Sliocht as ‘An Cléireach’ le Darach Ó Scolaí

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é An Cléireach le Darach Ó Scolaí atá againn

darach O scolai

Ar chreig crochta os cionn na caschoille a chruinníomar, buíon bheag oifigeach is giollaí, hataí leathna fáiscthe anuas ar chloigne cromtha, cruach is leathar ag lonrú faoin ngealach, agus sinn ag labhairt de ghlórtha íslithe. Thoir i mbéal an ghleanna mar a rabhadar an tríú complacht i ngleic fós leis an namhaid bhí an torann lámhaigh imithe i léig, agus ó am go chéile chualamar glórtha sa dorchadas agus fir mná is easláin á dtreorú tríd an mbogach fearnóige is sailí cois abhann, nó ag dreapadh aníos faoin gcoillearnach coill is caorthainn chun iad féin a shíneadh amach go traochta ar an maolán glas raithní thíos fúinn.

Le m’ais, ardaíodh glór os cionn an mhonabhair chainte, ag moladh go dtabharfadh tine misneach dho na fearaibh agus go dtreoródh sí an chuid eile dhen reisimint chugainn.

Threoródh agus an namhaid, a deir glór eile. Amhail mar a bhíos an t-uan ag méileach, a deir Seonac Ó hAllúráin i mo chluais, níl a fhios aige an gcloisfidh an chaora é nó an mac tíre.

Rinne beirt nó triúr gáirí dóite faoina ndrad agus thit an tost in athuair nó gur labhair an cornal dhe ghlór bog, bealaithe ag tobac is uisce beatha. Tóirse ná tine ná lastar, a deir sé, ach bíodh an uile dhuine faoi airm agus ullamh chun bóthair roimh bhreacadh an lae.

D’fhanadar na hoifigigh go gcloisidís an raibh aon aguisín le cur leis sin, agus nuair nár labhair an cornal in athuair théaltaíodar leo ina nduine is ina nduine gur fágadh cruth beag déanta an chornail ag breathnú na spéire, agus a dheartháir Dónall Ó Flatharta ina chuaille fada cam lena ais.

Rinneas casacht bheag sular labhair. A chornail, a deirim, níl tagtha slán dhen mhiúinisean ach na clogaid agus an luaidhe. Ní fheicim dé ar bith go fóill ar an bpúdar ná ar na pící.

Ach in áit an chornail ba é Dónall Ó Flatharta a d’iompaigh chugam, a dhá lámh ar a choróga aige agus a chorsailéad dubh is a phlátaí ceathrúna ar taispeáint. Atá sé sin ceart go leor a chléirigh, a deir sé dhe ghlór géar tanaí, tá cuntas an mhiúinisin tugtha agam féin don chornal.

Baineadh an chaint díom. Níor tugadh cléireach mar theideal orm ó d’éag an t-iarmháistir airm i gCluain Meala dhá bhliain roimhe sin agus ó thógas féin cuntas an mhiúinisin ar láimh, bíodh is nach raibh laoi ná litir agam ón gcornal i bhfianaise ar m’ardú gradaim. D’fhéachas ar an gcornal ach bhí a cheann caite siar aige agus é ag amharc in airde ar an spéir. Folaíodh an ghealach faoi smúid agus rinneadh sundaí balbha dhen triúr againn.

D’éirigh cruth beag déanta Ruairí Uí Chadhain, sáirsint an gharda, aníos go dorcha lenár n-ais. Atá, a deir sé, an leitionant Ó Gnímh agus buíon den treas complacht tagtha isteach.

A chornail, a deirimse, agus é dhe rún agam mo chuid a rá beag beann ar Dhónall Ó Flatharta is ar an sáirsint.

Ach ba é an cornal a tháinig romham an iarraidh seo. Gan a shúile a bhaint den scamall dorcha a bhí ag leathadh anonn tharainn labhair sé go bog meáite liom, ag tabhairt m’ainm orm go muinteartha. A Thaidhg, a deir sé, déan deimhin de go bhfaighe tú greim lena ithe. Tá oíche chrua amach romhainn.

