FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Antain Mhic Lochlainn – Taibhsí an Locha

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Taibhsí an Locha le Antain Mac Lochlainn atá againn

Antain Taibhsí

Anois, an dialann,’ a dúirt sé, agus lig sé osna. Níor choinnigh John Grayling dialann riamh. Bhí dialann oibre aige, ceart go leor, a bhí lán rudaí ar nós ‘coinne leis an bhanc’ agus ‘cruinniú leis na bainisteoirí i Nua- Eabhrac’. Ach cad é a scríobhfadh sé sa dialann seo?
‘Smaointe,’ a dúirt an Dochtúir Ó hÍcí leis. ‘Na rudaí a fheiceann tú ó lá go lá. Beidh go leor leor ama agat le bheith ag smaoineamh faoi chúrsaí an tsaoil.’ Bhuel, bhí sin fíor! An iomarca ama a bhí aige. Bhí sé deacair smaoineamh ar aon rud le scríobh sa dialann. Bhí gach lá mar a chéile anseo sa teach mór leis féin, gan de chomhluadar aige ach Joey, seanpheata de mhadra.* Ní raibh cead aige carr a thiomáint ná nóiméad oibre a dhéanamh. Bhí deireadh leis na coinní agus na cruinnithe. Slán leis na heitleáin go Londain agus goWashington D. C.
‘Tá an t-ádh dearg ort,’ a dúirt an Dochtúir Ó hÍcí leis. ‘Bhí timpiste uafásach agat. Bhí ar na Gardaí tú a ghearradh amach as an charr. Chaill tú a lán fola agus is beag nach bhfuair tú bás. Suaimhneas atá de dhíth ort anois, a bhuachaill. Suaimhneas agus síocháin. Tá rudaí sa saol seo atá níos tábhachtaí ná obair agus airgead.’
Ghlac sé le comhairle an dochtúra. Cheannaigh sé Teach an Locha, seanteach mór in áit uaigneach i bhfad ón bhaile mór. Dhá mhilliún euro a d’íoc sé air, agus chaith sé milliún eile ar throscán agus ar chuirtíní agus a leithéid. Pinginí beaga, dar leis. Bhí sé ina shuí anois ina leabharlann go déanach san oíche, ag féachaint amach ar an loch a bhí faoi bhrat ceo.* Ní raibh dada scríofa aige sa dialann ach ‘Dé Máirt, 28 Deireadh Fómhair’. Ní raibh dada le cloisteáil sa teach mór folamh ach canadh na n-éan – canadh brónach uaigneach. B’fhéidir go scríobhfadh sé píosa faoi sin. Thóg sé a pheann agus scríobh ‘Tá an oíche chomh dubh le gual. Tá na héin ag canadh – Ní hea, ag caoineadh atá siad. Caoineadh uaigneach mar a dhéanfadh bean sí.’
Bhí an chéad líne scríofa aige! Bhí tús curtha leis an obair. Scríobh sé líne eile: ‘Síleann daoine go bhfuil an teach seo folamh. Ní folamh atá sé. Ní hea in aon chor. Cónaíonn taibhsí anseo. Taibhse gach duine a bhí anseo romham – na searbhóntaí, na cócairí, na daoine uaisle a bhfuil a bpictiúir ar crochadh sa halla.’
Bhí an ghaoth ag ardú agus bhí duilleoga á mbualadh in éadan na fuinneoige. ‘Cosúil le méara ag scríobadh ar chónra,’* a dúirt sé, ach níor scríobh sé síos é. Cén fáth a raibh na smaointe dorcha seo ag teacht chuige? An ceo, b’fhéidir, nó an t-uaigneas. Is ea, an t-uaigneas. Thosaigh sé ag scríobh arís: ‘Agus tá taibhse eile ann. Taibhse John Grayling, an fear gnó idirnáisiúnta. B’fhéidir go bhfuair sé bás an oíche sin ar an M1. An Volvo scriosta agus eisean idir bás agus 8 beatha. An mbeadh brón ar éinne dá bhfaigheadh sé bás? Bhí aithne aige ar na céadta duine ach ní raibh oiread agus cara amháin aige. Róghnóthach ag cur airgid sa bhanc chun labhairt le daoine eile. Is ea, taibhse de dhuine. B’fhéidir nach raibh sé riamh beo in aon chor.’
