FOCAL IS FUAIM: Seosamh Ó Guairim ag léamh as a chnuasach Croí na Cloiche (Cló Iar-Chonnacht 1995)

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Seosamh Ó Guairim atá againn

Seosamh Ó Guairim

Céad bliain de Chonamara

Anois ó admhaíonn an domhan thú;
Mar thalamh iontach scitsifréine,
Cá mbeidh tusa, a Chonamara,
Nuair a aithneos do chlann thú
I stáid intinne fir eicínt eile?

Seachrán

Maidin san Earrach, ‘gus grásta Dé
Ag déanamh don duine ‘gus don bheithíoch
        anseo,
Beireann siad ar an aon athrú déag: 
Fuar agus te, fuar agus te …!

Tháinig mairnéalach i dtír
Ag rá: 
“Faighim iomlacht ar muir,” 
Ag rá; 
“Faighim marcaíocht ar tír.” 
Bhí an fharraige taobh thiar de
‘gus bhí an scéin seo ina shúil,
Mara raibh sa súil eile. 
Ní fhaca é ach triúr,
‘gus nuair a d’fhiafraigh sé den triúr
Cá raibh sé ‘gus an uair . . . 
Níor dhúradar leis
Ach go raibh video ag Seán 
agus ríomhaire ag Nóra.

Níor iarr sé ansin orthu ach tuáille,
Marcaíocht go Gaillimh
‘gus síob go Bleá Cliath, 
Ag rá: 
“Faighim iomlacht ar muir,” 
Ag rá: 
“Faighim marcaíocht ar tír:
Níl sa saol seo inniu dom
Ach mír agus mír …!”

Ag rá; 
“Feicim gach a bhfeicim.” 
Ag rá: 
“Nó an fiú a bheith beo
I lár clampar mistaidéarach
An tsaoil seo go deo?”

Maidin sa Samhradh, deireanach is moch,
Samhradh béal fliuch, Samhradh béal fliuch, 
Tá’n bhliain ag imeacht, féar agus móin,
Samhradh béal fliuch, Samhradh béal fliuch.

Tháinig mairnéalach i dtír
Ag rá: 
“Faighim iomlacht ar muir,” 
Ag rá: 
“Faighim marcaíocht ar tír.” 
Bhí an fharraige taobh thiar de
‘gus bhí an scéin seo ina shúil,
Mara raibh sa súil eile.
Ní fhaca é ach triúr,
‘gus nuair a d’fhiafraigh sé den triúr
Cá raibh sé ‘gus an uair … 
Níor dhúradar leis
Ach go raibh video ag Seán
agus ríomhaire ag Nóra …!

Níor iarr sé ansin orthu ach tuáille,
Marcaíocht go Gaillimh
‘gus síob go Bleá Cliath,

Ag rá: 
“Cluinim gach a cluinim.” 
Ag rá: 
“Ní bodhar mé, ar ndóigh:
Trácht leonta dreama leonta
Faoin dream a bhíonn leo.”

Ag rá: 
“Seachnaím gach a seachnaím.” 
Ag rá: 
“Mar nach gcreidim ach triain: 
Ach gur faide ná mo mharthain
Iad dhá mhíle bliain . . .”

Maidin sa bhFómhar, fear agus gadhar
Ag ruaigeadh amach beithígh síos ag an loch – 
Níor cheart dóibh imeacht, bruas agus spadhar, 
Ar an saol ‘tá an locht, ar an saol ‘tá an locht!

Tháinig mairnéalach i dtír 
Ag rá: 
“Faighim iomlacht ar muir,” 
Ag rá;
“Faighim marcaíocht ar tír.”

Bhí an fharraige taobh thiar de
‘gus bhí an scéin seo ina shúil,
Mara raibh sa súil eile.
Ní fhaca é ach triúr,
‘gus nuair a d’fhiafraigh sé den triúr
Cá raibh sé ‘gus an uair … 
Níor dhúradar leis
Ach go raibh video ag Seán
agus ríomhaire ag Nóra …!

Níor iarr sé ansin orthu ach tuáille,
Marcaíocht go Gaillimh
‘gus síob go Bleá Cliath,

Ag rá: 
“Deirim gach a ndeirim.” 
Ag rá;
Le ceird an fhir bheo: 
“Ach, cuma céard a deirim,
Níl mo chroí ann níos mó.