Agus lá fada romhainn amárach, a deir Dónall, agus clabhsúr á chur aige ar an gcomhrá. D’iompaigh sé chuig an gcornal ansin agus mhol go mbreathnóidís na fir, agus fágadh mise ag amharc ina ndiaidh gur leádar an bheirt uaim san oíche.

Bhraitheas súile Ruairí Uí Chadhain orm sa dorchadas nó gur chas sé féin ar a chois is gur imigh i ndiaidh na beirte. Ansin thiteadar na chéad bhraonacha, tharraingíos mo bhrat aníos thar mo cheann agus d’fháisc thart timpeall orm é. Sa spéir thoir rinne réaltóg aonair rince preabach os cionn bharra na gcrann.

Faoi chrann coill a shíneas mé féin siar an oíche sin, mo dhiallait faoi mo leiceann agam agus mé ag éisteacht le drumadóireacht na báistí ar na duilleoga os mo chionn. In ainneoin mo mhórthuirse níor thit mo chodladh orm go ceann i bhfad, ach nuair a thit chodlaíos go sámh agus níor airíos na complachtaí eile á dtabhairt aníos i rith na hoíche gur cliseadh as mo chodladh mé le cling airm agus le díoscán leathair is adhmaid i mo thimpeall.

D’aithníos cruth an ghearráin le m’ais agus, in ainneoin fuacht na mochmhaidine, d’íslíos mo cheann ar an diallait in athuair gur dhún mo shúile. Bhíos ag baint sásaimh as an gcumhracht féir is duilliúir agus as boladh an ghearráin féin, nó gur líonadh mo pholláirí le púr tobac. Chuala monabhar cainte ar an uile thaobh dhínn agus ansin glórtha an mhaoir scoir Ó hUiginn is an leitionaint Ó hAllúráin sna crainnte ar mo chúl agus iad ag déanamh grinn.

Tá an stócach ina dhúiseacht.

Beag a cheapfadh nach leagtha amach acu a bhí sé agus an mharbhfháisc air.

Mura gcorróidh an loiciméara leagfad féin na hordóga air.

Shuíos aníos go righin, scaoil an tsnaidhm faoi mo ghiall agus bhain díom an giobal éadaigh a bhí cuachta thar mo chluasa agam. D’éiríos gan mo chlóca fliuch a bhaint díom, thóg an t-éadach agus chuimil an bháisteach dhe dhroim an ghearráin leis, ansin chroch an diallait in airde ar a mhuin, chrom fúithi agus d’aimsíos súgán an uchtaigh sa dorchadas, á cheangal. Nuair a bhí an t-uisce fáiscthe as an éadach agam cheanglaíos ar mo mhála é dhe chúl na diallaite agus shuigh in airde ar an ngearrán. D’fhanas mar sin ar fhoscadh na gcrann ag cuimilt mo dhá lámh ar a chéile agus ag análú go mall réidh nó gur imigh an creathán asam, ansin ar chlos dom na gcapall á ngléasadh ag mo chuid compánach ar mo chúl ghluaiseas amach as na crainnte.

Le glas-sholas na maidine d’éiríodar líne fhada mhíchumtha na bhfear amach romham, agus iad ag dreapadh in airde tríd an bhfiataíl bháite, muscaeid is pící ar a nguaillí agus a gcloigne cromtha in aghaidh an cheobhráin bháistí. Thugas na glúine dhon ghearrán, á thabhairt ina choiscéim dheas réidh i líne comhthreomhar leo. D’éirigh capall coille dhe phléasc as an luachair agus d’imigh ar scinneadh uainn siar thar ghualainn an tsléibhe. D’ardaigh an ceo gur nocht cruth beag aonraic an chornail amach romham ina hata is a chlóca agus é ag imeacht ar bogshodar in aghaidh fhairsinge liath an chriathraigh. Bhioraíos mo dhá shúil go bhfeicfinn cé a bhí ina fhochair agus, nuair ba léir go raibh sé ina aonair, d’iompaíos sa diallait lena thaispeáint do mo chompánaigh.

