn. D’fhéachas timpeall féachaint an raibh na fichidí daoine ag tógaint oiread ceann duit is a thógasa. Réabais na doirse ó chéile agus sula raibh a fhios agam cá rabhas bhíos rite chugat, agus mo dhá ghéag spréite agamchun tú a ghabháil chugam. Dheineas amhlaidh, glór ag na buidéil saor ó dhleacht a bhí ar sileadh ó láimh leat. Méireanta na láimhe eile ag snapadh mar a bheadh conairt fé do cheannasaíocht. Bholathaíos mus seasmaine do shlaoda gruaige, agus chorraigh a raibh ionam síos i measc na gcos. An sonas ina sholas geal lonrach mar lóchrann i mo chroí . . .

Dhruidis siar uaim chun go bhféadfainn a rá leat chomh hálainn is a d’fhéachais, eagla ar éinne de bheirt againn a rá chomh maith is a chuaigh an briseadh ó chéile dúinn. Ansan dheinis méanfach ag géilleadh do do thuirse tar éis do thurais ar an scairdeitleán. An t-am anonn ag máinneáil an áirithe sin uaireanta an chloig taobh thiar den am abhus. Thitis do do chodladh ar an slí. Bhaineamar tigh cluthair do mhuintire amach. Fearadh na fáilte romhainn. Do mháthairín a ligfeadh go dtí aon aonach ba mhaith leat tú, seasta ar lic an dorais, dath an aráin plúir ar a haghaidh. Fillte ina leicne leis an imní go mbéarfá na scéalta suimiúla chuici mar gheall ar a gaolta i bhFlorida, go raibh an saol chomh maith acu. An saibhreas gan sánas ag gabháil ina thonnta lastuas díobh. Linn snámha sa chúlghairdín acu agus aonmhac ná raibh ach éirithe as dul le sagartóireacht. Ina dhiaidh sin a déarfá liom mar gheall ar an suim ar leith a chuireabhair ina chéile. Na béilí milbhlasta a bhí amuigh agaibh. An gean a thug sé do do cholainn ach nár bhaineabhair feidhm as a ghéillín binnbhriathrach agus go raibh sé le teacht anall le linn na Nollag. Bíodh is gur beag a ligis fós ort, fuaireas boladh an choimhthíochais uait agus sinn i do sheomra codlata mar a rabhais i mbun luí.

‘Chodlóinn dhá lá as a chéile,’ a dúraís, agus an mhairbheacht ag sleamhnú ina cuilt gheanmnaí anuas ort, mé ansúd suite ar cholbha na leapan. Comhla oscailte i mo chroí ar fholús uafásach a ghoin ó thalamh mé.

‘An mbeir anso nuair a dhúiseod?’

‘Ní móide go mbead más arú amárach é.’

‘Á! Ná bí chomh díomách. Féach, tá a lán le plé againn ach táim tugtha. Fan más maith leat.’

Níor thaithin an focal ‘plé’ liom. Lúbfadh mo chosa fúm dá mbeinn i mo sheasamh agus dhearcas ar chuirtín na míogarnaí ag iamh ar do shúile. D’éalaíos liom as an seomra. Chuas suas ’on chistin agus dúrt le do mháthair a rá leat go gcuirfinn fón ort i gceann dhá lá, agus go n-imeoinn. Is ar an gcuma san a thréig cuid éigin díom tú.

Dheineas fé dhéin mo dhúthaí féin, iarta smaointe i mo cheann do do chaoineadh. Thuigeas ná geobhainn an N22 siar go brách arís sa chaoi go ngaibhinn tamall, nuair a bhíodh an croí ionam go hard agus mé caochta ag mo ghrá duit. An chontráth ag druidim leis an oíche. Soilse na cairte ag líorac na mileanna gabhair cois na gclathach. Agus dá stopfainn chun mo mhún a dhéanamh, nach iad a mus a d’ionsódh céadfa mo bholathaíle, deoir ghéar ghátarach i mo shúil chlé mar ágar thodhchaí ár gcaidrimh. Leanfainn orm ar m’aistear. Machnamh an duine dhoilíosaigh ar bun agam nó go mbuailfinn port sa tsráidbhaile. Go ngeobhainn isteach doras tí tábhairne agus go ndéarfadh duine ar aithnid dom, ar mhaithe liom: ‘do tharrac abhaile é, cad a ólfaidh tú?’

