FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Joe Steve Uí Neachtain – Lámh Láidir

Tá ríméad ar Tuairisc.ie togra nua i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht a fhógairt - ‘Focal is Fuaim’. Gach seachtain, cloisfear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Beidh téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, cuirtear tús leis an tsraith nua le sliocht as 'Lámh Láidir' le Joe Steve Ó Neachtain

Bhí a fhios agam ón soicind ar shiúil Éamonn a’ tSeoige isteach doras an Lodge nach síocháin a bheadh ina chuideachta. Fios ag madraí an bhaile go raibh an ghráin shaolta ag na Seoigigh agus ag Bairéadaigh an Lodge ar a chéile. Iad nimheanta in árach a chéile nó gur theith Éamonn tar éis bhás tragóideach a athar scór blianta roimhe sin. Ón dlí a rith sé, smidiríní díoltais déanta d’fhuinneoga an Lodge le cith cloch aige sul má scuab sé leis faoi dheifir. Lig imeacht aimsire an t-aighneas i ndearmad, gan a fhios agam an beo nó marbh é nó gur shiúil sé isteach an doras chomh teanntásach le reifíneach a mbeadh an braon éirithe sa gcírín aige.

Ní athrú mór a bhí curtha ag imeacht na mblianta air. Tarraingt súl fós fhéin sa muince rua gruaige nach raibh ribe liath ná tanaíochan plaite ag gabháil léi. Spreacadh le sonrú sa gcolainn chumhachtach a bhí gaibhte go mór chun téagair ón am a mbíodh aithne agamsa air.

Ní bheadh doicheall ar bith agam roimhe murach an áit a raibh muid. Ramhraigh an t-aer le teannas ar an bpointe boise. Éamonn ag siúl i dtreo an chuntair chomh dúshlánach is dá mba leis an áit. Chonaic mé an colg ag géarú i súile na mBairéadach, chomh follasach leis an bhfionnadh ag seasamh ar mhada oilbhéasach, gan ag teastáil ach aithne na díchéille lena gcur ag pléatáil a chéile. Mhothaigh mé drioganna míshuaimhnis do mo bheophianadh. ‘Fáilte an deamhain is an deabhail romhat, ar fhaitíos nach raibh ár ndóthain mí-aighnis againn de d’fhuireasa’, a smaoinigh mé go bréan dom féin. Cén bhrí ach gur dhóbair dom féin agus do mo bhean chéile a bheith bailithe linn abhaile leathuair roimhe sin.

Thob ann agus thob as againn ár ndeoch a thaoscadh agus éalú linn ach gan é de mhuineál againn cuid suntais a dhéanamh dínn féin ó b’annamh linn corraí amach. Dá mbeadh breith ar m’aiféala agam ba cois na tine sa mbaile a bheadh muid ag fliuchadh ár mbéil mar nach cúpla cois cuntair muid mura gcuirfeadh ócáid éicint de dhualgas orainn é.

Orm fhéin a bhí milleán agam nár fhág ar a sáimhín só í. Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár gcuid bonnacha os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogaithe ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh oíche chinn bhliana na mílaoise ar fud an domhain. Ní dea-phaidir a chuir mé i ndiaidh an ghutháin nuair a thosaigh sé ag glaoch go mífhoighdeach. Ise a d’fhreagraíodh go hiondúil ach ba mise a rug air an geábh seo ó tharla go raibh sé ar dheis mo láimhe.

Hello, a Dheaide.” Bhí a glór chomh caithréimeach is gur chuir sí seabhrán i bpoll mo chluaise.

Hello, a Pheigín. Shílfeá go bhfuil gleo agus clampar aisteach i do thimpeall.”

“Tá na mílte amuigh ag ceiliúradh anseo ar shráideanna Bhaile Átha Cliath.”

“Chonaic muid é ar an teilifís. An bhfuil Saileog in éineacht leat?”

“Tá sí anseo le mo thaobh. Á, ba cheart daoibh a bheith amuigh ag ceiliúradh, a Dheaide.”

Bhí Sue tar éis breith ar an nguthán as mo láimh agus bís uirthi mar ab iondúil ag déanamh dreas cainte lenár gclann iníon. A bheith ciallmhar agus cúramach curtha trí bhabhta de pharúl aici orthu.

“Amach ag ceiliúradh atá siad sin ag iarraidh muid a shaighdeadh,” a dúirt sí go sásta, ag síneadh an ghutháin ar ais chugam. “Deabhal a fhios agam nach acu atá an ceart,” a deirimse. “Téanam ort is ólfaidh muid deoch sa Lodge ós í oíche chinn bhliana í.”

Choinnigh an chompóirt sa gcruth ina raibh sí í, a cuid súl ag tuineadh le cinneadh ciallmhar.

