FOCAL IS FUAIM: Gabriel Rosenstock ag léamh dánta as cúig chnuasach dá chuid…

Gach seachtain, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht, cloistear sliocht as leabhar á léamh os ard ag údar an tsaothair atá i gceist. Bíonn téacs an tsleachta le léamh thíos faoi. An tseachtain seo, is é Gabriel Rosenstock atá againn

Gabriel Rosenstock

Gabriel Rosenstock ag léamh dánta as na cnuasaigh Méaram (An Clóchomhar, 1981), Om (An Clóchomhar, 1983),  Oráistí: Rogha Dánta agus Dánta Nua (Cló Iar-Chonnacht, 1991),  Géaga tré Thine – Haikú (2006),  Ní Mian Léi an Fhilíocht Níos Mó (Cló Iar-Chonnacht, 1993).

Tá formhór na ndánta atá anseo ar fáil sa chnuasach dátheangach rogha dánta agus dánta nua, Margadh na Míol in Valparaíso / The Flea Market in Valparaíso (Cló Iar-Chonnacht, 2013).

Is féidir cóip de a cheannacht ag an nasc seo.

Tá an dán ‘Báisteach ó Dhia chugainn’ ar fáil sa leabhar Gabriel Rosenstock: Rogha Dánta (Cló Iar-Chonnacht, 2005).

Teilifís

(faoi m’iníon Saffron)

Ar a cúig a chlog ar maidin
Theastaigh an teilifís uaithi.
An féidir argóint le beainín
Dhá bhliain go leith?
Síos linn le chéile
Níor bhacas fiú le gléasadh
Is bhí an seomra préachta.
Gan solas fós sa spéir
Stánamar le hiontas ar scáileán bán.
Anois! Sásta?
Ach chonaic sise sneachta
Is sioráf tríd an sneachta
Is ulchabhán Artach
Ag faoileáil
Os a chionn.

Ní Mian Léi an Fhilíocht Níos Mó

I bhfaiteadh na súl dhíbir sí na seabhaic
Na fiolair is na leoin
Ise a bhíodh chomh taithíoch sin
Ar an gcreach aoibhinn a d’aimsítí faoi luas.
Chuir teitheadh ar na leamhain
Ní chloistear a n-impí fhaiteach ar a fuinneoga
Níos mó,
Ina gceann is ina gceann
Stoith sí na bláthanna scréachacha
Is an ceannbhán:
Ní mian léi an fhilíocht níos mó;
Ní sásamh di, ní corraíl anama
Ní riachtanas é dá meon –
Tá a saol curtha in ord.

D’fhéadfaí scaradh gan dua
Le duine atá imithe le prós an tsaoil
Ach gur cuimhin leat meadaracht a brollaigh
Comhfhuaim is athrá d’ainm ar a béal –
An caesúr doráite sula maidhmfeadh sí féin ina dán.

Línte a scríobhadh le linn Chogadh na Murascaille, Eanáir 1991

(i)
Chleachtadh m’Uncail Wolf
cois farraige

na tonnta aontéamacha
gruaig liath scáinte

dordveidhleadóir aonair
ar a choimeád

ó shibhialtacht iarchogaidh
na Gearmáine

(ii)
Thagair sé
Uair amháin

do bhean
a éigníodh
cúig uaire is fiche
as a chéile
tráth ionradh na Rúiseach
ar Bheirlín
laethanta deiridh an áir

is ansin a thuigeas
a dháimh leis an dordveidhil
cois trá
foilmhe lomlan mhacallach na broinne
paitean cuar an adhmaid

(iii)
Dá mairfeadh sé míle bliain
bheadh cáitheadh mara fós ann
nach mbánófaí

suaitheadh i gcorplár na dtonn
nach gceansófaí
gráinníní gainimh i mbuanghéibheann

agus an corda athshlánaithe úd
nach n-aimseodh a bhogha in am

Chuig mo chéile atá ag sclábhaíocht ar an bhFalla Mór

Mora dhuit, a Thaoisigh mo chroí is a Thiarna m’anama!
Seacht mí thuirsiúla atá anois ann ó leagas súil ar do cheannaithe caomha
Is ó múchadh gach réalta san fhirmimint:
Ceileann an ghealach féin a cuntanós orainn!
Beireann an ghaoth ráflaí uafara aduaidh léi –
Gur gann oraibh rís is gur teirce fós an gráinín
muiléid
Sioc á ghreamú díobh is láib
Dubh an spéir le badhbha
Saigheada na mBarbarach ina gceathanna troma
oraibh
Sníonn thar sliabh is thar fhásach
An Falla Mór ina dhragan.

Earcaíodh le déanaí a thuilleadh fearaibh
Ón ndúthaigh seo. Ní luafad a n-ainmneacha,
Scoláirí is filí. Dódh a scrollaí.
Ceanglaíodh dá chéile iad
Agus b’eo leo, gan siolla astu, go dúr, ó thuaidh.
Dhá mhí rompu de choisíocht gan bhróg …
  is cad i gcomhair?
Falla idir sinn agus an Tuaisceart Reoite.

An fíor a ndeir siad faoin Hsiung-nú?
Drochrath orthu!
Go n-ithid a bpáistí féin
Má bheirtear amuigh orthu
Go bhfásann clúmh rua ar a mbosa?

Dá soilseodh an ghealach féin anocht
Is tusa – a ghile – á breathnú …
An é go síleann siad go seasfaidh sé go brách?
In aghaidh na gaoithe, in aghaidh na báistí,
In aghaidh an tseaca, in aghaidh na mBarbarach?

Tá an tír máguaird faoi riail an uamhain.
Saolaíodh searach an lá cheana
Agus dhá chloigeann air!

Cothaíonn an ghaoth tréas sna crainn giúise.
Léim anglait as an Abhainn Bhuí

Sheas ar an mbruach is labhair i dteanga iasachta:
“Lonraíonn an oíche ó thuaidh
Le cnámha mar Ruball na Lárach Báine.”

Ó d’imigh tú d’éirigh falla crua thart ar mo chroí.
Tar agus leag ar lár é, a Thiarna m’anama, ach go luath.

Báisteach ó Dhia chugainn

ionsaíonn báisteach díonta
glanann aeróga teilifíse
tugann léas nua beatha
d’fhéar a bhíogann trí tharramhacadam
ba dhóigh leat nach n-éalódh ón uisce íon
aon ní go fiú frídín:
canann píopaí is caidhséir
an cantata seo a thit ón spéir.

Barróg Scoir

Táim i m’fhothrach agat
séideann an ghaoth tríom
fásann féar ar mo dhíon
ní neadódh ann, seal,
ach éan imirce
ar strae

fraighfhliuch
doirteann an ghealach
a gangaid orm

tamall uaim
seasann corr éisc ar garda
an francach uisce féin
ní bhogfadh amach anocht

ar ball beag
buafaidh an t-eidhneán –
barróg scoir

 

Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Gabriel Rosenstock ag léamh dánta as cúig chnuasach dá chuid…'