FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Daithí Ó Muirí – Cogaí

Tá ríméad ar Tuairisc.ie togra nua i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht a fhógairt - ‘Focal is Fuaim’. Gach seachtain, cloisfear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Beidh téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é 'Duran', gearrscéal ón gcnuasach 'Cogaí ' le Dáithí Ó Muirí atá againn.

daithi_o_muiri_beal_beo

Duran

Siar cúpla míle ón sráidbhaile, bóthar ciúin, teach amuigh leis féin roghnaithe agam, ach faraor, bhí an doras ceilte ag cineál de phóirse sa chaoi nach raibh mé in ann a dhéanamh amach an raibh sé dúnta—comhartha réasúnta cinnte (i gceantar mar sin) nach raibh muintir an tí istigh. Scrúdaigh mé an dá fhuinneog—bhí na cuirtíní ar leathadh—agus mé ag siúl siar is aniar thar an ngeata cúpla uair. Tada ag corraí. Shocraigh mé dul isteach. Dá mbeadh an doras dúnta chnagfainn, ar fhaitíos na bhfaitíos, sula rachainn ag cuardach bealach isteach. Agus dá dtarlódh sé go dtiocfadh duine chuig an doras céard a dhéanfainn? Bhuel, an rud céanna is dá mbeadh an doras ar oscailt agus go n-aimseodh muintir an tí mé: déarfainn gur imithe amú a bhí mé, nó d’iarrfainn gloine bainne, chumfainn leithscéal éigin ag an am nó dhéanfainn rith maith. D’oscail mé an geata agus shiúil isteach.

Bhí an doras dúnta agus ceann de na bileoga beaga buí sin greamaithe de. Scríofa air: Johnny. Ar an taobh eile: key under mat, bottle in cupboard, back at 4. Isteach liom, linn—lig mé fead ar Nina a bhí ag fanacht ag an ngeata. Bhí airgead ar an mbord, sóinseáil, cúpla euro. D’aimsigh muid an buidéal gan mórán stró. Brandy—níor ól muid é sin cheana. Níor bhac le gloiní (bhí neart acu sa chistin) ach shín an buidéal ó dhuine go duine agus shlog siar de bholgaim mhóra é—níor mhór a laghad ama agus ab fhéidir a chaitheamh sa teach (mar a mhínigh mé do Nina). Ba é an chaoi gur fholmhaigh muid é. Mar a bheifeá ag súil leis—ní raibh Nina ach 9 (breithlá 7 Aibreán: bliain agus 5 mí agus 7 lá agam uirthi, 8 lá ba cheart dom a rá, nó 9, ab ea?)—ba bheag nár mharaigh sé muid.

gearrscealta-cogai1Gan dul i bhfad scéil leis chuaigh muid fiáin ar fad agus rinne scrios mór san áit, go háirithe sa chistin leis na soithí agus an bheatha (uibheacha, bainne, fataí etc., á gcaitheamh ar a chéile a bhí muid) ach sa seomra suite freisin—scaoil mé mún isteach sa tine, d’ardaigh steall ar an matal agus go fiú shroich sé an pictiúr os a chionn—beirt fhear agus beirt bhan i ngrianghraf frámáilte, ar thrá i dtír the éigin. Ar a cromada chac Nina ar an mbord agus rinne mún anuas air sin ina dhiaidh. Bhí pianta orm leis an ngáire. Bhí sé ag tarraingt ar 4 ansin agus thar am imeachta—thit muid amach ar an mbóthar, fós go dona fuckáilte, agus lean orainn siar ag cuardach tí éigin eile.

Tháinig muid ar theach beag tábhairne agus iad tar éis duine a scaoileadh marbh le gunna os a chomhair. Ba é an chéad uair dúinne a leithéid a fheiceáil agus sóberáil sé muid—beagán. Ar shlat a dhroma, fear leis na lámha scartha amach, cúpla poll ina chliabhrach—bhí an oiread fola ann gur dheacair a dhéanamh amach cé  mhéad piléar go cruinn a chuaigh isteach ann ach 5 nó 6 nó 7, ba chosúil. Seans go raibh an dé ann fós—bhí na súile leathoscailte, gan ach an bán i gceann amháin—ach ní raibh cor as.