Is fada is eol dom an leigheas ón gcrá croí a bhaineann le caint le mo chomh-mhuintir. De bhrí gur díobh mé. Ar nós an táthfhéithlinn leata ina mhata fairsing ar thaobh claí ceanglaíonn ár gcomhphréamhacha le chéile sinn. Is lucht leirgí cnoc sinn nuair is sa mhínmhachaire a ráiníonn do do phréamhachsa a bheith plandálta. Deineann sé maitheas dom a thuiscint go bhfuil seasta ag stair dheifriúil chine na beirte againn sa bhearna baoil eadrainn. Chloisinn d’athair ag rá gur de stoc na Sasanach a phlandáil an pháirt sin den Mumhain sibh. Is sa bhaile seo Bally amháin a bhraithim saor uait.

Tháinig an t-iarchléireach aimsir na Nollag a bhí chugat. Deirim ‘chugat’ mar go rabhamar scartha ó chéile fén dtráth san. Chuireas amach ar an lic duit ná beinn sásta an méid de do thaithneamh a bhí agat le roinnt a chomhroinnt le héinne eile. Dúraís liom gan a bheith simplí, ná raibh ann ach cara agus go raibh gaol sínte agaibh le chéile pé scéal é. Dheineas amach dom féin gur slibire de shleamhnánaí breá slachtmhar é agus ná cuirfinn suas le haon chuid dá bhladhmann. Ná raghainn chun bualadh leis fiú, ná leatsa dá mbeifeá lena chois.

‘Éirímis as más mar sin é!’ a dúraís. ‘Cé déarfadh go bhféadfá a bheith chomh formadúil?’

D’éiríomar. Is furaist cámas a d’fháil ar an bhformad nuair is tú a fhoinse. Nuair is tú a bhíonn thíos leis is tuisceanaí a bhíonn do chaitheamh ina dhiaidh.

An té go bhfuil an nuachair aige sin é an céile; ach cara an chéile, atá ina sheasamh ag éisteacht leis, tagann racht áthais air de bharr guth an chéile.

Thrilsigh an solas priosmach ó fhuinneoga na slinneán caol sa tséipéal nó gur ghin loinnir imo chliabh. D’adaigh an brosna gurb é pósadh Bhríd agus Choilm é, an tine ná raghadh in éag choíche ar licmo chroí. Dem’ainneoin féin bhraitheas racht áthais ag titim orm de réir mar a chuaigh an searmanas chun cinn. De réir mar a d’iomlánaigh m’áthas don lánúin, bhraitheas mo ghuth indibhidiúil féin a d’fhoilsigh gach ní go dtí seo dom ar an ócáid áirithe seo ag laghdú agus ag laghdú, nó gur ghin an fonn chun beatha an tsaoil phósta a chaitheamh Colm ionam. Ghlacas nár mhór dósan méadú agus domsa laghdú ar nós Eoin Baiste agus Críost. Is sa chomhfhios a bhíos ag maireachtaint na frithbheatha go dtí seo, de bhrí nár rith liomféin agus le Clár. Claochlaím, agus tarraigím siar cuilt an chomhfheasa, d’fhonn teacht ar an mbeatha d’fhéadfadh a bheith sa tsaol eile pósta dom, mar nach duine mé go bhfuil aon fhadhb agam leis an manque d’esprit.

Aisbhreithním mo bhruadar réamhluaite, d’fhonn an tsóláis a mheastar a leanann an grá próiseálaithe ag dea-ghnás an phósta a shlánú. Gabhaim chugam i líontán mo thaibhrimh é. Braithim an gad scornaí ag teannadh ar úll mo phíobáin, an chomhla fé mo bhun ag athoscailt mar a bheadh scannán mo thaibhsimh curtha ar gcúl mionbhuille ag m’alter ego le cnaipe an rialathóra imigéiniúla. Tuirlingím ar chiumhais na haltóra fara Chlár, ár bhfinnéithe agus an sagart a cheiliúrfaidh.