Bhí an bheirt ag teacht de choisíocht mhall réidh i mo dhiaidh. An chéad mharcach agus a hata tarraingthe anuas thar a chluasa aige, Seonac Ó hAlluráin as Rinn Mhaoile Ó Thuaidh, reanglamán fada a raibh fríd an gháire dhe shíor ar a bhéal agus an mhísc ag lonradh ina shúile. Ar a chúl bhí Mathúin Ó hUiginn, seanfhile Shliabh Damh agus maor capall na reisiminte, nó maor scoir mar a deireadh sé féin ar an sean-nós, é cuachta in airde ar a chapall ina chuid breacán agus a fhallaing mhór crochta aníos thar a cheann. Agus mo lámh á crochadh agam orthu tháinig marcach eile amach as an doire coill de shodar réidh. D’aithníos meirgire an tríú complachta, Toirealach Carach Ó Conchúir, as cleith na brataí a bhí ag gobadh aníos taobh thiar dá chloigeann maol. Nuair a tháinig sé chomh fada le Mathúin baineadh croitheadh beag as sa diallait, sheas an capall agus shleamhnaigh Toirealach Ó Conchúir anuas go talamh.

Atá an fáisceán scaoilte uirthi, a d’fhógair Mathúin, agus a mhéar thanaí á síneadh i dtreo chapall an Chonchúraigh aige.

Nuair a thugas an gearrán thart bhí Toirealach Ó Conchúir cromtha faoina chapall agus Seonac is Mathúin á bhreathnú le spéis. Go deimhin ba deacair dhó cromadh óir, ní hionann is an triúr againne nach raibh d’éide chatha orainn ach ár gcótaí bufa, bhí lúireach trom iarainn is pláta droma airsean agus iad dubhtha aige in aghaidh na meirge. Dhírigh sé é féin aníos go righin agus shéid ar a mhéaracha dearga feannta, á bhfáisceadh faoina ascaill agus á gcuimilt ar a chéile sular chrom sé faoin diallait in athuair.

Lig Mathúin a fhallaing anuas ar a ghuaillí gur nocht boinéad gorm agus éadan fada cnámhach a bhí ar aondath lena fhéasóg liath. D’ísligh sé dá chapall agus thóg súgán ó chúl na diallaite. Seas siar a stócaigh, a deir sé, go gcuirfeadsa gad inti dhuit.

Dhírigh Toirealach Ó Conchúir aníos chun Mathúin a ligean isteach faoin gcapall agus chuimil a lámha ar a chéile in athuair. Atá nimh air, a deir sé.

Chonac caróg ar ball ag titim as an spéir, a d’fhógair Seonac os ard, agus aon leic amháin reoite déanta dá sciatháin.

Geall nár fhágabhar cleite uirthi.

Níor fhágamar an ubh féin inti. Bhí sí feannta bruite agus slogtha againn sular fhéad sí gráig a ligean aisti.

Lig Toirealach Ó Conchúir gáir meidhreach as agus chuimil a mhéara de chneas dearg fliuch a chinn. Bhíodar mo dhá lámh féin dingthe isteach faoi mo dhá ascaill agam, agus fuarnimh i mbarra mo mhéar.

B’fhéidir, a deirimse le Seonac, nár mhiste dhúinn deifir a dhéanamh? Agus mé ag fanacht le freagra uaidh luigh mo shúil ar an gclogad marcaigh Sasanach a bhí crochta go mórtasach aige ar chúl na diallaite sa gcaoi is go bhfeicfí an logán sa mblaosc cruinn cruaiche san áit a mhaíodh sé gur buaileadh an t-iarúinéir le dorn a chlaímh. Labhraíos leis in athuair. Tá faitíos orm, a deirim an uair seo, go n-imeoidh an cornal rófhada chun cinn orainn.

Fóill ort a Thaidhgín a mhic.

Thug Mathúin tarraingt ar an súgán, á fhéachaint. Suigh in airde uirthi go bhfeicimid.