Timpeall air bhí slua óltóirí—cuid acu níos fuckáilte ná muide—deochanna agus fags ina lámha agus iad ag caint os íseal le chéile. Rud a sóberáil níos mó muid: fear óg nach raibh deoch ná fag aige, cóta mór leathair, carbhat daite agus léine gheal—ní raibh aon ghunna le feiceáil—ina sheasamh os cionn an choirp, bhain sé a lámha as a phócaí chun a phlapa a zipeáil síos agus a bhobailín a bhaint amach. Agus gach duine ag faire air (stop go leor acu ag caint) mhún sé síos ar mo dhuine— bhí iontas orm gur ligeadh dúinn é a fheiceáil, nach ndúirt aon duine ón slua linn imeacht. An t-ól, is dóigh.

Soir le fear an mhúin ansin, lámha sna pócaí arís, de shiúl réidh luascach, níor bhreathnaigh sé ar dhuine ar bith, ní dúirt tada. Níor thúisce bailithe é nó gur thosaigh an slua ag gleo—gach duine ag caint ag an am céanna atá i gceist agam. Ón méid a chuala mise—bhí Nina ina suí droim le balla agus lagar uirthi fad is a bhí mise ag dul thart ag éisteacht—achrann faoi thalamh ba chúis leis an marú, nó bean, má thuig mé i gceart, nó airgead nó an trí rud, gach seans. Bhuail mé le Maria (breithlá 15 Meán Fómhair: bliain agus 4 mí agus 3 nó 4 lá aici orm—cé mhéad lá atá i Meán Fómhair?) i measc an tslua—ní raibh sise ar scoil ach an oiread. Agus bhí an rud ar fad feicthe aici. Ach sula dtabharfadh sí cuntas dom bhí orm a insint di faoin mbrandy—fuair sí an boladh ar m’anáil murar léir é ó mo shiúl—agus faoin scrios a rinne muid sa teach thoir agus gach rud, agus thaispeáin mé an t-airgead di. Bhí na súile ar leathadh  uirthi soicind sular phléasc sí le gáire magúil—bíodh a fhios agam gur leis an gcóta leathair an teach sin.

Ar ais go beo liom chuig Nina leis an drochscéal agus Maria i mo dhiaidh sna trithí gáire. B’fhearr glanadh as seo anois láithreach, gan fiú siúl soir thar an teach sin. Bhí bóithrín cladaigh in aice láimhe agus d’fhéadfadh muid filleadh abhaile ar an trá—dá mbeadh an taoide amuigh. Tharraing mé Nina ina seasamh, mhol mé di análú ar feadh tamaill, go domhain agus go rialta, isteach srón amach béal, siúl thart. Ach dúirt Maria liom ansin nach é an cóta leathair a scaoil na piléir agus rinne sí tuilleadh gáire, níos magúla. Níor chuala Nina an chaint seo agus d’inis mé di ansin go raibh mise sásta fanacht thart, cuma sa fuck agus mar sin de. Bhí luisne de shaghas éigin tagtha ina gruanna faoi seo, rinne sí meangadh agus bhí an splanc le feiceáil ina súile arís. Bhí sí ag aireachtáil níos fearr anois, deir sí, d’fhanfadh sí thart, cuma sa fuck. An diabhailín, dhéanfadh sí dul chun cinn mór sa saol agus an spiorad a bhí aici. Seo an aisling a bhí ag Nina: pointí arda san ardteist, páiste aici an bhliain dár gcionn, cailín, pósadh an bhliain dár gcionn, scabhaitéir, cúpla bliain ina dhiaidh sin dul go dtí an India lena hiníon ar feadh cúig bliana ag taisteal ó cheantar go ceantar sular fhill sí—tá sí in Éirinn i gcónaí, agus a hiníon, Ciara, 16 (breithlá, níl a fhios agam: breis agus fiche bliain agam uirthi).