Scallann an cór amach scalladhnótaí an chuirliúin. Is binne liom a cheol, go ndeirtear nach fiú ach toistiún é, ná ceol an fhiliméala. Níl ag an bhfiliméala ach nóta amháin; atá álainn, admhaím. Deir Luc, cara dom a thugann aire d’fhorais in aice Genk na Beilge, gur nóta dúshláin é. Go leanann an filiméala air á bhualadh, d’fhonn dúshlán éanlaith an aeir a thabhairt. Ach tá dhá chasadh sa bhreis i gcaidéinse an chuirliúin agus is diamhaire liom san. Cáil an teacht againn ó mhaireachtaint fé uirísle nádúir rúndiamhrach Dé? Éiríonn ceol an orgáin ina bhladhm ar nós an mhuisiriúin deannaigh agus deataigh a thiocfadh ó bhuama núicléach.

Bogann an ceiliúraí a bheola ruachorcra le fonn tabhairt fén searmanas chomh hamplach is dá mba bhabhla anraith bisque é. Tréanas tréan déanta aige nuair a bhí san faiseanta i laethanta sagartóireachta a óige. Labhrann sé sa teanga atá fuinte as a dhúchas agus i dtaobh go mbraithim an grá ionam, ní neamhní mé. Ní áil liom an éagóir agus is aoibhinn liom an mhaith. Raghaidh an t-eolas ar neamhní agus ní raghaidh mo ghrá i léig go deo. Creidim go dóchasach i mo ghrá. Breithním uaim í – an fráma mná so a iompraíonn mo ghrá ar nós a cnámha ag iompar a craicinn. An tóir cheanann chéanna againn beirt ar na tíolacthaí agus an ríbhealach atá braite againn le siúl á réiteach amach romhainn sa tsearmanas so. Titeann mo shúile ar a bráid, mar go mbraithim gur brathadóir í ar nós Iúdáis, a bhog a bheola ar leaca Chríost. Is minic dúinn an mealladh a ionannú leis an mbrath. Feicim gléas ina beola ag an dtaisriúchán prioslaitheach a shníonn ina mheadhg idir siní a fiacla. Sin í m’fhéiníobairt. Braithim, ar nós mórán fir nach mé go bhfuil síol meisiasach ionam.

Ag an mbainis labhair Pat a sheas liom, a chuid focal agus a soc á gcur ’on chré acu chun an talamh a threabhadh romhamsa amach le go leathfainn m’fhocail san ithir. Labhraim féin ag cur leis an bhfáilte atá againn uile roimh Chlár isteach inár gclann. Pat suite taobh liom, clab go cluasa air le racht áthais de bharr guth an chéile a bheith bronnta orm. Feicim go bhfuil an t-áthas a bhí air ó chéad dúrt leis go rabhas féin agus Clár le pósadh iomlánaithe. Labhraim liom agus braithim sna flaithis. Táim os cionn cách.

Go Florida a chuamar ar mhí na meala. Go Orlando. Déarfainn gur taibhsíodh an áit dom mar gur imríodh comórtas gailf oscailte Mheirice tamall roimhe sin ann. Ba chuimhin liom Nick Faldo a fheiscint ag bualadh na liathróide amach as an  mbuncar ag an ochtú poll déag. Scaimh dhíomách ar a cheannaithe i dtaobh go raibh síofra de na galfairí óga Meiriceánacha buille amháin chun cinn air, é sa chinneadh dó ná geobhadh sé amach air. Is cuimhin liom gur bríste glún agus stocaí bána síoda mar a chífeá ar réaltóga scannán ban sna fichidí a bhí ar an Meiriceánach. Gur bhraitheas mar a bhraith Faldo, gur dhéisteanach an mhaise dó a leithéid a chaitheamh ar aon ghalfchúrsa. Ach go raibh orainn beirt tuiscint dó ionga bheag, mar ar deireadh gurb é seo stát Disney. Meascann an mhír aislinge leis an dtaibhseamh lárnach ag tabhairt an dara toise dó. Anois breathnaímis ar an dtríú ceann.