“Gabh i leith uait,” a deirimse ag éirí i mo sheasamh. “Tá an domhan is a mháthair ag ceiliúradh na mílaoise is muide inár suí ar ár dtóin. Éirigh, ó d’fhág Dia an tsláinte againn.” Drogallach go maith a chuir sí fúithi na cosa. “Déanfaidh tú píosa comhrá le Helen. Is mór an t-ardú croí é éirí amach corruair.” “Caithfidh mé éadach a athrú . . .”  “Tá tú sách feistithe ar scáth a dhul soir chomh fada leis an Lodge. Cuir ort do chóta os cionn a bhfuil ort.”

Ach bhí fiche nóiméad caite ag tornáil an urláir agam sul má shiúil sí amach as an seomra chomh péacach le cat siopa.

“Beidh muid sa mbaile aríst roimh mheán oíche. Ba mhaith liom glaoch ar Mham.”

“Mar a thograíos tú fhéin anois,” a deirimse. “Deabhal fonn amach ormsa ach oiread leatsa murach an oíche atá ann.” Bhí muid ag dréim le fáilte lúcháireach Helen nuair a d’oscail mé isteach doras an Lodge. Amach aríst a chúlódh an bheirt againn murach na trí phéire súl a d’aimsigh ar an toirt muid. An mharbhlann féin, ní bheadh chomh ciúin. Barrett atá básaithe, an chéad smaoineamh a thiocfadh trí m’intinn murach gurbh é ab fheiceálaí den triúr, ina shuí ag bord i gcoirnéal. Scéin ina dhá shúil a bhí ag cur chuma an deabhail air.

Ba dheacair liom amharc mo dhá shúil a chreidiúint mar go raibh sé socraithe i m’intinn agam nach bhfeicfí sa Lodge aríst go brách é ó d’éirigh le Helen is lena mhac Dónall é a ruaigeadh isteach sa teach banaltrais. Ba é béal Helen féin a chuala mé á rá istigh ar an teallach againn. Na deora léi le teann ríméid go mbeadh saoirse aici ón réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré aici ón lá ar phós sí. Anoir chugainne a thagadh Helen ar thóir sóláis.

Bhí chuile scéal roinnte aici féin is ag Sue lena chéile. Iad ag mothú beagán strainséartha lena rún a ligean le muintir na háite. Bhí rudaí cloiste agamsa ar an teallach nach sceithfinn le Dia ná le duine. B’in é an fáth gur chuir sé oiread déistine orm nuair a chonaic mé romham ina áibhirseoir é mar a bheadh sé tagtha as ifreann chun ceiliúradh na mílaoise a chur ó rath. Brúisc de bhean mheánaosta lena thaobh nár aithin mé ar an gcéad amharc, í ramhar otraithe ag breathnú.

Thóg sí a cuid súl díom ar an toirt. Oilbhéas ag bruith ina leicne dearga mar a bheadh sí tar éis a bheith ag ropaireacht . . . Ó, a mhic an domhain . . . Connie. Iníon Bharrett. Ba í a phictiúr í. Peata raithní, nach raibh de shliocht air i ngan fhios do lucht an bhiadáin, cé nár leag mise súil ariamh uirthi go dtí an nóiméad sin. Lámh a chroitheadh leis an mbeirt acu agus fáilte nach dtiocfadh ó mo chroí a chur abhaile rompu an chéad mhaith a dhéanfainn, ach ghoin m’aire mé, bhí Sue tar éis breith ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach i dtreo na cúlráide. Níor bhain sí cóta ar bith di agus d’aithin mé gur cuairt ghearr ghairid a thuar an bealach ar leag sí a cairín ar an gcathaoir.

“Céard a ólfas tú?” a deirimse, agus fios maith agam gur fíon dearg a thaithneodh léi. Tá boladh achrainn san áit seo a sméid sí ar ais orm le caochadh dá súil. Ní raibh dé ná deatach ar Helen. Dónall ina mhúta ar chúl an chuntair, áit nach bhfaca mé ariamh cheana é. “Pionta agus gloine fíon dearg, a Dhónaill, más é do thoil é.”

Chas sé mar a dhéanfadh fear a mbeadh néal air gan sea ná ní hea a rá, gan breathnú díreach orm. Líon sé an pionta gan gleo gan torann ach rinne sé cartadh ar thóir an fhíona, gan a fhios aige beirthe ná beo cá n-aimseodh sé é agus leisce orm a bheith rótheanntásach, nó go mb’éigean dom faoi dheireadh é. “An buidéilín beag ar an tseilf láir, a Dhónaill.” Mar a bheinn ag caint le balbhán. Páipéar deich bpunt a bhí i mo láimh agam. “Cé méid é sin?” A bhois a chrochadh os mo chomhair agus casadh uaim a rinne sé mar chomhartha nach nglacfadh sé tada. Theastaigh uaim ‘Go raibh míle maith agat agus bliain nua mhaith dhaoibh agus go mba fearr a bheas sibh i gcinn bhliana,’ agus go leor eile a rá, ach mhothaigh mé nach mba tráth cainte é.

