Focal ar bith sa Dáil faoi impleachtaí Bhille nua do pholasaithe teanga scoileanna lán-Ghaeilge

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh an bille nua, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu

Focal ar bith sa Dáil faoi impleachtaí Bhille nua do pholasaithe teanga scoileanna lán-Ghaeilge

Níor luadh beag ná mór ceist an ghaeloideachais le linn díospóireacht sa Dáil faoi reachtaíocht nua a mbeidh impleachtaí tromchúiseacha aici do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh an bille nua, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Bhí An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, á phlé sa Dáil le dhá lá anuas, ach níor deineadh tagairt ar bith le linn na díospóireachta sin d’údar imní lucht an ghaeloideachais faoin reachtaíocht nua.

Os cionn 20 Teachta Dála a labhair faoin mbille sa Dáil le dhá lá anuas agus cé gur thuill an reachtaíocht idir cháineadh agus mholadh, níor luaigh aon duine acu impleachtaí an bhille do scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Ní léir ach an oiread cén dearcadh atá ag mórpháirtithe an fhreasúra faoi chás na Gaeilge sa reachtaíocht nua.

Ag labhairt di ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG an tseachtain seo, dhiúltaigh urlabhraí oideachais Shinn Féin, an Teachta Dála Carol Nolan, a rá go dtacódh sí féin ná a páirtí leis an éileamh go leasófaí an Bille chun a chinntiú go mbeadh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Ag labhairt dó ar an gclár céanna tráthnóna inné, thug urlabhraí oideachais Fhianna Fáil, an Teachta Dála Thomas Byrne, le fios nach raibh ceist na Gaeilge sa Bhille pléite ag a pháirtí fós. Dúirt Byrne nach mbeadh aon “deacracht” aige féin “go pearsanta” le leasú dá leithéid ach go gcaithfeadh sé an cheist a phlé le binse tosaigh Fhianna Fáil.

D’fhéadfaí déileáil leis an gceist ag an gcéad chéim eile den Bhille, céim an choiste, a dúirt sé.

Idir an dá linn, is údar “iontais” don ghrúpa Cearta Oideachais, an easpa suime agus an phatuaire atá léirithe ag polaiteoirí faoi chás an ghaeloideachais sa reachtaíocht nua.

Dúirt Rónán Ó Muirthile, urlabhraí ón ngrúpa stocaireachta atá ag éileamh go leasófaí an bille, go bhfuil “iontas” orthu faoin dearcadh atá léirithe ag polaiteoirí faoin scéal go n-uige seo.

Dúirt Ó Muirthile go bhfuil iontas ar Cearta Oideachais go háirithe toisc gur léirigh na páirtithe polaitiúla ar fad ar labhair an grúpa leo go dtí seo “tuiscint agus tacaíocht” don éileamh ar leasú a cuireadh faoina mbráid.

Dúirt Ó Muirthile, áfach, nach bhfuil “an oiread sin imní” ar Chearta Oideachais go fóill óir is ag an tríú céim den bhille, céim an choiste, a chuirfear leasuithe chun cinn.

Bhí “dóchas” ag Cearta Oideachais, a dúirt sé, go ndéanfaí moltaí an uair sin maidir leis an mBille a leasú chun aghaidh a thabhairt ar cheist na Gaeilge i bpolasaithe iontrála.

Meastar gur san athbhliain a bhainfidh an Bille an chéad chéim eile amach agus dúirt Ó Muirthile go leanfadh Cearta Oideachais lena bhfeachtas stocaireachta i measc polaiteoirí idir an dá linn.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille, beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iallach a chur ar dhalta, nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga.

Tá sé i gceist ag an Aire Richard Bruton go n-achtófaí an bille nua, a d’fhoilsigh sé i mí Iúil, roimh Mheán Fómhair 2017 mar atá geallta i gclár an Rialtais.

Fág freagra ar 'Focal ar bith sa Dáil faoi impleachtaí Bhille nua do pholasaithe teanga scoileanna lán-Ghaeilge'