Bhí an ceart ar fad ag an dochtúir. Bhí seo i bhfad níos fearr ná uair an chloig ag caint le síceolaí.* Agus níos saoire! Ach bhí sé ag tosú ag cur eagla air féin leis an chaint seo faoi mhná sí agus taibhsí. Smaoinigh sé ar na portráidí sa halla. Daoine a fuair bás fadó fadó. An raibh siadsan cráite cosúil leis féin? Bhí Joey ag éirí míshuaimhneach. Madra leisciúil a bhí ann a chaitheadh leath an lae ina chodladh, ach seo é ag siúl síos suas, suas síos agus é ag geonaíl.* Seanmhadra amaideach! Ní raibh faic sa seomra. Faic na ngrást. Thosaigh Grayling ag scríobh arís.
‘Ach tá mé uaigneach anseo. Fíoruaigneach . . .’
Agus dúirt sé amach os ard: ‘Tugaim cuireadh do thaibhsí an locha teacht ar cuairt chugam. Beidh comhrá agus comhluadar againn! Dúisígí, a thaibhsí! Tagaigí chugam! Tagaigí!’
Shuigh sé nóiméad, ag fanacht. Cad é leis a raibh sé ag fanacht? Tintreach? Scread? Aghaidh bhán ag an fhuinneog? Bhí an seanteach chomh ciúin le reilig agus ní raibh dada beo le cloisteáil ach ceol na gaoithe. ‘Amadán,’ a dúirt sé. Dhún sé an dialann agus mhúch an lampa.
Chuaigh sé a luí agus é ag gáire faoi féin. Luigh Joey ag bun na leapa mar ba nós leis.
Thit Grayling ina chodladh ach ní codladh sámh a bhí ann. Chonaic sé aghaidheanna daoine ina bhrionglóid, iad ag caint i dteanga nár thuig sé. Guthanna brónacha cráite a bhí ag iarraidh air rud éigin a dhéanamh, ach ní raibh a fhios aige cad é a bhí ann. Bhí an leaba fliuch lena chuid allais nuair a mhúscail sé ar maidin. Chonaic sé Joey ina sheasamh ag bun na leapa, ag déanamh garda ar a mháistir. Bhí súile an mhadra ar oscailt agus na cluasa ar bior.* Bhí an oíche caite ag an chréatúr bocht ag éisteacht le fuaimeanna nach gcloiseann aon duine daonna. Bhí comhluadar acu sa seanteach. Bhí taibhsí an locha ina ndúiseacht. Fear mór liostaí a bhí in John Grayling riamh. Liostaí de rudaí a bhí le déanamh. Liostaí de dhaoine le glaoch a chur orthu. Liostaí de na suimeanna móra airgid a bhí sa chuntas seo nó sa chuntas siúd. Bhí sé ag scríobh liosta anois, ina shuí sa chistin ag ól tae gan bhainne. Ní raibh bia ar bith sa teach chun bricfeasta a dhéanamh dó féin ná don mhadra. ‘Ná féach orm mar sin, a Joey,’ a dúirt sé. A Dhia! Bhí sé ag caint leis an mhadra anois! ‘Is é an chéad rud ar an liosta ná glaoch a chur ar Jackie agus cuireadh a thabhairt di an deireadh seachtaine a chaitheamh linn. B’fhéidir go mbeidh trua aici dúinn agus go ndéanfaidh sí dinnéar deas dúinn.’ Leag sé a mhéar ar an tábla agus tharraing líne tríd an dusta ann. ‘Agus rud beag glantacháin . . .’