Ag rá;
Tá am do mo chreachtadh.
Ag rá: 
Tá an choimhlint do mo dhó – 
Dhá ní ‘bheadh le seachaint
Dá mb’fhéidir gabháil dóibh.”

Maidin sa nGeimhreadh, ‘gus tuile liag thréan
Ag líonadh amach locháin, tá ruibh ar gach cith,
Báisteach ‘gus puiteach, tá an dúluachair bréan,
Tiubh agus dubh, tiubh agus dubh.

Tháinig mairnéalach i dtír
Ag rá: 
“Faighim iomlacht ar muir,” 
Ag rá;
“Faighim marcaíocht ar tír.”

Bhí an fharraige taobh thiar de
‘gus bhí an scéin seo ina shúil,
Mara raibh sa súil eile.
Ní fhaca é ach triúr,
Agus nuair a d’fhiafraigh sé den triúr
Cá raibh sé ‘gus an uair . . . 
Níor dhúradar leis
Ach go raibh video ag Seán
agus ríomhaire ag Nóra . . . !

Níor iarr sé ansin orthu ach tuáille,
Marcaíocht go Gaillimh
‘gus síob go Bleá Cliath,

Ag rá: 
“Faighim iomlacht ar muir.” 
Ag rá: 
“Faighim marcaíocht ar tír;
Níl sa saol seo inniu dom
Ach mír agus mír.”

Tháinig mairnéalach i dtír
Tháinig mairnéalach i dtír.

Croí na Cloiche

Briseadh croí na cloiche;
Agus is mór é mo chrá
A bheith ag breathnú ar an dream
Nach bhfuil leigheas ar bith ar a dtinneas staire;
Ach iad caite gan meáchan
Isteach sa nua-aois – mar 
Sop i mbéal stoirm an tionchair!

Mo dhíomú dhuitse, a Ghall,
Ó bhris tú croí na cloiche
Nár chuir as an saol aithreacha na ndall! 
Ach is fearr libh muid fós a chiapadh
Le bhur dteanga bastaird, bhur gcultúr ard: 
A goideadh nuair a cuireadh na mílte
Traidisiún chun báis – lena gceann féin a shlánú!

Ach, ba muid féin ba chiontaí
Mar bhí muid ró-uasal móiréiseach uaibhreach. 
Le aird a choinneáil ar an mbia
Nó gur sciobadh as ár lámha é: 
Ansin tosaíodh dá chaoineadh le golfairt 
         náireach
An ghaiscígh! ‘gus briseadh croí na cloiche
Rud a d’fhág muid inár sop i mbéal stoirm an tionchair.

An Damhsa

Samhlaigh pub roimh aimsir dúnadh,
Samhlaigh tost i ndath a bheadh liath, 
Samhlaigh halla a mba scoil ar dtús é,
Ansin samhlaigh bóithrín fada ‘gus caol; 
Samhlaigh sconsa, ‘gus crainnte taobh thiar de, 
An fharraige arís ag síneadh uait síos,
Carnán gainimh mar a fágadh ar dtús é: 
‘gus an ciúnas ansin nach bhfaighidh tú arís!

Tosaíonn bosca ar nóta as an aibíos:
Tá beirt eicínt ar a dtáirm ag damhsa,
Titeann gach mothú ‘gus ardaíonn arís:
Níos cinnte don chéad bhrí ná cheana . . . ! 
Is iad Micil is Páraic, céad slán iad, an dís,
Is fuath le nádúr folús . . . ! 
Cé go mbeireann rud eicínt ar an aibíos arís: 
Ní fios, cá bhfuil an doras? – Ó – an crá! 
Ní fios, cá bhfuil an doras . . . ?

Fuath, crá ‘gus bolgam
An óil go fóill sa gcloigeann;
Agus mná: “Why don’t they come chugam ?” 
Ag déanamh ar an gceol!

Mín, garbh nó cothrom: 
An halla ag déanamh torann: 
Agus mná: ‘gus a gcome hither  orm
Ag déanamh ar an gceol!

Vroom, vroom,  beir orm,
Buidéal tuatach tirim . . .!
‘gus mná: ‘gus a gcome hither  orm
Ag déanamh ar an gceol!

Forever and ever I love you
I swear by the stars all above you
There’ll never be any other
I’ll love you forever and ever . . .!