Thairg Maria fag do Nina, ní domsa—bhí a fhios aici nach gcaithinn (ní chaithim fós). Chewing gum a bhí uaim chun an diabhaltaí boladh sin a cheilt—ní raibh a fhios ag m’athair go raibh mé ag ól ach bhí sé cinnte de go raibh mé ag caitheamh (i.e. fags). Bhí Maria ag iarraidh dul siar chuig an siopa linn chun an t-airgead  a chaitheamh ach dúirt Nina go bhfanfadh sí ansin linn. Ach bhí drogall orm í a fhágáil ina haonar—bhí cúpla duine aisteach sa slua gan trácht ar chóta leathair. Faraor ba chuma cé na milseáin a cheannóinn di, uachtar reoite, sú oráiste, bananaí, ag iarraidh fanacht a bhí sí. Bhí a fhios agam go raibh sí in ann aire mhaith a thabhairt di féin ach dá mbéarfadh beirt fhear uirthi, nó triúr, nó níos mó agus níos measa. D’inis mé di ansin nach é an cóta leathair a rinne an scaoileadh, nach raibh i gceist agam cheana faoin bhfanacht thart ach gaisce ach fós ba chuma léi—b’fhéidir go dtarlódh eachtra éigin eile agus ní raibh sí ag iarraidh é a chailleadh. Ach bhí Maria ag brú orm anois, do mo chrá, milseáin a bhí uaithi, uachtar reoite, sú oráiste, banana—dhéanfadh muid rása: 5 nóiméad siar, 1 nó 2 nóiméad istigh ag ceannach, 5 nóiméad aniar, ní raibh ansin ach 5+5+1 nó 2=11 nó 12 nóiméad agus drochsheans go dtarlódh aon rud do Nina. Bhí a fhios agam go raibh an ceart aici ach ainneoin sin, bhí mé idir dhá chomhairle. Thosaigh Maria ag áitiú ar Nina rásaíocht in éindí linn, ag tabhairt a dúshláin, ag rá ansin nach mbeadh sí in ann coinneáil suas linn ar aon nós fiú dá dtabharfadh muid tús di ach níorbh óinseach ar bith í Nina, d’aithin sí an cleas, ag fanacht a bhí sí agus sin sin, imigí libh féin, ná bac liomsa ach díreach ansin chuala muid bonnán an otharchairr agus b’in deireadh leis an gcaint ar imeacht áit ar bith.

Bhí na gardaí in éindí leis an otharcharr, cúigear fear mór faoi éide i squad bán agus BMW gorm ar éirigh beirt bhleachtairí as. Lena lámha ina phócaí, sheas bleachtaire amháin—ard, ramhar, maol, croiméal beag, spéaclaí gréine, carbhat oscailte beagán, cóta mór bán  agus é salach—os cionn an choirp ag breathnú síos fad is a bhí an fear eile (ag cogaint gum a bhí sé, srón mhór cham, stocaí bána) cromtha ar an talamh roimhe agus cás dubh á oscailt aige. Bhí an slua an-chiúin, níos ciúine ná mar a bhí nuair a mhún an cóta leathair síos ar an bhfear marbh. Cheap mé go raibh an bleachtaire chun é sin a dhéanamh arís, go raibh sé díreach chun a lámha a bhaint as a phócaí agus a phlapa a zipeáil síos nuair a scairt Nina in ard a cinn air: mún síos air! Bhuel, ní raibh an dara rogha fágtha aici agam: mún síos air, a scairt mé féin agus bail ó Dhia ar Maria scairt sise freisin: sea, mún síos air—bhí cúpla duine sa slua ag sciotaíl. Ba chuma cén fhéachaint a chaitheadh an bleachtaire inár dtreo (bhain sé na spéaclaí gréine de) lean muid orainn níos airde agus níos airde, ag preabadh suas anuas ar an talamh, ag bualadh bos go rithimiúil: mún síos air, mún síos air, mún síos air!