Táim buíoch dhíot, a deir Toirealach Ó Conchúir. Tharla cleith na brataí tite ar leathmhaing dhírigh sé ar dtús í agus d’fháisc an ceangal uirthi sular shuigh sé in airde sa diallait.

Chuireas mo ladar sa scéal. File freisin é an meirgire Ó Conchúir, a deirim.

Dhírigh Mathúin aníos agus chuimil an bháisteach as a shúile. An aithním thú?

Toirealach Ó Conchúir, mac Ruairí Charaigh, complacht an mhaorsháirsint Ó Mealláin.

Chuir Mathúin strainc air féin le drochbhlas ar chlos ainm an mhaorsháirsint dó. An sionnach i gcraiceann na gcaorach, a deir sé.

Ó Mealláin? a d’fhiafraigh Toirealach Ó Conchúir dhe, agus an dá mhala crochta thar a bhaithis aige.

Na hUltaigh ar fad, a deir Mathúin. Deirid go dtroidid ar son an rí ach dhíolfaidís a n-anam leis an diabhal riabhach ar son leathbhaile sléibhe is trí bhó sheasc.

Ag tagairt d’Ultaigh an tríú complachta a bhí Mathúin, an complacht céanna a raibh Toirealach Ó Conchúir ina mheirgire orthu.Nuair nár labhair Toirealach rinne Mathúin iarracht an faobhar a bhí ar a chuid cainte a mhaolú. File, a deirir?

D’fhreagair Toirealach é go humhal. Cumaim rannta beaga go fánach, a deir sé, do-chum sásamh na gcompánach.

Éilíonn bé na héigse staidéar a stócaigh. Agus foighne. Cá rabhais ar scoil?

Ag an máistir Mac Fhlanncha. Tomás na Scoile Mac Fhlanncha ar an gCloich Scoilte.Dúiche Éanna.

Níor chuala caint air.

Mhúin sé na rudimentae dhúinn. Laidin, Béarla agus smuta dhen mhatamaitic is den Ghréigis.

Agus an Ghaeilge?

Bhí tost ann sular thug Toirealach freagra air. M’athair a mhúin léamh na Gaeilge dhom, a deir sé.

T’athair, tuigim. Agus is file t’athair?

Ní hea.

Tuigim. Shuigh Mathúin in airde ar a chapall, thug súil in airde ar an bhfearthainn a bhí ag titim as spéir liath gan bhriseadh gan bhearna, agus chroch an fhallaing throm olla aníos thar a bhoinéad. Tar chugam tar éis an tsuipéir, a deir sé, agus cuirfead in aithne dho chompántas na héigse thú.Má lagaíonn an bháisteach gheobhaidh tú éisteacht agus fáilte.

Ghlac Toirealach Ó Conchúir buíochas leis in athuair agus thosaigh Mathúin ansin ag aithris dó féin de ghlór ard reacaireachta i gclos don uile dhuine againn an dán dár tús Is róthrom ualach na héigse. Chaoch Seonac a shúil orm agus d’fhreagraíos-sa é le miongháire a cheil mo mhífhoighid leis. Ag féachaint thar a ghualainn dom chonac beirt mharcach ag fágáil chúl líne na gcoisithe agus iad ag deifriú leo aneas thar an bhfraoch chugainn, an t-athair Brian Mac Giolla Coinnigh ina aibíd mhór liathghlas, agus a ghiolla ar ghearrán lena sháil. D’fhógraíos a dteacht, stad Mathúin dá chuid reacaireachta agus lig gnúsacht as.

Chuala ceann maith i dtaobh an tsagairt, a deir Seonac. D’fhéach sé ó dhuine go duine orainn agus cár leathan gáirí air.

Lá dhe na laethaibh, a deir sé, i dtávairne an Dá Choileach ar an Teampall Mór bhíodar buíon dhe na fearaibh ag gabháil fhoinn go súgach agus tháinig an t-athair Brian isteach agus ruaig as an teach iad cé is moite dh’aon oifigeach amháin, meirgire an chomplachta, a d’fhan ann ag ól. Thug an sagart íde béil don mheirgire a rá go raibh droch-shampla á thabhairt do na fearaibh aige, agus d’fhiafraigh sé dhe an raibh a fhios aige céard is peaca an chraois ann?

