FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar le Áine Ní Ghlinn – Fuadach (Cois Life, 2005)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sa tsraith seo ‘Focal is Fuaim’ sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Áine Ní Ghlinn atá againn. © Cois Life, 2005

Fuadach

Caibidil 9 & 10

An lá mor! Faoi dheireadh!

Bhí na páistí ar fad le bheith ar scoil ag a leathuair tar éis a hocht.

Bhí Niamh ina suí óna leathuair tar éis a sé. Éide scoile le seiceáil arís. Snas ar na bróga arís – díreach ar eagla na heagla! Agus ar ndóigh sceitimíní áthais uirthi. Conas a d’fhéadfá codladh a dhéanamh agus an tUachtarán ag teacht chun na scoile.

Bhuail sí ar dhoras Aoife ag a hocht agus bhuail siad leis na buachaillí ag geata na scoile. Ní raibh sé ach fiche tar éis ach bhí go leor daoine ann rompu.

Bhí na múinteoirí ar fad gléasta suas go galánta – éadaí nua ceannaithe ag go leor acu. Seaicéad álainn glas ar Iníon Uí Riain, sciorta bán agus blús geal bui. Í ag breathú go haoibhinn ar fad.

Ba bheag nár phléasc na páistí amach ag gáire, áfach, nuair a chonaic siad an bheirt mháistir. Culaith, léine agus carbhat! D’fhéach siad chomh haisteach agus chomh míchompordach sin – amhail is dá mbeadh na héadaí ar iasacht acu don lá!

‘Cá bhfios!’ a dúirt Cathal. ‘B’fhéidir go bhfuil!’

Chaith an scoil ar fad beagnach leathuair an chloig sa halla. Gach duine ar bís. Bean Uí Cheallaigh ag geallúint nach mbeadh aon obair bhaile acu go ceann dhá lá dá mbeadh gach duine iontach maith inniu.

Ba leor sin! Má bhí aon duine ag smaoineamh ar a bheith ag pleidhcíocht chuir sé sin deireadh lena chuid pleananna!

Faoi dheireadh – díreach roimh a naoi – amach leo sa chlós. Gach duine isteach ina líne féin. Múinteoirí ag siúl suas síos. Conchita chun tosaigh, i ina seasamh in aice leis an bpríomhoide.

Chuaigh Aoife suas chuici. Ba é seo an chéad uair ar labhair sí léi ón lá sin ar tháinig Conchita chuici siúd.

‘Go n-éirí leat,’ ar sise.

Leath meangadh mór gáire ar aghaidh Conchita. ‘Tá mé thar a bheith neirbhíseach. Tá mé cinnte go ndéanfása jab níos fearr.’

‘Ní dhéanfainn,’ arsa áoife. ‘Beidh tú togha! Déanfaidh tú go hiontach é. Agus tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as!’

Shín sí a lámh chuig Conchita. Rug Conchita ar an lámh agus chroith go láidir í.

‘Go raibh míle míle maith agat. Agus arís tá brón orm nár tarraingíodh…’

Níor lig Aoife di an abairt a chríochnú.

‘Ná bíodh brón ortsa. Tá brón ormsa go raibh mé chomh páistiúil faoin rud ar fad.’

Bhris Bean Uí Cheallaigh isteach orthu ag an bpointe sin.

‘Aoife! Ar ais chuig do líne le do thoil.’

‘Cad a bhí ar siúl agatsa?’ arsa Niamh nuair a tháinig Aoife ar ais.

‘Faic,’ arsa Aoife. ‘Bhfuil a fhios agat? Níl an Conchita sin ródhona!’

Ní raibh am acu a thuilleadh a rá. Bhí Bean Uí Cheallaigh ag iarraidh ciúnais.

Bhí Cathal agus Liam ag breathnú ar na gardaí. Iad ag siúl suas síos. Cuid acu ag labhairt isteach i bhfón póca.

Go tobann, chuala gach duine an seordán.


Bhreathnaigh go leor daoine ar a n-uaireadóirí. Ní raibh sé ach sé nóiméad tar éis a naoi. Bhí sé luath.

D’fhéach Bean Uí Cheallaigh thart. Bhí gach duine ina líne cheart.

