‘Focáil fleiscíní’ agus práinn na profléitheoireachta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ‘a bheith ag dul síos ar chamóga’ agus ‘a bheith ag focáil fleiscíní’

‘Focáil fleiscíní’ agus práinn na profléitheoireachta

Chuile sheans gurb é an profa críochnaitheach – an leagan deireanach de leabhar sula gcuirtear i gcló é – an ghné den phróiseas foilsitheoireachta is mó a chuireann strus ar scríbhneoirí. Tá mé féin ag plé le ceann faoi láthair, an profa críochnaitheach de leabhar a d’aistrigh mé go hÍsiltíris agus atá le bheith ar fáil i siopaí leabhar mo thíre dúchais gan mhoill.

Tá briathar deas san Ísiltíris: kommaneuken. ‘A bheith ag dul síos ar chamóga’ an t-aistriúchán litriúil a bheadh ar an bhfocal sin, ach b’fhéidir gur dheise ‘focáil fleiscíní’ mar leagan Gaeilge.

Téarma é a chuireann síos go beacht ar an meon aigne a bhaineann leis an bprofléitheoireacht: cúram a thabhairt do mhionsonraí téacs mar a thabharfadh duine do bhall íogair a leannáin agus é á thabhairt chun buaice aige. Le seachtain anuas, tá mé ag cuimilt chamóga agus ag pógadh poncanna, ionas go bpléascfaidh an téacs atá idir lámha agam idir dhá shúil an léitheora nuair a osclóidh sé an leabhar.

Mar is eol do chách, ní mór snas agus slacht a bheith ar cholainn leannáin sa leaba, nó ní bheidh rath ar chluiche suiríochta. Tá an léitheoireacht mar a chéile. B’ionann botún cló agus salachar ar mhása céile leapan, b’ionann focal ar iarraidh agus cár mantach, b’ionann leagan amach lochtach agus boladh bréan ón mbéal.

Bhrisfeadh pé smál geasa droma draíochta na léitheoireachta; caithfidh scríbhneoir sciúradh a thabhairt do phrofa críochnaitheach a leabhair mar a thabharfadh leannán dó féin roimh dul isteach sa seomra leapa dó.

Ar lámh amháin, bíonn sé go deas a bheith ag plé le profa críochnaitheach leabhair. Ag an staid sin, bíonn dearthóir tar éis an téacs a leagan amach go proifisiúnta; den chéad uair, feicfidh an scríbhneoir an téacs mar a fheicfidh an léitheoir é.

Ach ar an lámh eile, bíonn an t-uafás struis ag baint leis. Seo an seans deireanach botúin a cheartú sula rachaidh an leabhar i gcló. Ag an bpointe seo, beidh bliain nó dhó dá chuid ama, nó níos mó, curtha isteach ag an scríbhneoir sa saothar. In aisce a bheidh an obair sin ar fad má bhíonn oiread agus camóg san áit mhícheart, má bhíonn oiread agus fleiscín iomarcach sa téacs, nó má bhíonn (peaca marfac! lúibín ar iarraidh mar atá san abairt seo.

I súile an scríbhneora seo, pé scéal é, b’ionann sin agus suiríocht gan sásamh.

Fág freagra ar '‘Focáil fleiscíní’ agus práinn na profléitheoireachta'

  • Braoin Ó Braoin

    B’shin dearcadh nua ar chúrsaí foclaíochta agus cumadóireachta ann agus feictear dom chomh maith nach beag iad na hathruithe atá tar éis teacht ar an saol s’againne abhus in Éirinn.