D’fhan a dheirfiúr leis an chéad seachtain a chaith sé sa teach mór. Chuir sí fógra beag i bhfuinneog an tsiopa sa sráidbhaile, ag lorg duine chun cabhrú lena deartháir. ‘Cad é atá de dhíth ort?’ a d’fhiafraigh sí, ‘nó cad é a scríobhfaidh mé?’
‘Bhuel, anois,’ arsa Grayling. ‘Tiománaí, mar níl cead agam féin bheith ag tiomáint. Glantóir. Duine a dhéanfaidh obair sa ghairdín. Ó, agus rud beag cócaireachta, leis.’
‘Hmm,’ a dúirt sí. ‘Scríobhfaidh mé “sclábhaí* ag teastáil” mar sin.’
Chuir sí uimhir fóin a dearthár leis an bhfógra ach níor ghlaoigh aon duine riamh. ‘Sin na hÉireannaigh agat,’ a dúirt sé léi go míshásta ar an teileafón. ‘Táimid róghalánta le seirbhís a thabhairt do dhaoine eile.’
‘Tusa ag caint ar sheirbhís!’ a dúirt sí. ‘Tusa nach ndearna cupán tae agus nár las tine agus . . .’
‘Ok, ok. Bhí mé i gcónaí róghnóthach. Cén fáth a mbeadh duine cosúil liomsa ag scuabadh an urláir? Sin an rud nár thuig tú riamh, a Jackie. Tá dhá chineál duine sa saol – na daoine atá in uachtar agus na daoine atá in íochtar. Ní mhúineann tú sin do na mic léinn san ollscoil!’
Seanchluiche a bhí á imirt aige. Bhí sé ag iarraidh fearg a chur uirthi ach ní dúirt sise dada. Chuala sí a leithéid seo go minic cheana féin. Rómhinic. Bhí tost ann ar feadh nóiméid.
Chuir an tost eagla ar Grayling. An dtiocfadh sí nó an mbeadh air an deireadh seachtaine a chaitheamh ag comhrá leis an mhadra? Bhí daoine de dhíth air. Cairde agus comhluadar. Ach bhí eagla air nach mbeadh a chairdeas ná a chomhluadar ag teastáil ó éinne. Duine deacair a bhí ann. Thuig sé féin é sin anois. Bhí faoiseamh air nuair a labhair Jackie arís.
‘Ceart go leor, a John. Beidh mé ann maidin Dé hAoine. Ach éist, tá aistí le marcáil agam. Ní bheidh mé ag freastal ort mar a bhí an t-am deireanach.’
Bhí sí ag teacht! Bhí lúcháir air ach níor inis sé sin dá dheirfiúr. Cén fáth? Cén fáth a ndúirt sé ‘Maith go leor’ ar nós cuma liom? Bhí sé ar tí an fón a chur síos, nuair a labhair Jackie arís. ‘Ó, sin rud eile. An miste leat má thugaim cara liom? Chas tú léi cheana féin ag cóisir na Nollag. Brenda – tá sí ag obair liom i Roinn na Seandálaíochta.’* ‘Níl aon chuimhne agam uirthi, ach níl iontas orm go bhfuil sí ag iarraidh mise a fheiceáil arís. Fear breá cosúil liomsa . . .’
‘Och, a John! Tá tú chomh holc agus a bhí tú riamh. An scéal céanna i gcónaí. Mise, mise, mise. Is cuma le Brenda mura bhfeicfidh sí choíche arís thú ach tá spéis mhór aici sa teach. Éist, tá mise ag imeacht. Tá obair le déanamh ag cuid againn.’