Gan choinne ar bith agamsa leis shiúil an bleachtaire ar ais go dtí an BMW, dúirt sé rud éigin agus chuaigh na gardaí eile agus lucht an otharchairr ar ais sna feithiclí agus ní raibh ann ansin ach gur bhailigh siad uile leo—chas siad timpeall agus d’fhill soir. Bhain sé sin gáire as an slua. Bhí díomá ormsa, chun an fhírinne a rá—bhí mé ag súil le tuilleadh bleachtairí a fheiceáil, fear le cailc chun líne a tharraingt timpeall ar an gcorp, fear chun grianghraf a thógáil, mo dhuine á iompar i mála plaisteach isteach san otharcharr, lochán fola fágtha ina dhiaidh (cé a ghlanfadh é, na gardaí, fear an tí tábhairne, na gaolta nó an bhfágfaí faoin mbáisteach é?) agus gach eile a bhaineann le dúnmharú. Orm féin a bhí an milleán, ar ndóigh, ag iarraidh a bheith freagrach as Nina—ní raibh lagar ar bith uirthi anois.

Duran a rinne an scaoileadh, a deir Maria agus í tosaithe ar a cuntas. Maidir le cóta leathair (sin an leasainm a bhí air) ní raibh ann ach cladhaire nó pé ainm a thugadh muid na laethanta sin ar dhuine ar stupid cunt amach is amach é, geáitsíocht, caint mhór, fear a nochtfadh a bhobailín do ghasúir, chuala muid trácht ar a leithéid cheana. Ach duine thar a bheith contúirteach ainneoin é a bheith ina chladhaire nó pé ar bith é. Duran, bhainfeadh sé úsáid as cóta leathair ó am go chéile, nuair a theastódh bulaí, duine chun teachtaireacht a sheachadadh, stupid cunt chun drochobair a dhéanamh. Ach Duran é féin, scéal eile ar fad é sin—fear a raibh uaisleacht áirithe ag baint leis, ainneoin go maródh sé gan trócaire thú dá gceapfadh sé go raibh sé tuillte agat nó nach raibh an dara rogha aige, fear nó bean, cailín nó buachaill, páiste fiú, sin gan trácht ar na céadta piscíní cait agus coileáin ghadhair a bhí báite aige san fharraige nó sna lochanna.

Ag an bpointe seo b’eo ar ais anoir cóta leathair agus é ar buile, smacht caillte aige air féin, siúl stadach, lámha ag dul suas anuas, ag rámhaillí ar an mbás mall a d’fhulaingeodh an duine ba chiontach leis an scrios ina theach. In éindí leis bhí Johnny (is dóigh), cladhaire eile. D’aimsigh seisean an cás dubh a fágadh in aice leis an gcorpán—rudaí a bhain le dlí-eolaíocht a bhí iontu, mhol sé do chóta leathair é a thabhairt abhaile leis agus ba ghearr go mbeadh lorg na méar aige. Ach cá raibh na gardaí? Chuaigh scór méar inár dtreo agus mhínigh mionchladhaire éigin gach a raibh déanta againn.

Ghéaraigh cóta leathair a shúile, bhreathnaigh ó dhuine go duine eadrainn agus ansin: scram, kiddies. Sin mar a labhraíonn sé i gcónaí, a dúirt Maria linn  agus muid ag siúl síos an bóithrín cladaigh, Béarla lofa gránna. Níor labhair sí faoi arís, ná faoin marú, ní raibh aon suim againn ann níos mó. Ar mhaith libh cloisteáil faoi m’aisling, d’fhiafraigh sí dínn, céard atá le tarlú dom? Bhí níos mó spéise againn inti sin. Agus bhí áit áirithe roghnaithe aici chun í a insint dúinn.

