FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Bheairtle Uí Chonaire – Iad seo nach bhfaca

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é ‘Iad seo nach bhfaca’ le Beairtle Ó Conaire atá againn

IadSeoNachbhFaca

Déardaoin a bhí ann. Chuir sé iontas air nuair a thug Pedro cuireadh dó féin is d’Eibhlín deoch a bheith acu le chéile. B’in an lá roimh an dáta a mbeidís beirt ag éirí as a bpost sa Roinn Fíoruisce agus Drochthailte. Bhí an teach tábhairne gar don oifig, áit a mbíodh tarraingt chuid d’oibrithe na Roinne tráthnóna Dé hAoine.

Pedro a bhí ag seasamh. D’airigh Aibhistín saoirse nua aige cheana féin nuair a d’fhiafraigh Pedro de céard a bheadh aige. Gloine fíona a bheadh ag Eibhlín.

‘Pionta pórtair a bheas agamsa.’ Bhreathnaigh Aibhistín os íseal ar Phedro le míshásamh a bhrath ina éadan.

‘Pionta a bheas agam féin,’ ar seisean, mar dhuine arbh é a ghnáthdheoch é. Ansin bhrostaigh sé chuig an gcuntar.

‘Deirtear go bhfuil maitheas sa nGuinness. Teacht aniar nach bhfuil sa mbeoir.’ Ansin d’athraigh sé cúrsa. ‘Cheap mé gur thaitin an obair sa Roinn libh,’ ar seisean, á shocrú féin ina chathaoir, gan a bhriathra ag teacht lena phearsantacht agus é ag breathnú go hamhrasach ar chúr flannbhuí a phionta.

‘Deoch an fhir oibre. Céard a bheadh air?’ arsa Aibhistín.

‘Tá sórt feilm ceannaithe againn. Cúpla garraí is seanteach,’ a mhínigh Eibhlín is meangadh uirthi.

‘Go maith, go maith,’ ar seisean, go machnamhach. É fós ag dearcadh an phionta go drogallach.

‘Caith siar é,’ a chomhairligh Aibhistín agus dánaíocht san iarratas a chuir iontas air féin.

Baineadh geit as Pedro. Rug sé go humhal ar a phionta is bhreathnaigh ar Aibhistín. Cheap Aibhistín gur aithin sé faitíos san amharc ina shúile. Mar a bheadh sé fágtha gan airm chosanta ar bith nó barbar ag beannú dó. Ag an noiméad sin d’airigh Aibhistín Pedro ar adhastar aige. Thug sin sásamh dó. Ansin bhain Pedro blogam beag as. IAD SEO NACH BHFACA 135 Iad seo nach bhfaca:Layout 1 10/11/2010 09:43 Page 135 Chonaic Aibhistín ón strainc a leathnaigh mar roic ar fud a éadain gur bhlas sé searbh dó.

‘Is trua sin, anois,’ ar sé, ag caint leis féin.

‘An pórtar?’ a d’fhiafraigh Aibhistín, ag baint blogaim as a phionta féin.

‘Go bhfuil sibh ag fágáil,’ arsa Pedro gan a shúile a bhaint den phionta. ‘Mé ag ceapadh gur thaitin an post leat,’ ar sé, ag ardú a chinn i dtreo Aibhistín. ‘Gan aon bhrú ort ó chustaiméirí trioblóideacha a bheadh isteach sa Roinn.’ Stop sé go tobann, mar a bhuailfeadh smaoineamh eile é. Thóg sé cúpla soicind air meangadh a chlárú ar a éadan. Leathnaigh súile Aibhistín le hiontas. Níor chuimhin le ceachtar díobh Pedro le haoibh an gháire. Bhreathnaíodar beirt air, ag súil le foilsiú neamhghnách uaidh. Ansin bhreathnaigh sé os a gcionn agus dúirt i bpearsa arbh aithin dóibh, ‘Is é mo mhian, agus freisin mian fhoireann na Roinne, gach rath ó Dhia a ghuí oraibh.’

Gheit Aibhistín, mar thuig sé cén rath a raibh súil aige féin ó Dhia. Chuir sé as a cheann chomh luath céanna é nuair a mheabhraigh sé dó féin nach ann do Dhia.