Thug Seonac súil thar leiceann ar Thoirealach Ó Conchúir sular lean sé dá scéal. Is é a dúirt an meirgire, a deir sé, nach ag déanamh peaca an chraois a bhí sé ach ag déanamh aithrí is leorghnímh. Conas sin? a d’fhiafraigh an sagart de.

D’fhéach Seonac ó dhuine go duine orainn go bhfeicfeadh sé an rabhamar ag éisteacht leis. Go deimhin ba deacair a chreistiúint nach raibh a dhordán ardréimneach le clos ag an sagart féin agus é ag teannadh linn thar an gcriathrach.

Lean sé dá scéal. A deir an meirgire á fhreagairt, Nach bhfuil sé ráite ag an mbráthar bocht Mac Aingil ina leabhar beannaithe gur chóir dhon pheacach fuath a thabhairt don pheaca? Atá, a deir an sagart. Is fuath liomsa, a deir an meirgire, an craos is an mheisce. Cad chuige, a d’fhiafraigh an sagart de, a bhfuil tú anseo sa távairne ag ól mar sin? Nach bhfuil sé ráite sa leabhar céanna, a deir an meirgire, gur chóir dhon pheacach aithrí is leorghníomh a dhéanamh ina pheaca trí phianós a dhéanamh? Atá go deimhin, a deir an sagart. Agus tá sé ráite gur chóir dhon phianós a bheith i gcontráltacht don pheaca, a deir an meirgire, agus mar gur fuath liomsa an deoch mheisciúil ólaim an deoch chun píonós a chur orm féin, agus nuair a bhíonn a leordhóthain di ólta agam canaim in ard mo chinn mar phíonós don uile pheacach eile i mo chomhluadar.

Lig Seonac gáir as agus d’aithris sé an abairt dheireanach in athuair agus a lámh á bualadh dá cheathrú aige le teann sásaimh. Rinneamar an uile dhuine gáirí dár mbuíochas, agus mo shúil fós agam ar ghualainn an tsléibhe os mo chionn mar a chonac an cornal ala beag roimhe sin, agus gan anois ann ach an criathrach glas-rua is an spéir liath ag leá ina chéile. Bhí an bháisteach lagtha. Ar chlos theacht na marcach dhom d’iompaíos thart sa diallait.

Bhí an gáirí leáite dhe bhéal Sheonaic agus é ag fáiltiú go glórach roimh an sagart. A athair, a deir sé, tá deifir oraibh.

Tháinig an giolla Éamonn chomh fada linn ar dtús, fearín tanaí crua a raibh caipín olla air agus seanchlóca paistithe, agus maide mór draighin ina ghreim aige. Sheas sé a ghearrán beag íseal ar an gcíbleach le hais an chosáin gur tháinig an t-athair Brian Mac Giolla Coinnigh chomh fada leis ar a staigín mór cnámhach, a aibíd crochta aníos thar a cheann aige agus a chosa tanaí nocht go dtí na glúine. Gan freagra a thabhairt ar Sheonac ná binn an chlóca a isliú dá cheann, chroch an seansagart dhá mhéar fhada fhíneáilte agus ghearr fíor na croise san aer. Moladh go deo le Dia, a deir sé dhe ghlór bríomhar láidir a cheil a thrí scór go leith bliain. D’fhan sé go bhfuair freagra ón uile dhuine againn sular labhair in athuair. Tá ordú agam dhon fhile, a deir sé. Cé gur leag an sagart béim tharcaisneach ar an bhfocal File, chas Mathúin thart go scafánta sa diallait chuige. Is mé do sheirvíseach dílis a athair, a deir sé le teanntás, ach abairse an focal.

Ní ar Mhathúin a bhí an sagart ag amharc, ach ar Thoirealach Ó Conchúir. Tá gnó ag an maorsháirsint duit, a deir sé.

Tá go maith, a deir Toirealach Ó Conchúir agus é deargtha go bun na gcluas.