Bhí sruthán ag rith anuas idir na garraithe agus thíos ar an gcladach bhí an seandroichead tite as a chéile agus ceann nua tógtha ina áit ag an gComhairle Chontae bliain ó shin—ní raibh ann ach cnocán garbh coincréite leagtha anuas ar dhá phíopa mhóra fhada chun an t-uisce a ligean amach ar an duirling agus síos chun na farraige. Bhí roinnt mhaith damáiste déanta cheana féin do na píopaí ag tuilte an tsrutháin agus ag stoirmeacha na farraige: scoilteanna, ailp ar iarraidh, píopa amháin calctha ar fad ag gaineamh agus clocha—d’fhéadfá siúl (cromtha) isteach sa cheann eile agus breathnú suas trí na poill ar an spéir, rud a rinne muid sular shuigh muid ar na píopaí chun éisteacht le haisling Maria.

Tháinig carr anuas an bóithrín, siúl faoi, agus stop le díoscán coscán ag a bhun, 20 méadar uainn, thart air, 25, 30. Bhí ceathrar istigh ann, agus iad ag breathnú orainn. Ar chúl bhí cóta leathair agus Johnny, chun tosaigh Duran agus a thiománaí, fear óg, col cúigir leis. Múchadh an t-inneall. Tar éis b’fhéidir nóiméad iomlán—bhí muid in ann iad a fheiceáil ag caint le chéile—d’éirigh Duran (mór, iompar aclaí aige, ach an tseanseanaois le feiceáil i roic a éadain) as an gcarr, agus go réidh luascach, ar nós nach raibh ann ach spaisteoireacht Domhnaigh, shiúil sé inár dtreo, lámh amháin ina phóca, caipín píce brúite siar ar a chloigeann agus é ag breathnú ón talamh garbh faoina  chosa suas go dtí an fharraige ar thaobh a láimhe clé. Dhírigh mé mo chloigeann ar an bhfarraige, d’éist le torann tomhaiste na mbróg nó gur stop siad díreach ar ár gcúl.

Ansin tost.

Bhí an fharraige an-chiúin, rud neamhghnách, ní raibh gaoth ar bith ann, faoileán nó éan cladaigh nó rud ar bith ní raibh le cloisteáil: tost. Tost a bhris Duran faoi dheireadh lena ghlór íseal séimh. Faoin bhfarraige a labhair sé, faoi na taoidí, faoi na héisc, faoi iomramh i gcurach, faoi stoirmeacha, focail nár chuala mé cheana, focail ón seansaol, mar a mhínigh sé, rudaí nach mbeadh ar eolas ag óige an lae inniu, nach mbeadh aon suim acu ann, ná meas fiú, agus iad millte ag TV agus na scannáin, meallta ag airgead, droch-cheol, éadaí áiféiseacha, drugaí, aislingí bréige. Labhair sé faoin bhfeamainn, faoi na hoileáin, faoin iascaireacht, faoi gach ar féidir a rá faoin bhfarraige, ba chosúil.

An bhfuil duine ar bith agaibh in ann, a d’fhiafraigh sé le glór a bhí ardaithe beagán, freagra a thabhairt ar an gceist a chuirfidh mise oraibh?

Bhí tost iomlán ann. Ghéaraigh mé mo chluasa, ag súil go n-aimseoinn rud éigin. Tada. Bhí mo dhroim agam leis, bhí Nina le feiceáil ina suí droim le farraige os mo chomhair agam ach bhí Maria ag mo thaobh, beagán taobh thiar díom—bheadh orm mo chloigeann a chasadh chun breathnú uirthi.

Go tobann thuig mé go raibh torann ann—uisce an tsrutháin ag rith amach as an bpíopa fúm thar chlocha na duirlinge síos go dtí leibhéal na farraige, go dtí na carraigeacha agus na moghlaeirí a bhí breac le diúilicíní ach iad róbheag le hithe, mar a bhí mínithe ag Duran  dúinn, agus níos faide amach uisce an chuain, calm, an cósta thall, na cnoic, an teach solais agus ar chlé, spotaí bána ar thithe iad, baile beag i gcéin, ba chosúil.

Duran: cá dtéann an t-uisce nuair a thránn an taoide?