‘Go mba hé dhuit agus dhóibh,’ a dúirt Eibhlín, a héadan ag lasadh, mar bheoigh an ghuí ag teacht ó Phedro mothúchán nó comhbhá faoi leith leis nár airigh sí ariamh cheana. Cé is moite de D. T., níor chomhairigh toil Dé i saol na Roinne i bpé comhairleachan nó cinneadh a bhí le déanamh, cé gur mhinic a ainm á lua.

Níor dhúirt Aibhistín focal. An seanamhras céanna faoi Phedro tagtha ar ais. Pedro ag cur an phionta go dtí a bhéal is ar ais i rith an ama. Is beag ísliú a bhí ag teacht ar an leacht sa ngloine. Nuair nach raibh tada á rá, choinnigh Pedro ag breathnú os a gcionn. Bhí Eibhlín ag fanacht leis an ráiteas tábhachtach uaidh.

‘Ní call a mheabhrú daoibhse, a Aibhistín agus a Eibhlín, go bhfuil agus go mbeidh nósmhaireacht agus dualgais le leanacht ag fostaithe, agus freisin ag iarfhostaithe na Roinne Fíoruisce agus Drochthailte. Ar mhaithe le leas na Roinne agus na tíre, áirím rúndacht ar an dualgas is tábhachtaí.’

‘Ach . . .’

Chuaigh sé roimh Eibhlín sa gcaint. ‘Gabh mo leithscéal,’ ar seisean is bhreathnaigh go géar uirthi. ‘Nílim críochnaithe fós. Nuair a thosaíonn duine ag obair sa Roinn Fíoruisce agus Drochthailte tá móid shaolta ag dul leis an bpost, móid rúndachta agus dílseachta . . .’

‘Níor chuala mise faoi aon mhóid mar sin,’ arsa Eibhlín, ag breathnú ar Aibhistín is iontas uirthi.

‘An féidir liom críochnú? Is é sin nach ndéanfar tagairt d’imeachtaí ná comhráití agus gur le hómós cuí a labharfar ar phearsanra na hoifige. Táim cinnte go bhfuil sin intuigthe agaibh cheana,’

Rinne Eibhlín gáire. ‘Ní call imní fúinne. Ní fhaca muid aon scannal.’

Baineadh an anáil d’Aibhistín. Mar a roghnódh sí an focal scannal le rá d’aon turas. D’airigh sé an míshásamh ní ba mheasa ar Phedro ná air féin. Lig seisean dá láimh ina raibh a phionta a bhí leathardaithe chuig a bhéal titim ar ais ar an mbord. Chonaic sé go raibh crith ina lámh agus an dearcadh eaglach ar ais ina shúile.

‘Céard eile?’ arsa Pedro agus é curtha dá bhuille de réir cosúlachta. D’éirigh sé ina sheasamh. Bhreathnaigh ar a uaireadóir. ‘Ta orm a bheith in áit eile.’ D’iompaigh sé i dtreo na beirte. Shín a lámh chuig Eibhlín i dtosach. ‘Ní iarrfainn go deo ort imeacht,’ ar sé. D’airigh Aibhistín lámh Phedro fuar ina ghlaic mar iasc marbh. ‘Rinne tú do chuid oibre go cneasta agus tá toradh dá réir air.’ Leis sin amach leis an doras faoi dheifir.

Ní raibh Aibhistín cinnte cé na mothúcháin a bhí aige i leith Phedro. Cé go bhfaca sé míshásamh is faitíos ar a seal ina shúile, níor shamhlaigh sé é mar dhuine a raibh mothúcháin aige. Bhac an nósmhaireacht neamh-phearsanta a bhunaigh sé san oifig aon mhothúchán a léireodh duine. Bhí sé sásta go raibh sé imithe as a shaol. Níor tháinig Pedro ina bhealach sa Roinn ó athraíodh a phost. Mar sin féin, mhothaigh sé a scáil aniar ina dhiaidh go seasta. Mar a bheadh an scáil sin ag fanacht lena deis. B’fhuascailt dó an scáil sin a fheiceáil ag siúl amach an doras is a phionta ag éirí leamh, gan ól, ina dhiaidh ar an mbord.

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Bheairtle Uí Chonaire – Iad seo nach bhfaca'

  • Sinead

    Iontach – GRMA as ucht an píosa a thabhairt ar aird.