Cuireadh scannán ar siúl ar an eitleán ar an slí amach. Bhíos féin agus Clár suite suimintithe le chéile, go sócúil, ag réamhstóráil na gcuimhní a mhairfeadh ar feadh ár saoil ar an mí meala a bheadh againn in Orlando. Ar nós an phictiúir go rabhamar ag déanamh spáis don sásamh a gheobhaimis ann in ollstóir ár n-aigne, thathantóimís ár dtaithneamh air sin leis. Dealraím le hiarsmalann í go mbímid de shíor ag réamhstóráil chuimhní inti. San obair dhuaisiúil sin a luíonn bonnchloch na sástachta.

Is oiriúnach mar a tharla gur The Wedding Banquet an teideal a bhí air.

Éiríonn an neamhréasún de leaba an neamhchomhfheasa, d’fhonn an réasún a oibríonn sa chomhfhios a choscairt. Ní díchéille don aigne a saoirse ó dhaoirse na loighice a shaothrú ar an gcuma san. Tá an eitic chéanna – eitic an tsaothraithe nó na hoibre – mar bhonn leis an dá phróiseas síceolaíoch. Agus ar deireadh, mise á cheapadh so, tusa ag ceapadh pé ní é, nach ar thóir na bunchloiche a bhímid, ar nós go bhfuil radharc againn ar fhalla cloch ár machnaimh, ach gur mian linn taighde fé thíos féachaint cad í an bhunsraith ar a bhfuil siad tógtha. Nach maith mar a d’ith Ádhamh an t-úll i bParthas agus gur shúraic Fionn a ordóg tar éis do chlog teacht uirthi agus é ag róstadh an bhradáin feasa.

Is faoiseamh ón bhFiannchoscairt an scannán dúinn. Leanaimid an fhantaisíocht a leanann é. Tugann sé taithneamh dúinn a bheith calctha san am i láthair, gan bogadh ná sá ón am atá caite ná ón dtodhchaí, a chomharthaí air sin gur leasc linn a dheireadh a fheiscint go deo.

Tá a shaibhreas déanta ag Wai-Tung Gao i Meirice, a lán airgid sa bhanc aige agus tigh álainn i Manhattan ina maireann sé lena leannán Simon. Tá saorántacht na dúthaí aige agus deich míle míle slí idir é agus a thuismitheoirí i dTaiwan. Is ait leo ná fuil sé ag socrú síos. Deir Simon leis Wei Wei, ógbhean álainn ealaíontóra atá ar thóir chárta ghlais, a phósadh chun iad a shásamh, gan aon choinne acu go dteastódh uathu teacht go Meirice don ócáid.

Is farce sa chiall chlasaiceach an scigdhráma so a bhí idir mhagadh agus dáiríre. É ina scáthán ar an liombó ina bhfágfadh an mhí mheala in Orlando sinn. Am caite ár gcúirtéireachta agus todhchaí ár bpósta curtha siar go dtí an lá amárach. Sa bhfírinne ceallalóide ina raibh fáil istigh againn ar ghné réalach den bpósadh mar a léiríodh é ar an scáileán, a lamhálamar dúinn féin fanacht ar crochadh san am láithreach baill.

Ba bhreá linn beirt dá bhféadfaimís fanacht ar foluain san aer sa liombó cluthair úd idir dhá infinideacht, is iad san neamh agus ifreann. Chaith an t-eitleán tuirlingt – rud gur dhein – i bparthas Orlando. Don té ná faca an áit riamh chuirfinn síos mar seo air: is Éidin crannmhar bláthmhar é, lán de chrainn phailme agus crainn ghófair, go ndeirtear go bhfuil gaol acu leis an gcrann cufróige.

Bhí radharc orthu go fairsing againn ó fhuinneog ár seomra codlata.

‘Sin dhá shórt crainn atá áirithe sa Bhíobla,’ a dúrt le mo bhean chéile.

‘Cad?’ a dúirt sí, agus í ar a croí díchill ag triail bicíní uirthi a bhí ceannaithe aici chun dul ag snámh sa linn phríobháideach go raibh radharc agam ar mhuileat cúinne di uaim síos.

‘An phailm agus an gófar. As an gcrann gófair a dhein Naoi an Áirc, agus leagadh géaga an chrainn pailme roimh Chríost ag cur fáilte roimis isteach go Iarúsailéim ar mhuin asail.’