Agus bhí sí imithe. D’fhan Grayling ina sheasamh agus an fón ina lámh. Bhí Jackie ag teacht chun aire a thabhairt dá deartháir. Bhí cineál de dhualgas* uirthi sin a dhéanamh. Ach an raibh grá aici dó? Ba dheacair grá a thabhairt dó agus é ag magadh fúithi an t-am ar fad. Ag magadh faoina cuid oibre san ollscoil. Ag magadh faoina cairde. Ach bheadh an deireadh seachtaine seo difriúil. Dhéanfadh sé iarracht a bheith deas, pléisiúrtha. Theastaigh ó Bhrenda an teach a fheiceáil. Bhuel, ghlanfadh sé an teach agus dhéanfadh sé deas compordach é. Adhmad sa tine. Éadaí glana ar na leapacha. Chuir sé an fón ar ais agus d’imigh leis ag canadh go sásta. Bhí sórt cuimhne aige gur bean dheas a bhí i mBrenda.
Thosaigh sé sa halla. D’amharc sé timpeall agus lig sé osna. Bhí an halla níos mó ná an t-árasán a bhí aige i mBaile Átha Cliath. Bhí an ceart ag Jackie, mar is gnách. Bhí an teach i bhfad rómhór dó. Deich gcinn de sheomraí leapa. Stáblaí. Séipéal, fiú amháin! Ach ní éistfeadh John le comhairle. Theastaigh uaidh a bheith ina thiarna i dteach mór tuaithe.
Thosaigh sé ag scuabadh an urláir agus é ag ceol ‘Love Me Tender’ le Elvis Presley, amhrán a chuala sé ar an raidió níos luaithe ar maidin agus a bhí ina cheann ó shin. Ach rinne sé athrú beag ar an amhrán – chuir sé ‘Brenda’ isteach in áit ‘tender’. Thóg sé an scuab agus thosaigh á luascadh timpeall ar nós is go raibh siad ag damhsa le chéile. Cé a dúirt nach dtiocfadh spórt a bheith agat agus tú ag déanamh obair an tí?
Love me Brenda, love me true
Never let me go . . .
Stop sé go tobann. Mhothaigh sé duine ag féachaint air. Chomh cinnte le Dia bhí duine ag féachaint air ag déanamh amadáin de féin. Elvis Grayling, muise! Bhí duine ar an staighre taobh thiar de agus bhí a dhá shúil sáite in Grayling. Bhí faitíos air tiontú agus a aghaidh a thabhairt ar cibé duine a bhí ag féachaint air. Amaidí! Chonaic duine thú ag pleidhcíocht. Ní deireadh an tsaoil é. Ach bhí rud éigin ag insint dó go raibh an scéal níos measa ná sin. Bhí rud éigin uafásach sa halla leis. Rud éigin mínádúrtha. Sheas na ribí ar chúl a mhuiníl.* A Dhia, cad é a bhí ag tarlú dó? Chuaigh creathán fuachta* tríd ó bhun go barr. Thit an scuab as a láimh agus rinne cleatráil ar na tíleanna. D’fhan Grayling san áit a raibh sé – reoite le heagla.
Tháinig cuimhne ghránna chuige. Bhí sé san ospidéal. Bhí soilse geala timpeall air agus bhí daoine ag caint. Theastaigh uaidh féin labhairt ach ní raibh sé in ann. Ní raibh sé in ann a cheann a thógáil den leaba. Chonaic sé a chuid fola féin ar an éadach bán. Chuala sé dochtúir ag rá: ‘Seansanna? Dó as a deich, déarfainn. Tá an iomarca fola caillte aige. An bás atá i ndán dó, cinnte.’
Theastaigh ó Grayling ‘Ní hea’ a scairteadh amach. Bhí an dochtúir mícheart. Bheadh sé maith go leor. Bhí sé láidir. Ní raibh sé réidh le bás a fháil.