Síos an bóthar, ina dtriúr, a shiúladar: 
An oíche ag cuidiú, le gnás is áibhéil!
Scéalta coirnéil, i gcead don chomhluadar: 
‘gus buidéil phórtair ag gabháil ó bhéal go
        béal! 
“Craic maith anocht!” Nó sin é a thuigeadar;
Ar ghlórtha na sluaite, ‘bhí fós ag siúl síos.
Siúl deas réidh! Cé gur gheitiúil mar ‘ritheadar
Go dtí an hulabaloo ‘bhí ag dream eicínt thíos!

Forever and ever I’ll love you
I swear by the stars all above you
There’ll never  be any other
I’ll love you forever and ever . . .! 
Oíche sách fuar í, ach níl aon seaicéad dúnta
‘gus ná leag air suntas, is fan go dtí aríß!
‘gus ná labhair le héinne, nuair is namhaid gach 
        sunda; 
Béal múinte, béal dúnta, nó doirne sa straois!
Tá fear ina léine, ‘gus gaineamh ar a ghlúine,
Ina fhear buile ag bualadh, ag cur fear eicínt
         síos!
‘gus tá fear ag cur fola, ina shuí ar sconsa,
Ag fógairt: “is ea, buail é ‘s ná scaoil é aníos!”

Forever and ever I’ll love you
I swear by the stars all above you
There’ll never be any other
I’ll love you forever and ever . . .!

Ach is fearrde go mór iad
An troid ná an t-uaigneas;
Is cuireann siad rud ort
Is snaidhm ort le pian!
Cuid den dream iad
Nár chleacht riamh fiúntas,
‘gus cuireann siad rud ort
Is snaidhm ort le pian.
Cuireann siad ortha ort, 
Le fáinne an tsuntais.
Cuireann siad rud ort 
Is snaidhm ort le pian;
Mar is cuid den dream iad
Nár chleacht riamh fiúntas,
‘gus cuireann siad rud ort
Is snaidhm ort le pian.
Cuireann siad ortha ort,
Le  fáinne an tsuntais.
Cuireann siad rud ort 
Is snaidhm ort le pian;
Mar is cuid den ream iad
Nár chleacht riamh fiúntas
Is cuireann siad rud ort
Is snaidhm ort le pian!

Forever and ever I’ll love you
I swear by the stars all above you
There’ll never be any other
I’ll love you forever and ever . . .!

Níl bróg sa gcloigeann binn . . . 
Ach ná bac le do “go bhfóire Dia orainn.” 
Ná le do “cuirim as ucht Dé oraibh.” 
Stopfaidís dá mb’fhiú! Marach troid, rú,
Ní bheadh eolas, trácht ná caint orthu
Ach an oiread le gling an bhuidéil sin
A bualadh ar ball faoin gclaí . . .!

Tá fear an chlaí anois ag imeacht ina Pháidín
         eatarthu
I gceartlár an scliúchais . . . 
Ag seasamh don fhear atá faoi; 
Ach fan tusa amach anois uaidh
Mar is cáinte an fear más caillteach  thú
‘gus téigh faoi dhéin mná duit féin
Nuair is orthu atá do aghaidh . . .

I’ll love you forever and ever . . .!

Tá an solas dá gcaochadh
Yob beag, yob  mór . . .! 
Tá cathaoireacha crua a smaointe
Le cur dhíobh acu go fóill . . .! 
Tá an halla anois ag líonadh
Agus tá cúthail ‘gabháil thar fóir . . .!
Tá anam amháin déanta dóibh
Ag méaracha ceoil . . .

Testing one two three four

Tá anam amháin déanta dóibh 
Ag méaracha ceoil . . .!

Testing one, testing two . . .

“Cathú is díchéille ‘gus ábhar amú
‘bheith ag greamú dá chéile
Gan aon stroighin dar linn,” 
‘bhí na ballaí ag rá: 
Le linn dóibh é a lua! 
“’gus tá siad seo ann
le muid a chrá dar linn!”

Testing one, testing two . . .

“Cathú, is díchéille ‘gus ábhar amú
‘bheith ag greamú dá chéile
Gan aon stroighin dar linn,” 
‘bhí na ballaí ag rá: 
Le linn dóibh é a lua!
“’gus tá siad seo ann
‘gus tá siad seo ann
‘gus tá siad seo ann
Le muid a chrá dar linn!” 
Testing one, testing two.