D’fhéach Seonac go hábhailleach ar Thoirealach Ó Conchúir, ansin d’iompaigh sé chuig an sagart agus labhair go mall maolaigeanta. Shíleas a athair, a deir sé, gurb é an file eile, Mathúin Ó hUiginn anseo, a bhí i gceist agat. Is mairg dhon té a thugann údar míshásaimh dho na filí.

Agus is ró-mhairg dhon fhile a chaitheann a chuid talann i dteach an óil in áit iad a thíolacadh don Eaglais le moladh don Tiarna Uilechumhachtach Íosa Críost, a deir an sagart gan a shúile a bhaint de Thoirealach Ó Conchúir aige.

Chrom Toirealach a cheann agus a chapall á thabhairt thart aige ionas nach bhfeicfí an streill mhór gháire a bhí air. Ghéaraigh an colg i súile Mhathúna. Chúbas uaidh le náire, agus bhíos ar tí na spoir a thabhairt don ghearrán nuair a tháinig bloscadh piléar chugainn ar an ngaoth. Chasamar an seisear againn sna diallaití in éineacht agus thugamar féachaint imníoch síos thar líne na gcoisithe, agus in airde ar na beanna mórthimpeall orainn, ar na scamallaibh is ar an gceo, agus ar lúb luaidhe-ghlas na habhann á nochtadh féin san iarthar. Thíos fúinn ar chúl na gcoisithe d’éirigh seitreach is liúireach mar a rabhadar buachaillí is mná an armlóin ag tarraingt ar na beithígh iompair agus ag streachailt le sínteáin na n-easlán agus, thíos fúthu sin arís,marcaigh an chúlgharda á leanacht go mall cúramach amach as an gcoill agus suas tríd an gcriathrach briste báite.

Ardaíodh port ar bhéal Sheonaic agus an abhainn á dúiseacht ag ga solais a múchadh arís faoi mhúr trom báistí. Tharraing sé a hata ar ais anuas thar a bhaithis. Ar fheiscint mo lámh ar stoc mo ghunna ghlaice dhó thug sé croitheadh réchúiseach dá ghuaillí. Aníos ón ngleann a tháinig sé sin, a deir sé.

Ba é Mathúin a d’fhreagair é, agus goimh ina ghlór nár bhain le hurchair ná le gunnaí.Gleo mór sa ngleann, a deir sé, agus gan tada ar bith ann.

Ghluaiseas chun cinn ar na marcaigh agus tar éis cúpla uair an chloig dian dreapadóireachta bhaineas mám an tsléibhe amach mar a fuaireas romham clár leathan fraoigh ag ardú go réidh i dtreo shéipéil bhig gan díon a bhí neadaithe isteach faoina mhullach. Ar thulach bheag i m’aice chonac buíon marcach buailte fúthu ar an talamh, a gcuid capall scaoilte agus iad ag cuardach solamair éigin sa bhfiataíl, agus chasas an gearráinín ina dtreo ag ceapadh gur ann a bheadh an cornal. Chuala béic ard aniar ón tulach mar a dhéanfadh gearrchaile agus ansin gártha fear a thug le fios dom gur i mbun chártaí is díslí a bhíodar na hoifigigh nó i mbun obair mhíchuibhiúil éigin eile agus mheasas gur dhen chríonnacht mo ghearrán a thabhairt thart arís, á dhíriú ar ais i dtreo cheann an tslua.

Ba ghearr mar sin dúinn nuair a tháinig an t-ordú seasamh chugainn agus cé nach raibh aon amharc faighte agam ar an gcornal ó chonac uaim ar leataobh an tsléibhe é cuireadh an focal ó bhéal go béal nó gur sheasadar líne fhada bhriste an chomplachta thosaigh. Bhí an dara complacht ag dreapadh aníos thar ghualainn an tsléibhe nuair a d’íslíos sa bhfraoch fliuch. Le m’ais, ina shuí ar a ghogaide bhí drumadóir óg, a shúile dúnta aige, a dhruma dingthe idir a dhá chos nochta agus é ag bualadh amach poirt cheoil dó féin le barra a mhéar. Sheasas ala beag ag amharc ar na saighdiúirí ag cruinniú ina mbuíonta beaga go ndáilfí deoch orthu nó go dtáinig ógánach chomh fada liom lena bholgán beorach. Chrochas an bolgán ar a cheann agus d’ól go cíocrach as.