‘Ní hea!’ Ach ní raibh fuaim ar bith leis na focail. Rinne sé iarracht eile. ‘Ní hea!’ Ach bhí sé cosúil le bheith ag iarraidh labhairt agus tú faoi uisce. Uair amháin eile. Bhí a shaol ag brath air. Bás nó beatha. Abair é! Abair é! Sula múchfaidh siad an meaisín. Abair é! ‘NÍ HEA!’ Bhain na focail macalla* as na ballaí. Dúirt sé arís é, níos ísle an t-am seo. ‘Ní hea!’ Mhúscail na focail sin é. D’amharc sé timpeall. Sa halla a bhí sé. An halla ina theach féin. Chuir sé lámh le clár a éadain. Bhí a chraiceann tais le hallas fuar. Bhí deora móra fola ar an urlár. In ainm Dé, cad é a bhí cearr leis? A shrón a bhí ag cur fola. Thit cúig cinn de dheora móra dearga ar na tíleanna bána. ‘Tá mé ag titim as a chéile,’ a dúirt sé. Bhí eagla air go dtitfeadh sé as a sheasamh. Chuaigh sé síos ar a dhá ghlúin ar an urlár. Ní raibh a fhios aige cé chomh fada is a d’fhan sé ansin. Deich nóiméad, b’fhéidir, nó dhá uair an chloig. A cheann ina lámha aige. Níor amharc sé siar ar an staighre ar feadh an ama sin.
Bhí comhrá aige leis an Dochtúir Ó hÍcí faoi seo, an lá a d’fhág sé an t-ospidéal.
‘Bíonn strus ar dhaoine tar éis tráma,’ a dúirt Ó hÍcí. ‘Déanann sé rudaí difriúla ar dhaoine difriúla. B’fhéidir go dtiocfadh eagla ort gan chúis gan ábhar. Nó seans nach mbeidh tú in ann codladh san oíche. Nó b’fhéidir – ’
Chuir Grayling deireadh le caint an dochtúra.
‘Bhuel ní bheidh fadhb ar bith mar sin agamsa, a dhochtúir. Is beag nach bhfuil dearmad déanta agam den timpiste cheana féin. An rud nach maraíonn tú, déanann sé níos láidre thú. Nach fíor sin?’
‘Bhuel, ní fíor i gcónaí é, a John. Déan gar dom. Coinnigh súil ort féin. Má bhíonn tromluí* agat, mar shampla, scríobh síos i do dhialann é. A leithéid sin. Caithfidh tú aclaíocht a dhéanamh chun do chorp a dhéanamh láidir arís. Ach ná déan dearmad de d’aigne.’*
Agus féach anois é! An fear mór saibhir! Thíos ar a dhá ghlúin agus eagla air dul suas staighre. Ach bhí Joey ag dul ar mire taobh amuigh, ag geonaíl agus ag scríobadh an dorais. D’éirigh Grayling agus shiúil go mall go dtí an doras. Lig sé an madra isteach agus ba mhór an misneach dó comrádaí a bheith aige.
Thug sé misneach dó labhairt amach os ard freisin. An ciúnas marbh a bhriseadh. ‘Anois, a Joey. Caithfidh mise m’aghaidh a ghlanadh. Agus ansin gheobhaimid tacsaí isteach chun an tsráidbhaile. Maith go leor?’
Bhí sé níos fearr ná maith go leor. Thuig Joey an focal ‘tacsaí’. Is é an chiall a bhí leis ná an siopa búistéara, casadh le madraí an bhaile agus peataireacht ó na daoine ar an tsráid. Chuir Grayling glaoch ar an tacsaí agus sheas ag bun an staighre ar feadh tamaill. Leag sé cos ar an chéad chéim agus d’amharc suas an pasáiste dorcha. ‘Ná bac leis, a Joey,’ a dúirt sé, ‘is féidir liom m’aghaidh a ní sa chistin.’

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Antain Mhic Lochlainn – Taibhsí an Locha'

  • Breandán de Leigh

    Iontach maith. An léamh is fearr go dtí seo.Tuilleamh le bhur dtoil!