Dinglis! – Pianmhilis! – Aibhléis is cumhacht! 
Tá na fir ag láimhseáil na mná: 
Ag ceapadh é seo, ‘gus ag ceapadh é siúd;
I dtuilleamaí na mianta atá 
Tú ag roinnt le fir atá at tnúth
Le rud eicínt tríd an oíche a fháil!
‘gus nach deacair ‘bheith cinnte de thada ‘gus
       
I bhfad ó, ‘gus i ngar do do ghrá!

Caidéis dheisbhéalach ‘gus comhrá taboo
Nach caoithiúil uathu é a rá: 
Nó gur mian le d’intinn scríobh as a nua
Ag tuineadh le oíche go lá
Nach dtiocfaidh go mbeidh a fhios ag do shúil
Cén fear agaibh is mian léi a fháil . . .! 
Ó nach deacair a bheith cinnte de thada ‘gus tú 
I bhfad ó ‘gus i ngar do do ghrá . . .!

Díocas, is tuilleadh  nach féidir a lua
Nó bhfuil tada níos troime ná doicheall
Pianmhar, ag dréim le míchlú
Nó gur taibhse tusa san áit a gcuireann sí suas
Do mhealladh do shúl
Go dtí nach mothaíonn tú dathúil ná breá.
Is nach deacair a bheith cinnte de thada ‘gus tú
I bhfad ó ‘gus i ngar do do ghrá . . .!

‘gus chonaic sé ag déanamh capers  í,
‘gus eagla air roimh an gcumhacht
‘gus níor chorraigh sé ós ag caitheamh waders é
‘gus  ní la haghaidh siúl “sa drúcht” . . . 
Ach faitíos roimh chosa “fliucha . . .”

Agus d’fhág sé “Halla na Seirce.”

Chuir sé a mhallacht ar “Halla na Seirce” 
Ní raibh sé ag iarraidh é a fheiceáíl
“Muis go héag an domhain arís . . .!” 
Go deo an domhain arís . . .!
Go brách an domhain arís . . .!” 
Ní raibh sé ag iarraidh é a fheiceáil
“Muis, go brách an domhain arís . . .!”

Damhsa  na gcoiníní
I ngarraí na heorna
An coinín is óige,
Bhris sé a chos.
An coinín ba shine acu,
Rinne sé uachta
is thit sé ar a thóin
I dtoimín na mbrobh.

Amhras cumhachtach éirí ó dhraíocht: 
Fríd gan slacht! Iarúsailéim nua curtha
Ar athló go dtí an saol atá le theacht! 
A chosa ag déanamh tuarascál ‘ sa
nGaineamh rua: ar charraig i gceart!
Laglabhartha an caidreamh nua 
‘bhéas acu as seo amach!
Laglabhartha an caidreamh nua
‘bheas acu as seo amach!

Damhsa  na gcoiníní
I ngarraí na heorna
An coinín is óige,
Bhris sé a chos.
An coinín ba shine acu,
Rinne sé uachta
Is thit sé ar a thóin
I dtoimín na mbrobh.

An t-aer aduaidh crua: ‘gus oilbhéas ag tolg
Gráinne den ghealt sin gach uile uair . . .! 
Ceobhrán is toirneach, ag snámh ar a bholg
Ar ais go dtí an gealt úd in aer aduaidh! 
Ag freagairt coileach! nó céard a deir tú
Leis an aighneas a bheireas ar chumha . . . ? 
Tá gealach go muirneach, gadaí ‘gus taoille
Ag teannadh go deonach le huair mharfach na
        hoíche.

(Nóta: níl an cheithre líne deireanach den dán An Damhsa ar an taifead fuaime)

Oireachtas ’92

Céad slán leis an gcruashamlaíocht
Mar sheabhrán cloch trí chrainnte,
Agus fáilte roimh an mbogshamhlaíocht,
An balún a bheadh i riocht a phléasctha.
Tá siad sin thuas sa gclub anocht
Ag cáineadh ‘gus ag moladh a chéile
‘gus tusa ag iompar cneá anseo
Is tú ag líochán ar an méid sin.

Is féidir cóip de Croí na Cloiche a cheannacht ag an nasc seo

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Seosamh Ó Guairim ag léamh as a chnuasach Croí na Cloiche (Cló Iar-Chonnacht 1995)'