Gan san ach ráite agam, tharraig an bhean bhocht osna mar a bheadh ualach droinne ár gcomh-mhaireachtana le chéile anuas sa mhullach cheana féin uirthi, á tuirsiú agus á breith chun talún.

‘Cífead thíos láithreach baill tú,’ a dúrt, gan le déanamh agam ach í a chur uaim. D’fhonn faoiseamh a thabhairt di uaim. D’fhonn go mbeinn liom féin chun machnamh ar infinideacht mo mhaireachtana gan faoiseamh uaim féin. Bhraitheas mar a bheadh cuing an phósta tar éis sinn a cheangal laistigh de chiorcal, ná raibh aon oidhre air ach póna d’ainmhithe seachráin, agus go dtabharfainn an chuid eile de mo shaol sa tromluí seo ag rith timpeall a imill, gan neart agam ar theacht ar dheireadh m’aistir nó go saorfadh an bás mé.

Síos liom de shodar chuici, le heagla go luífeadh aon bhrat uaignis uirthi i dtaobh sinn a bheith i ndúthaigh stróinséartha ar thóir na sástachta. Chonac uaim an créatúirín ag snámh in uisce na linne, ar nós na duilleoige báite báine, dath chomh geal ar a craiceann i gcomparáid leis na milliúnaithe a bhí ag roinnt na linne léi. Chrith mo chroí le grá di. Shnapas mo mhéireanta ar an bhfreastalaí agus d’ordaíos dhá Bacardi agus Coke. D’éirigh sí amach chugam, mé ag dul féna déin le tuáille fairsing bán, cruth an chorráin ghealaí uirthi féna fordhroinn ag déanamh orm. Chuireas mo dhá ghéag ina timpeall á ciorclú chugam agus i dtaobh gur bhraitheas, mar a deirtear, sublimitas, a chiallódh ardú ceart meanman ón nduibheagán ísle brí gur bhraitheas ina bhraighdeanas ó chiainibhín beag thuas staighre, gheallas na hoirc is na hairc di. Gheallas di go dtógfaimis cairt amach ar cíos amárach a bhí chugainn agus go dtabharfaimis timpeall Orlando. Sea! Agus Florida ar fad más é sin é.

‘Raighit,’ a dúirt sí go milis binn, ag súrac ar an ndeoch.

Dheineamar dá réir sin. Thógas amach Buick mór dearg.

‘Pé rud a dheineann sibh,’ arsa fear an chomhlachta gluaisteán, ‘ná stopaigí ar ghrua an bhóthair in aon áit. Más maith libh stad tarraigí isteach i stáisiún peitril. Níl ach coicíos ó shin ó dúnmharaíodh lánúin ó Shasana a dhein amhlaidh.’

Thiomáineamar linn gan stad. Leanamar orainn tríd an oíche dhubh gan staonadh.

‘Caithfimid stop uair éigin,’ a dúirt mo ghrá taobh liom. Glór ag grean. Sinn ag tabhairt cúinne géar chun na síoraíochta. Ag an bpointe sin a bhuail truc deich dtonna isteach ionainn, a shoilse ár ndalladh, ciorclú a stiúrach ar chomhrian le ciorclú ár stiúrachna.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as ‘Tá Solas ná hÉagann Choíche’'

  • Pádraig Ó Cíobháin

    Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in úil do Thuairisc.ie as ucht a bhfuil sa taifead thuas a nochtadh do chluasa dhaoine eile, do Mhícheál Ó Conghaile agus Cló Iar-Chonnacht a thionscain an togra ina raibh scríbhneoirí eile páirteach chomh maith, do Thomás Mac an Iomaire a dhein an taifeadadh ina stiúideo i gCoilleán ar a’ gCeathrú Rua. Is beag deis a ghaibheann ár leithéidí a scrímid a chogarnaíl i gcluais éinne, agus is i dul i dteirce atá deiseanna dá shamhail seo. Buíochas ó chroí, mar sin, dá raibh páirteach sa ghníomh sochas luí siar ar a maidí agus leogaint dhon mbád ‘meacht le sruth.