Bhí tubaist de chineál eicínt ag cothú teannais sa gciúnas. B’in é an uair ar smaoinigh mé nár sheas Helen istigh ar an urlár againn i gcaitheamh na Nollag, ná i bhfad roimhe sin dá mbeinn in ann mo chuimhne a thabhairt chun cruinnis.

Ar bharr mo chos a shiúil mé ar ais chuig Sue. Focal níor tháinig as a béal siúd ach oiread, ná cor níor bhain sí as a leiceann, ach a súile ag tabhairt sciuirde timpeall ó dhuine go duine nó gur chaith sí fuíll a súl i dtreo na bhflaitheas nuair a d’aimsigh muid amharc a chéile. Ceathrú uaire, cheapfainn, nó b’fhéidir níos faide, a mhair an ciúnas; muid ag seachaint na slogarnaí a dhéanann deoch i bpíobán chomh maith is a d’fhéad muid.

Thug Sue comhartha coise faoin mbord dom, ag cur in iúl go n-imeodh muid chomh luath is bheadh an deoch ólta, ach thug mise comhartha súl ar ais di, ag rá nach ligfeadh náire dom siúl amach ó tharla go dtug sé an deoch in aisce dhúinn.

Thuig muid féin a chéile, chaon duine againn ag déanamh ár marana ar an mí-ádh a chorraigh amach as ár nead te teolaí féin muid. Bhí sé chomh soiléir le solas an lae anois nach raibh aon charr eile sa gcarrchlós pé ar bith cén fáth nár bhain mé meabhair as sul má shiúil mé isteach i ndiaidh mo mhullaigh.

Imithe isteach go dtí baile mór na Gaillimhe san áit a raibh soilse ceiliúrtha na mílaoise ag pléascadh go caithréimeach in ard na spéire a bhí cuid de na daoine. Bheadh a fhios ag chuile dhuine sa gceantar gur ciúin onórach a bheadh an ceiliúradh sa Lodge ach ó tharla nach raibh aon teach ósta eile i bhfoisceacht ocht míle dhínn, shíl mé go mbeadh cúpla seanriadaire eile cosúil linn féin ag triall air.

Racht casachta a bhuail Barrett a thug as beophian muid.

Faoiseamh as torann de chineál eicínt a chloisteáil, faoiseamh nár mhair i bhfad. Bhí dearmad déanta aige go raibh muid i láthair, de réir cosúlachta. Cársán na haoise ag cur stad ina chuid cainte, é ag grúscán leis fhéin go friochanta nó gur chroith sé a dhorn go bagrach i dtreo Dhónaill ag maíomh go borb gurb é féin an t-úinéir agus go gcaoinfidís an lá ar ruaig siad as seilbh é.

“Sssssh!” a deir Connie, ag iarraidh a bheith ag ceilt an easaontais orainn ach bhí sé chomh maith di a bheith ag iarraidh suaimhneas a chur sa ngaoth.

Scanraigh mé gur amach thar an gcuntar le criogaide a thabhairt dó a bhí Dónall ag teacht. An teilifís a chasadh air a rinne sé agus é a chasadh suas chomh hard is gur phlúch sé caint an athar. Le sonc de m’uillinn a chuir mé in iúl do Sue go n-ólfadh muid deoch amháin eile go sciobtha.

“Pionta eile agus gloine fíona, a Dhónaill, agus bíodh deoch agat fhéin an babhta seo.” Bhrúigh mé an páipéar deich bpunt ina threo, ach bhrúigh sé ar ais chugam in éineacht leis an dá dheoch é. “Ah, Jays, no…tóg an t-airgead, a Dhónaill.”

Amach thar mo ghualainn a bhí sé ag breathnú. An fhuil a bhí ag coipeadh ina ghrua ag tabhairt dath geal air, fuath agus fearg ag géarú a dhá shúil mar a bheadh dhá mheana ag tolladh duine eicínt ar mo chúla. Bhí torann an dorais cloiste agam agus chas mé timpeall de gheit ar fhaitíos gurbh é an taibhse a bhí luaite sa seanchas leis an Lodge a bhí feicthe aige.

“Ó, ó, a Íosa Críost!” a sciorr ina geoin fhaiteach faoi m’anáil agus meall doichill ag at i mo chliabhrach. Thug mé súil chráite i dtreo Sue ar thóir fóirithinte ach ba léir go raibh stuaic agus stodam tar éis ceann faoi a chur uirthi nuair a shiúil Éamonn a’ tSeoige isteach an doras chomh dána le buachaill bó nó buachaill báire.

Is féidir ‘Lámh Láidir’ a cheannacht ó Chló Iar-Chonnacht anseo: https://www.cic.ie/books/published-books/lamh-laidir-leabhair-cloite 

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Joe Steve Uí Neachtain – Lámh Láidir'