ÉALÚ SYRINX
Spágfaidh an eala aníos
Ó mhínshruth a scátha:
Fágfaidh sí a deoir-rian
Ar an luachair bhasctha.
Múchfaidh an féileacán
A léas-spré lonrach:
Cuachfaidh sí a sciatháin
Ar an tráithnín tromaithe.
Scarfaidh cúr coipthe
De chraiceann an uisce:
Ní mhairfidh ach putha
I bhfostó sa bhruachán.
***
Is silfidh an lúthshruth
As an rince grástúil,
Titfidh na srólbhaill
Den cholainn bhanúil.
Ní bheidh de sciath aici
Ach díorma na ngiolcach,
Sleá-laochra an dúghlais,
Daingean beo á cosaint.
GABHÁIL SYRINX
Critheann an solas
Ar chothrom an locha,
Ritheann an ghealach
Den chiorcal róchumtha.
Stopann fad spéire
Fán aimhréidhe theann,
Ropann a loinnir
Inneach na gcrann.
Feileann an t-iomlán
Do theorainn na luachra.
Ceileann an chiumhsóg
Tosach an bhruacha.
***
Ligim uaim le haimsir
Pictiúr seo na bruinnille:
Ní ghéilleann sí d’éinfhear
Ná ní sheasann ina choinne.
Anáil mhná, ní scaoileann
Ach idirghlór ar tinneall:
I láthair na gabhála,
Ceiliúrann sí is critheann.
FOCAL FAOISIMH
Creidtear san íomhá thosaigh:
Na mílte is na mílte luchóg
Ag rith isteach is amach
I measc ráillí an iarnróid.
Achar sula ligtear aon fhead,
Airítear í faoina gcnámha.
Tagadh an traein, sa deireadh
Ach roimhe sin, asláithriú.
FOCAL COSANTA
Leagtaí blaoscanna capall
Faoi chúinní halla an damhsa tráth,
Go mbainfí macalla as boinn na mbróg,
Go mbeadh na fallaí ramhar le ceol.
Ba choscrach an ní é, a chuid,
Na cnámha sin faoin lár:
Ní liginn an scanradh le m’ais
Ach ghuínn go bhfantá i mo chomhair.
FOCAL FAIRE
(Baile an Fheirtéaraigh, 2009)
D’imigh na cuairteoirí leo,
Is thit an baile ina shuan.
Dhruid an Fómhar chun a bháis
Gur tharla an lá seo fúinn.
Tá na tránna faoi chiúnas, a chuid,
Is naomhóg an chalaidh béal faoi.
Scuabann na tonntracha leo gan bhac,
An gaineamh ag greamú dár mboinn.
Fág freagra ar 'FOCAL IS FUAIM: Aifric Mac Aodha ag léamh Dánta as an gcnuasach Gabháil Syrinx (An Sagart 2010)'