FOCAL IS FUAIM: Sliocht as an scéal béaloidis ‘An Fear a Chuaigh go na Flaithis’ á aithris ag Tom Pheaidí Mac Diarmada

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Tom Pheaidí Mac Diarmada atá againn

tompheaidimacdiarmada

Tá an scéal seo le fáil sa leabhar Sláinte: Deich mBliana de Chló Iar-Chonnacht in eagar ag Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 1995)

Is féidir cóip den leabhar a cheannacht anseo.

Rí a bhí in Éirinn sa bhfíor-sheanaimsir agus dúirt sé go dtabharfadh sé a iníon – ní raibh duine ar biht ag tíocht á hiarraidh ach ba í an bhean ba bhreáichte í dar chuir aghaidh le haer ná le grian ariamh – dúirt sé go dtabharfadh sé do dhuine ar bith í faoi na seacht ríochta a bheadh in ann éiteach a thabhairt dó fhéin. Sin, “thug tú th’éitheach” a rá leis.

Bhuel bhí na daoine ag tíocht amach ag bascadh a chéile, chuile dhuine ag tíocht ag iarraidh na hiníne, ach ní raibh gair ag duine ar bith an iníon a fháil, ‘réir mar a bhí siad ag tíocht.

Bhí fear san áit, leathleibide d’fhear, agus dúirt sé lena mháthair, ní raibh aice ach é – dúirt sé;

“Sílim, a mháthair,” adeir sé, “go rachaidh mé,” adeir sé, “go dtí an Rí nó go bhfaighidh mé,” adeir sé, “éitheacht uaidh.”

“Á muise, a cheoláin,” adeir sí, “cá mbeifeá a’ dhul? Ar ndóigh,” adeir sí, “ní bheadh a fhios a’tsa,” adeir sí, “ní bheadh seans ar bith faoin saol a’tsa,” adeir sí, “agus na daoine atá ag gabháil go dtí é sin. Ní bheadh seans ar bith a’tsa go bhfaighfeá an iníon uaidh.”

“’S nach bhféadfaidh mé é a thriáil?” adeir sé.

“Maith go leor,” adeir sí, “maith go leor,” adeir sí. “Maith go leor, má cheapann tú,” adeir sí, “go bhfuil tú in ann,” adeir sí, “imigh leat.”

D’imigh leis, nó go ndeachaigh sé go dtí an Rí. Ghlaoigh an Rí isteach air, agus tháinig sé isteach, agus shuigh sé síos.

“Céard tá le rá a’t?” adeir an Rí.

“Bhuel, a Ri,” adeir sé. “Tá mé ceapadh,” adeir sé, “gur dódh,” adeir sé, “an domhan aréir.”

“Ó,” adeir an Rí. “Tuige? Cén chaoi?”

“Mar,” adeir sé, “nuair a d’éirigh mise ar maidin,” adeir sé, “bhí carnáin luatha,” adeir sé, “thart,” adeir sé, “i mbéal chuile bhóithrín, is bím ‘mo shuí an-hoch,” adeir sé, “agus níl aon bhóithrín nach raibh carnán mór luatha le feiceáil ann.”

Mar go mba í an oíche roimhe sin oíche tSin Seáin, agus níor chuimhnigh an t-amadán air sin len é a inseacht don Rí.

“Nuair a chuaigh mise amach ag marcaíocht ar maidin,” adeir sé, ‘chonaic mé na carnáin chéanna,” adeir sé, “mar bhí tine chnámh,” adeir sé, “ar chuile bhóithrín aréir.” Bhí a fhios aige go maith nárbh aon ghnaithe dhó caint leis an rí ina dhiaidh sin, ach dúirt sé go dtrálfadh sé aríst é, ina intinn fhéin.