Dúirt Maria rud éigin, freagra de shaghas éigin b’fhéidir, ach ba chosúil go raibh slócht tagtha uirthi. Bhí cathú orm casadh agus breathnú uirthi, ligean do Duran taobh m’éadain a fheiceáil: ar nós gur ghluaiseacht nádúrtha é, agus ar ball bhreathnóinn uirthi arís, chlaonfainn mo chloigeann beagán eile, ar nós cuma liom, fiosracht bheag, chun súil a chaitheamh suas ar éadan Duran.

D’éist mé leis an uisce ag rith.

Níl duine ar bith in ann an cheist sin a fhreagairt, dúirt Duran agus lean sé air ansin, ag caint faoin bhfarraige, na rónta agus na smugairlí róin, na crotaí, an ladhrán trá agus eile.

Ar chuala sibh an ceann seo, a ghasúir: key under mat, bottle in cupboard, back at 4? Thosaigh sé ar gháire beag a dhéanamh, íseal, análach, agus nuair a stop sé lig sé osna—as brón, mar go mbeadh air muid a bhá, Nina i dtosach mar ba í ab óige.

Bhí faitíos orm ón tús, ar ndóigh, ach anois bhí sé i ngreim orm, do mo chroitheadh, mo bholg go háirithe, mo chroí freisin, gach a raibh taobh istigh de mo chliabhrach. Romham amach bhí Nina bán san éadan, a súile mar a bhí siad ó tháinig Duran, caite síos ar a méara a bhí ag útamáil idir a dhá glúin, an chosúlacht go raibh sí tar éis cac a scaoileadh ina nicks. Ní raibh smid as Maria. D’éist mé le huisce an tsrutháin ag rith thar chlocha na duirlinge, bhreathnaigh síos ar na carraigeacha a raibh diúilicíní orthu ach iad róbheag le  hithe, amach ar an gcuan, ar an gcósta thall, na cnoic, an teach solais.

Chuala mise scéal fadó, a ghasúir, an bheirt seo a ghoid earraí ó theach. Tháinig siad ar cheamara a raibh scannán istigh ann ach gan ach cúpla pictiúr tógtha cheana. Sa seomra folctha lig duine acu a bhríste síos agus le gach ceann de na scuaibíní fiacla thug sé tochas maith do pholl a thóna sular leag ar ais iad sa ghloine ar an tseilf os cionn an doirtil—agus a chomhghleacaí ag tógáil pictiúr. D’fhág siad an ceamara, agus cúpla pictiúr fós le tógáil, san áit a bhfuair siad é sular imigh siad leo. Céard a cheapann sibh faoi sin?

Bhí Nina ar crith, a cloigeann cromtha níos ísle ach d’aithin mé gur ag sciotaíl go ciúin a bhí sí. Chuala mé Duran ansin ag sciotaíl, bhain sé geit asam, d’ardaigh Nina a cloigeann agus bhreathnaigh sí suas tharam, ar Duran, bhí Maria le cloisteáil agam ag sciotaíl in aice liom freisin, thosaigh mé féin ag sciotaíl, chas mé mo chloigeann ar Maria agus bhí sí ag breathnú suas ar Duran. Nuair a stop Duran ag gáire lig sé an osna sin arís, ach anois thuig mé nach raibh ann ach go raibh an aclaíocht a bhain le gáire ag goilleadh ar a chorp, ar a chliabhrach, na scamhóga a bhí fabhtach, b’fhéidir.

Cóta leathair, a ghasúir, dúirt sé i gcogar, déarfaidh mé an méid seo libh—níl ann ach cladhaire.

Agus phléasc sé le gáire, gáire a thóg Nina i dtosach, cladhaire agus asshole, a scréach sí agus chuir sé sin le gáire Duran, cladhaire agus buinneachán a scréach Maria agus bhreathnaigh mé uirthi sular ardaigh mé mo chloigeann chun mo thuairim féin de chóta leathair a thabhairt isteach in éadan Duran (ní cuimhin liom  súile chomh cineálta a fheiceáil riamh nó ó shin), cladhaire agus stupid cunt a dúirt mé nó pé ar bith drochainm ba choitianta dúinn ag an am úd.