Labhair an t-ógánach liom go fiafraitheach. Deirid, ar sé, go bhfuilid marcshluaWalair sna sála orainn? In áit freagra a thabhairt air chuimlíos an bheoir shearbh dhe mo smig agus shín an bolgán ar ais chuige. Cé nach raibh san ógánach ach glas-stócach goiríneach a trí nó a cheithre bliana déag ní raibh aon leisce air mé a cheistiú.

An fíor, a deir sé, go bhfuilid Luimneach is Caisleán Uí Chonaill timpeallaithe ag an namhaid, agus go bhfuilimidne ag cúlú siar thar Sionainn?

Cé nach raibh freagra agam ar a chuid ceisteanna ba léir ón sioscadh cainte a bhí ar bun inár dtimpeall go raibh an scéala sin á leathadh ar a chéile agus á chíoradh ag na saighdiúirí. D’fhan an t-ógánach i ngreim sa mbolgán agus é ag stánadh as a dhá shúil mhóra orm ag fanacht go labhróinn. Chuardaíos focal éigin misnigh a shásódh é ach níor tháinig dhom a rá ar deireadh ach go mba chóir dhó orduithe na n-oifigeach a chomhlíonadh agus a mhuinín a chur sa gcornal. Sháigh an t-ógánach amach a liopa íochtarach le stuaic agus d’éirigh sé chun an bolgán a shíneadh chuig an drumadóir.

Thógas mo bhriosca deireanach min choirce aníos as mo mhála, chroith an brus amach ar mo bhois agus leag an mála fúm ar an bhfraoch, ach sula bhfuaireas deis mo phroinn a chaitheamh faoi shásamh chuala glór grúscánach sháirsint an gharda ag fógairt go raibh ordú aige ón gcornal don mháistir airm.

D’itheas faoi dheifir agus Ruairí Ó Cadhain ag teacht ina bhurlamán tríd an slua chugam, a hata ina bhileog mhór bháite anuas thar a cheann, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga agus, in éagmais a halbaird a chaill sé gan amhras sa raitréat, leathphíce ar a ghualainn aige. Tá an cornal ar do lorg, a deir sé go práinneach.

D’fhiafraíos de cá raibh an cornal agus chroch sé a mhéar i dtreo na tulaí sin a ndeachas thairisti go gairid roimhe sin agus ar cheapas gur ag imirt chártaí a bhíodar na fir ann.

Atá scéala faighte aige, a deir Ruairí Ó Cadhain, go bhfuilid buíon de na Muimhnigh ar ceathrúin in Áth an Chuilinn ar an mbóthar amach romhainn agus go bhfuil áit sa távairne ann do na hoifigigh. Leath cár gáirí air agus é, gan amhras, ag cuimhneamh ar an díon a bheadh os a chionn an oíche sin. Dhe leathchogar chrom sé chugam. Ar chualaís go bhfuilimid le tabhairt ó thuaidh go Port Omna?

Siar thar Sionainn?

Titfidh sé orainne an t-áth a chosaint ar Adhartan is Walar.