“Bhuel, a Rí,” adeir sé, “bhí mise a’ gabháil a’m, le gabháil ag an aonach agus nuair a bhí mé timpeall ‘s leath bealaigh,” adeir sé, “ba thréis na Féil’ tSin Sheain é,” adeir sé, “agus bhí an ghrian an-láidir éirí agus,” adeir sé, “bhí sé an-te ar maidin agus chonaic mé,” adeir sé, “seanfhear,” adeir sé, “i leataobh an bhóthair faoi bhun crainn. “Tincéara,” adeir sé, “a bhí ann. Chonaic mé é, agus é ina chodladh. Bhí sé ag srannadh,” adeir sé, “agus an ghrian ag scairteadh air, agus,” adeir sé “rinne mé inotas,” adeir sé, “nach gcorródh sé. Níor chorraigh sé chor ar bith,” adeir sé, “ach é ag srannadh i gcónaí, agus faoi cheann tamaillín beag,” adeir sé, “chonaic mé gráinne,” adeir sé “ag titim anuas,” adeir sé, “lena thaobh,” adeir sé, “agus níor rinne sé tada riamh,” adeir sé, “ach chuimil sé a shúil agus chuaigh an gráinne,” adeir sé, “isteach faoina shúil. Chonaic mé é. Agus an t-iontas is mó,” adeir sé, “a rinne mé, nár chorraigh sé a shúil tada, ach a mhéar a chuimilt,” adeir sé, “is,” adeir sé, “bhí a fhios a’m an uair sin,” adeir sé, “nár airigh sé ró-mhór é,” adeir sé, “agus cén bhrí ach an t-iontas is mó a rinne mé aríst dó,” adeir sé, “ní raibh uain nóiméad,” adeir sé, “ina dhiaidh, go bhfaca mé an gráinne ag goineadh agus ag cur amach agus ag fás. Agus choinnigh air,” adeir sé, “ag fás, ag fás, ag fás suas suas suas suas díreach,” adeir sé, “agus,” adeir sé, “bhí mé ag breathnú air,” adeir sé, “agus ag déanamh iontas an diabhail,” adeir sé, “cén fáth é a bheith ag fás suas ar an gcaoi sin. “Gearr,” adeir sé, “go raibh an gráinne chomh hard,” adeir sé, “agus gur chuimhnigh mé,” adeir sé, “agus gur chuimhnigh mé,” adeir sé, “go mba bhreá an rud a dhul go na Flaithis, agus imní an tsaoil,” adeir sé, “a chur tharam go héasca, ach,” adeir sé, “is gearr arís,” adeir sé, “gur chuimhnigh mé níos fearr air, nuair a chonaic mé, adeir sé, “an crann, casta anuas – is,” adeir sé, “bhí a fhios a’m go maith,” adeir sé, “nach bhféadfadh sé a dhul suas níos faide agus bhí ag casadh anuas mar gur bhuail sí an spéir agus go mb’éigean dhi casadh anuas. Agus dúirt mé an uair sin,” adeir sé, “liom féin,” adeir sé, “thar ariamh, go mba cheart dom,” adeir sé, “a thráil a’ gabháil go na Flaithis. Agus anuas leis an gcrann,” adeir sé, “agus cén diúing ná diabhal áit a dtiocfadh an crann,” adeir sé, “ach isteach faoin tsúil eile i leiceinn an tincéara, is cén bhrí,” a deir sé, “níor rinne sé,” adeir sé “ach a shúil,” adeir sé, “a chaochadh,” adeir sé, “agus choinnigh an crann uirthi,” adeir sé, “ag fás is ag fáilte greim air nó gur greamaíodh dhon talamh é,” adeir sé, “agus dhon chrann eile. Agus d’imigh liomsa,” adeir sé, “agus thosaigh mé ag strapadóireacht, agus suas, suas a chuaigh mé,” a deir sé, “agus bhí mé a’ dhul suas suas ar an gcrann,” adeir sé, “go brách, ó ghéagan go géagán,” adeir sé, “go dtáinig mé go dtí doras na bhflaitheas. “’S,” adeir sé, “osclaíodh an doras,” adeir sé, “agus Micheál Ardaingeal,” adeir sé, “a bhí taobh istigh. Agus chuir sé fáilte romham,” adeir sé, “isteach go na Flaithis.”

“Fearr dhuit anois,” adeir Michaeál Ardaingeal, “cúnamh,” adeir sé, “a thabhairt dho na daoine seo a dhul ag bualadh an arbhair. Seo é an Fómhar,” adeir sé, “agus caithfidh tú cúnamh a thabhairt dúinn,” adeir sé, “caithfidh an peacach,” adeir sé, “cúnamh a thabhairt dho na naoimh,” adeir sé, “agus dho na haingil,” adeir sé, “an t-arbhar a bhualadh, go mbeidh séasúr na bliana a’inn,” adeir sé, “agus neart gráin agus plúir.”

“Bhuel,” adeir sé, “bhí siad ansin,” adeir sé, “ós fad a chéile – pleainceannaí móra fada,” adeir sé, “os cionn a chéile,” adeir sé, “ar feadh t-amhairc,” adeir sé, “taobh thoir dhíot agus taobh thiar dhíot, agus chuile dhuine,” adeir sé, “ag bualadh arbhair. Ag bualadh cruithneachta,” adeir sé, “ag bualadh cruithneachta,” adeir sé, thuas ins na Flaithis. Cheap mé,” adeir sé, “go raibh sé an-áirid ach,” adeir sé, “níor chuir mé aon suim ann,” adeir sé, “Thosaigh mé fhéin,” adeir sé, “ag aithris orthu, agus bhí mé ag bualadh arbhair,” adeir sé “chomh maith leo,” adeir sé, “agus bhí cleachtadh mór agam air,” adeir sé, “riamh. Sin é an cleas a déanfaí,” adeir sé, “sa mbaile. Agus bhí mé ag bualadh,” adeir sé, “ag bualadh,” deir sé, “ag bualadh,” adeir sé, “agus chaith mé trí oíche agus trí lá,” adeir sé, “ag bualadh arbhair in éindí leo.”

“Ach dar fia,” adeir sé, “an ceathrú lá,” adeir sé, “is gearr,” adeir sé, “go raibh muid críochnaí, agus tháinig Mícheál Ardaingeal,” adeir sé, “go dtí mé agus dúirt sé;

“Á,” adeir sé, “tá an t-arbhar anois,” adeir sé, “buailte, agus má tá tú ag iarraidh a dhul ar ais,” adeir sé, “tá cead ar ais a’t. Níl aon áit anseo dhuit,” adeir sé, “níos mó,” adeir sé, “caithfidh tú bás a fháil,” adeir sé, “féadfaidh tú, agus,” adeir sé, “tabharfaidh mise cúiteamh maith dhuit,” adeir sé. “Tabharfaidh mé mála mór síol cruithneachta dhuit,” adeir sé, “le cur nuair a ghabhfas tú abhaile, agus cuirfidh sé,” adeir sé, “píosa maith,” adeir sé, “dho limistéar tíre dhuit agus,” adeir sé, “beidh do dhóthain a’t féin,” adeir sé, “ina dhiaidh dhá bharr.”

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Sliocht as an scéal béaloidis ‘An Fear a Chuaigh go na Flaithis’ á aithris ag Tom Pheaidí Mac Diarmada'