Focal i gcluas James Brokenshire: shínigh Rialtas na hÉireann Comhaontú Aoine an Chéasta chomh maith

An raibh teorainn á cur ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann James Brokenshire le ról Rialtas na hÉireann le linn cainteanna na seachtaine seo faoi athbhunú Fheidhmeannas Stormont?

Focal i gcluas James Brokenshire: shínigh Rialtas na hÉireann Comhaontú Aoine an Chéasta chomh maith

Bhí mealladh agus bagairt ar an DUP agus Sinn Féin sa litir a sheol Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, chuig feisirí parlaiminte cúpla lá ó shin. Ach an oiread leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan i Stormont, thagair Brokenshire don phráinn a bhain le margadh a dhéanamh taobh istigh d’achar an-ghearr.

Thagair an Státrúnaí Brokenshire do ról Rialtas na hÉireann “bunaithe ar chleachtas na dtrí rang”. Ba é sin an modh oibre a d’fhág gnóthaí inmheánacha Thuaisceart Éireann faoi pháirtithe logánta agus rialtas na Breataine amháin. Bhí baint ag Baile Átha Cliath le rang a dó agus bhí gnóthaí trasteorann agus Angla-Éireannacha sa tríú rang. Dá gcloífí go daingean leis an gcur chuige sin, bheadh deis ag rialtas na hÉireann baint a bheith acu le socruithe faoi cheisteanna ar nós oidhreacht na dtrioblóidí agus an Bhreatimeachta, ar ndóigh, ach ní bheadh cead aighnis acu faoi ceist Acht na Gaeilge, cuir i gcás.

B’fhéidir nach teorannú den sórt sin a bhí ar intinn ag Brokenshire agus gur ag seachaint trioblóide le haontachtaithe agus Tóraithe áirithe a bhí sé, is athrú béime é ó aimsir Blair agus Ahern.

Níor mhór don Rialtas agus do na páirtithe náisiúnacha a chur ar a shúile dó go pras gur comhshínitheoirí é rialtas na hÉireann leis an mBreatain ar chonradh idirnáisiúnta, Comhaontú Aoine an Chéasta, atá cláraithe leis na Náisiúin Aontaithe. Agus b’fhearr a chur in iúl dó, go bhfágann an méid sin freagracht ar rialtas na hÉireann agus ar an mBreatain araon mar urraitheoirí an Chomhaontaithe. Tá gnó le déanamh ag an dá rialtas, dá réir, agus ní faoi Brokenshire amháin atá sé a chinntiú go gcomhlíonfar an Comhaontú.

Cúirtéis d’fheisirí Parlaiminte ab ea litir James Brokenshire, ach is ar an DUP agus ar Shinn Féin a bhí a theachtaireacht dírithe. D’uireasa margaidh, ní bheadh Feidhmeannas ann, ná buiséad ná clár oibre, agus bheadh seirbhísí poiblí i mbaol, a dúirt sé. Anuas air sin, dúirt sé go gcaithfí toghchán eile a rith. Chomh maith leis na bagairtí sin, bhí mealladh i gceist – má bhí – agus tagairt aige don phráinn a bhaineann le socruithe a rinneadh cheana a chur i gcrích,  go háirithe i dtaca le hoidhreacht na dtrioblóidí.

Is dócha gur luigh sé le réasún go ndéanfadh Brokenshire iarracht go luath sna cainteanna tine a chur faoin DUP agus Sinn Féin.

Tugadh suntas ar leith don bhagairt go ngairfí toghchán eile. Tá a fhios ag daoine gurb é sin atá sa reachtaíocht – toghchán eile mura mbíonn margadh déanta trí seachtaine i ndiaidh na vótála – agus measadh go ndéanfaí iarracht an cor sin a sheachaint. Rialaíodh sna cúirteanna go luath sa mhílaois nua gurbh fhéidir toghchán a chur ar an méar fhada ar feadh tréimhse ‘réasúnta’. Tá sé róluath fós a bheith ag caint air sin, ceaptar.

Is é an 27 Márta an spriocdháta tábhachtach. Sin é an lá atá socraithe don chéad chruinniú den Tionól, an lá a gcaithfear ceann comhairle a thoghadh agus an lá ba chóir Céad-Aire agus LeasChéad-Aire a ainmniú. Is ar an lá sin, a chaithfí cinneadh a dhéanamh freisin faoi thoghchán eile, riail dhíreach nó síneadh ama le haghaidh a thuilleadh idirbheartaíochta.

Ní miste a rá gur dheacair idirbheartaíocht a thabhairt ar an méid a tharla an tseachtain seo. Thug daoine liostaí dá gcuid tosaíochtaí dá chéile agus bhuail siad le James Brokenshire agus Charlie Flanagan.

Chomh maith leis an mbrú a bhí na rialtais ag iarraidh a chur ar na páirtithe, bhí brú á chur ag Sinn Féin, an SDLP agus an UUP ar na rialtais.

Bhí na páirtithe náisiúnacha ag tathant ar an Taoiseach agus Charlie Flanagan idirghabháil leanúnach dhaingean a dhéanamh agus cosaint níos fuinniúla a dhéanamh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cháin duine de lucht idirbheartaíochta an UUP, Tom Elliott, rialtas na hÉireann. Chuir se in iúl don ‘Irish minister’, a dúirt sé, gan ainm Charlie Flanagan a lua fiú, go raibh faillí déanta ina dhualgas aige i dtaca le faisnéis a sholáthar d’ionchoisne shléacht Kingsmills, an sléacht seicteach ar fhir oibre Protastúnacha i 1976. Shéan Rialtas na hÉireann an líomhain sin, agus dúirt go raibh an fhaisnéis tugtha don chróinéir acu.

Bhí cruinniú teasaí ag Sinn Féin le James Brokenshire ag ar dúradh go raibh caint san aer ar bun aige. Bhíodar ag iarraidh a thathant air maoiniú d’ionchoisní stairiúla a cheadú mar atá éilithe ag an bPríomh-Bhreitheamh. Tá Brokenshire seachantach, cosantach faoin gceist sin ó chuir sé a chos ann nuair a mhaígh sé, mar a dhéanann an DUP, go rabhthas ag fiosrú agus ag cúiseamh saighdiúirí Briotanacha san éagóir. Botún díchéillí ó dhuine atá in ainm is a bheith ina chathaoirleach neodrach. Caithfidh Charlie Flanagan a bheith airdeallach faoi gceist sin freisin ó tá cúig pháirtí míshásta leis an Státrúnaí faoin ábhar seo.

Ach an oiread leis na páirtithe polaitíochta, níl na rialtais saor ó locht.

Tá obair le déanamh acu go léir.