Ag amharc siar thar mo leiceann dom chonac an t-ógánach ag streillireacht gháire leis an drumadóir. Le croitheadh dá cheann chomharthaigh Ruairí Ó Cadhain dom deifir a dhéanamh. D’éiríos, brus á chuimilt de mo bhéal agam le mo mhuinchille, an gearrán á tharraingt i mo dhiaidh ar srian, agus mé ag déanamh ar an tulach sin in athuair. Sular thánag chomh fada leis an gcuideachta chonac meirgire an chornail Seán Mac Conraí ag teacht ón tulach, a ghruaig slíoctha anuas ar a leiceann agus a bhuataisí marcaíochta deargtha ag móin an tsléibhe. Ina seasamh leis na caiple taobh thiar dhe bhí giolla capaill an chornail chomh maith le triúr nó ceathrar dhe gharda is de ghiollaí na reisiminte, an Seilmide ina measc, ní a thug údar dóchais dom óir ní minic a d’fheictí an Seilmide i bhfad siúil óna mháistir. Ógánach dhá bhliain déag a bhí ann a raibh airm ghaisce an chornail mar chúram air agus sinn ar an mbóthar. Bhí an clogad mór buirginéadach agus na plátaí ceathrúna i mála ar a ghualainn, agus lúireach mhór an chornail a chaitheamh aige, rud a d’fhág cuma an tseilmide air agus é cromtha faoin mblaosc throm iarainn a bhí anuas go dtí na ceathrúna air.

Bheannaíos do Sheán Mac Conraí agus é a dhul tharam ar an gcosán agus d’amharcas i mo thimpeall in athuair ach ní fhaca aon dé ar an gcornal féin. Ar mo theacht i láthair na cuideachta ghlaos amach ainm an chornail agus d’iompaigh Dónall Ó Flatharta chugam ina hata leathan dubh is a chleití báite.

Cá rabhais? Bhíothas ar do lorg.

Sula bhfuaireas deis a insint dó go rabhas féin ar lorg an chornail tháinig Dónall Ó Flatharta romham arís. Atá gnó agam dhuit, a deir sé go borb. Cé nach raibh na seacht mbliana déag slánaithe fós ag an nglas-stócach seo a bhí ina leitionant ar an gcéad chomplacht, ná sé mhí féin caite aige leis an reisimint, labhair sé le húdarás a dhearthár is a shinsir Fhlathartaigh. Beir teachtaireacht uainn, a deir sé, chuig an máistir ceathrún ag iarraidh air seisear fear ar ghearránaibh agus ábhar bainte adhmaid a chur chugainn, agus abair leis an gcaiptín Búrc sa gcúlgharda go bhfuilimid ag iarraidh dáréag marcach lena gcosaint.

Cé nach leis an gcéad chomplacht a bhaineas-sa, ach le hoifigigh an chornail, ba deacair dom an leitionant óg a eiteach nuair is ag maíomh gur ag labhairt ar son an chornail a bhí sé. Thugas féachaint eile i mo thimpeall le súil go bhfeicfinn an cornal agus, in ainneoin na bpianta a bhí i mo cheathrúna agus an fuachtán a bhí i mo ladhracha, d’éiríos in airde ar mo chapaillín beag gearrchosach chomh scafánta saighdiúrtha agus ab fhéidir liom. Bhíos suite sa diallait nuair a theann Dónall Ó Flatharta isteach chugam, a hata mór á bhrú siar óna éadan tanaí cnámhach aige gur nocht a shúile. Níorbh í an fhéachaint seachantach a bhí iontu mar a chuimhníos air agus é ina ghearrbhodach mioscaiseach i mBaile na hInse, ag faire ar dheis mo pheann a sciobadh orm nó dúch a dhoirteadh ar mo chuid páipéar, ach súil sotalach dhána nár cheil aon bhlas den drochmheas a bhí aige orm. D’fhreagraíos an fhéachaint le gnúis dhúr dhúnta ach níor chúb an leitionant a shúile uaim.

Níl a fhios agam, a deir sé, an bhfuil a fhios ag an gcaiptín Búrc ná ag a mheirgire nár chóir go mbeadh aon bhratach ar taispeáint roimh bhratach an chornail. Stop sé agus labhair arís. Bratach chaiptín an mharcshlua san áireamh, a deir sé.

Más ceist a bhí ann níor thuigeas cén freagra a bhí uaidh. D’fhanas go ndéarfadh sé rud éigin eile ach ní dhearna sé ach a smig a chroitheadh liom i gcomhartha dhom imeacht agus ansin, gan chlaonadh dhe mo cheann ná mo chead a ghabháil aige, thugas an gearrán thart agus d’imigh liom sa siúl.

Fág freagra ar 'Sliocht as ‘An Cléireach’ le Darach Ó Scolaí'