An osna ag deireadh an gháire, bhí sí ann i gcónaí: níos faide, níos airde, comhartha faoisimh a bhí inti mar gur fada an lá ó lig sé gáire mór croíúil, ó bhí sé ina ghasúr é féin, b’fhéidir.

Agus Johnny, dúirt sé agus a chliabhrach ag preabadh le gáire a bhí sé ag iarraidh a choinneáil isteach fada go leor le go gcríochnódh sé a abairt—cladhaire eile! Bhéic muid.

Nuair a bhí deireadh leis an ngáire rinne Duran casachtach mhór dhomhain agus ansin thóg sé gunna as a phóca. Piostal a bhí ann, ceann le bairille agus poill i gcomhair ní 5 ná 7 ach 6 piléar ann. Chuaigh sé síos ar a chromada agus chaith a shúile ó dhuine go duine. Seo duit, dúirt sé agus leag sé an gunna isteach i lámha Maria. Coinnigh é sin, féirín duitse, a deir sé (ar ndóigh, ní raibh aon philéar ann), ach ná habair tada le duine ar bith, an dtuigeann tú?

D’éirigh sé, bhreathnaigh sé ar an bhfarraige tamall sular shiúil sé ar ais chuig an gcarr, ar nós mar a tháinig sé, go réidh luascach, ag spaisteoireacht le lámh amháin ina phóca, a chloigeann ag breathnú ón talamh garbh faoina chosa suas go dtí an fharraige a bhí ar thaobh a láimhe deise anois. Chuaigh sé isteach sa charr, shuigh sé tamall maith sular oibrigh a bhéal agus ansin dhúisigh a chol cúigir an t-inneall.

Dúirt mé gur aisling Maria a bhí ansin ach anois agus é curtha síos agam is cuimhin liom gur tharla sé i ndáiríre—tá an gunna ag Maria i gcónaí mar chruthúnas. Agus m’aisling féin? Ní bhfuair mé aon obair ó Duran,  b’in a bhí uaim ón lá sin amach. Bhí mé ina chomhluadar cúpla uair, sa seomra céanna atá i gceist agam, tithe tábhairne, ach ní raibh an misneach agam labhairt leis, an lá sin a chur i gcuimhne dó, an chaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm orm. Agus ansin, lá amháin, ní raibh sé ann níos mó. An tsochraid ba mhó sa cheantar le fada an lá, deir siad. B’iontach go deo an duine é, bhí siad ar aon intinn faoi sin. Ainneoin nach dtaitneodh rudaí áirithe a dhéanadh sé leo b’in an tuairim a bhí i mbéal gach duine, agus aon drochrud a bhíodh luaite leis chuirtí an milleán ar chóta leathair nó ar Johnny. Dhéanadh daoine leithscéal do Duran i gcónaí agus aon duine nach ndéanadh, d’fhanfá amach uaidh as sin amach (dá mb’fhéidir é). Bhí mé 16 agus níor fíoraíodh m’aisling, 17, 18, 19, 20, 21 agus ansin fuair sé bás agus bhí an deis imithe. Bhí orm bheith sásta, mar aisling, breathnú ar an gcarr, an t-inneall ag rith, á thiomáint suas an bóithrín faoi luas mór—tiománaí an-sciobtha (ach an-mhaith) é col cúigir Duran. Thiomáin sé ar gcúl an bealach ar fad suas an bóithrín, bóithrín cúng agus drochdhromchla air. D’fhéadfadh sé casadh timpeall, two point turn a bheadh ann, bhí spás ag bun an bhóithrín, ach b’fhearr le Duran é mar sin, bheith á thiomáint i ndiaidh a chúil, mar gur thaitin sé leis a bheith ag breathnú ar an bhfarraige, rabharta agus mallmhuir, tuile agus trá.