‘B’uafásach go deo ráiteas Arlene Foster faoi chrogaill’ – Stephen Rea

Cháin an t-aisteoir cáiliúil ráiteas conspóideach Arlene Foster inar chuir sí Sinn Féin agus an t-éileamh ar Acht Gaeilge i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh

‘B’uafásach go deo ráiteas Arlene Foster faoi chrogaill’ – Stephen Rea

Tá ráite ag an aisteoir cáiliúil Stephen Rea gur thug ráiteas Arlene Foster faoi “chrogaill” an Tuaisceart siar go dtí aimsir an Tiarna Brookeborough a mhol do Phrotastúnaigh “good Protestant lads and lassies” a fhostú agus a mhaígh nach raibh Caitliceach riamh ‘timpeall na háite’ aige féin.

Agus é faoi agallamh ag an Sunday Times, cháin an t-aisteoir, a thuill aitheantas i scannáin ar nós The Crying Game, Michael Collins agus The End of the Affair, ráiteas conspóideach Foster inar chuir sí Sinn Féin agus an t-éileamh ar Acht Gaeilge i gcomparáid le crogaill a bhíonn i gcónaí ag iarraidh.

“F**k í. Chuir sí [Arlene Foster] an rud siar ar fad go dtí Brookeborough, siar chomh fada le ‘ní bheadh Caitliceach timpeall na háite [agam]’ – sin é a dúirt Brookeborough. B’uafásach go deo an rud é agus níor ghabh sí aon leithscéal as,” a dúirt Rea.

Dúirt Foster go raibh aithreachas uirthi faoina ráiteas conspóideach toisc gur bhronn sé deis ar Shinn Féin droch-cháil a tharraingt uirthi le linn an fheachtais toghchánaíochta ó thuaidh.

“I regret in so far as it allowed Sinn Fein to use it against me and to use it to demonise me.”

San agallamh céanna, mháigh Foster gur bhain an ráiteas a rinne sí  le Sinn Féin amháin agus nach raibh aon bhaint aige leis an éileamh ar Acht Teanga do Thuaisceart Éireann.

“The crocodile comment was in relation to Sinn Féin and not in relation to the Irish Language Act,” a dúirt sí.

Níor ghlac Stephen Rea leis an míniú sin.

“Ag gabháil leithscéil léi féin a bhí sí as a bheith gan mhaith ar fad mar pholaiteoir, mar nár chuimhnigh sí ar an méid a bhí á rá aici. Ba cheart di leithscéal a ghabháil le gach Caitliceach deas san áit. Ní ag trácht ar na Shinners a bhí sí, ach ar gach aon Chaitliceach.”

Agus feachtas toghchánaíochta an DUP á sheoladh ar An Lorgain aici níos túisce i mbliana, dúirt Foster le teann magaidh go mb’fhéidir gur chóir Acht Polainnise a thabhairt isteach chomh maith le hAcht Gaeilge “óir tá níos mó cainteoirí Polainnise i dTuaisceart Éireann ná mar atá cainteoirí Gaeilge”.

Dúirt sí ag an ócáid chéanna nach mbeadh aon ghlacadh go deo ag an DUP le hAcht Gaeilge agus chuir sí Sinn Féin agus a n-éileamh ar leithéid d’Acht, i gcomparáid le ‘crogaill’.

“Má thugann tú bia do chrogaill, fillfidh siad arís agus arís eile ag iarraidh a thuilleadh,” a dúirt sí agus í ag tagairt don éileamh ar Acht Teanga.

Dúirt ceannaire an DUP ó shin nach raibh tada aici i gcoinne na Gaeilge agus bhuail sí le grúpaí Gaeilge le “tuiscint níos fearr a fháil” ar chás agus ar chultúr na teanga.

Ba í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne ba mhó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna sin.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.