Bhreathnaigh Cathal ar an mBleachtaire Ó Broin. Bhí cuma an-neirbhíseach air siúd. É ag breathnú ar a uaireadóir. É ag breathnú ansin ar an Sáirsint Ó Néill.

Chuir an Bleachtaire Ó Broin an fón póca óna lámh chlé go dtína lámh dheas agus d’imigh a lámh dheas isteach faoina sheaicéad.

Thug Cathal sonc do Liam.

‘Caithfidh go bhfuil gunna aige,’ ar seisean.

Le gleo an héileacaptair ní raibh Liam in ann é a chloisint, áfach.

Lean Cathal air ag breathnú ar an mbleachtaire. Ba léir go raibh sé buartha faoi rud éigin. An-bhuartha. Bhí a lámh fós faoin seaicéad aige agus é anois ag béicíl isteach san fhón póca. Ba léir, áfach, nach raibh an té a bhí ar an taobh eile den líne in ann é a chloisint.

Chuir sé an fón isteach ina phóca agus thosaigh ar a bhealach a dhéanamh timpeall ar an slua. Threoraigh sé an Sáirsint sa treo eile.

Díreach ar an bpointe sin thuiling an héileacaptar. Bhí an ghaoth is an gleo ó na liáin dochreidte.

Osclaíodh an doras agus léim beirt fhear amach. Meaisínghunnaí crochta. Tháinig beirt eile ina ndiaidh. Ceathrar fear cosanta. Bhí an ceart ag an máistir. Bhí níos mó ná beirt ann.

Ní fhaca na páistí a leithéid cheana seachas sna scannáin agus níor rith sé leo go raibh aon rud bunoscionn. Thóg sé cúpla nóiméad orthu na balaclavas a thabhairt faoi deara.

Bhí an Bleachtaire Ó Broin díreach in aice le Niamh agus Aoife faoin am seo. Chuala Aoife é ag béicíl.

‘Coinnigh an príomhoide agus an cailín sin siar.’

Bhí sé ródhéanach, áfach.

Bhí an príomhoide agus Conchita i ngreim ag na fir chosanta cheana féin, gunnaí dírithe orthu ag beirt. An bheirt eile agus a meaisínghunnaí dírithe acu ar an sula. Ar na páistí go léir.

Bhí inneall an héileacaptair níos ciúine. Nó b’fhéidir nach raibh ann ach go raibh meigeafón ina lámh ag an té a thosaigh ag caint.

‘Lámha san aer ag gach uile dhuine. Gardaí agus bleachtairí amach anseo chun tosaigh. Ná bíodh aon duine ag smaoineamh ar ghunna a tharraingt. Má dhéanann gheobhaidh an bheirt seo urchair sa chloigeann. Gan trácht ar an sléacht a d’fhéadfaimis a dhéanamh anseo sa chlós.’

Diaidh ar ndiaidh rinne na gardaí a mbealach tríd an slua. Bhí an Bleachtaire Ó Broin ar a ghogaide in aice le Niamh agus é fós ag labhairt isteach san fhón póca.

‘Gach uile gharda. Gach uile bhleachtaire,’ arsa fear an mheigeafóin. ‘Tá a fhios againn cé mhéad agaibh atá anseo. Tá a fhios againn go bhfuil fón póca ag gach duine agaibh. Anois tá deich soicind agaibh. Mura mbíonn gach uile gharda anseo, a lámha san aer aige agus fón póca i gceann de na lámha sin gheobhaidh an cailín seo sa chloigeann é.’

Chroith an Bleachtaire Ó Broin a cheann, sheas sé suas agus lean a chomhgleacaithe.

‘Anois rachaidh duine againn thart chun gunnaí agus fóin phóca a bhailiú ó mhúinteoirí agus ó ghardaí. Má fhanann gach duine socair beidh sibh go breá. Nílimid ag iarraidh aon duine a ghortú.’

Faoin am seo bhí cuid de na páistí ag caoineadh le heagla. Bhí an chuid eile chomh reoite is chomh sceimhlithe sin leis an eagla nach bhféadfaidís deoir a shileadh. Tiocfadh sé sin ar ball.

Ceannaigh Anseo

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar le Áine Ní Ghlinn – Fuadach (Cois Life, 2005)'