‘Five in a row’ – i stíl Paul Galvin

Roghnaíonn ár gcomhfhreagraí cúig bhall éadaigh ón mbailiúchán nua atá deartha do Dunnes Stores ag réalta na ríochta

***IRISH EXAMINER EXCLUSIVE*** Kerry Footballer Paul Galvin Feature 22/10/2014 Paul Galvin Mandatory Credit ©INPHO/Billy Stickland
Paul Galvin. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Beidh go leor de na meáin chumarsáide dírithe ar shéipéal áirithe i gCo Mhaigh Eo ar an lá deireanach den bhliain nuair a phósfaidh an craoltóir Louise Duffy agus an réalta cáiliúil peile as Ciarraí, Paul Galvin. Agus beidh cuid den phreas a chuirfidh a oiread céanna suime sa bhfeisteas a bheas á chaitheamh ag an bpeileadóir ar an lá sin agus a chuirfidh siad i ngúna na brídeoige ó tharla cáil a bheith á baint amach anois ag laoch Chiarraí mar dhearthóir éadaigh.

Tá a chéad bhailiúchán den éadach a dhear sé do Dunnes Stores faoin lipéid Vanguard ar an margadh le roinnt seachtainí anuas agus tá dhá bhailiúchán eile le teacht uaidh don siopa céanna le linn na bliana seo romhainn. Tá na dathanna dubh agus bán go mór sa treis san iarracht seo.

D’fhorbair a cheangal le Dunnes Stores as caidreamh a bunaíodh nuair a bronnadh cóip dá bheathaisnéis ‘Paul Galvin – In my own words’ ar dhuine de lucht ceannais an chomhlachta, Margaret Heffernan. 

Bhí a chuid taighde déanta féin roimhe sin ag an bpeileadóir ar an tionscal deartha i gCiarraí, Baile Átha Cliath, Londain, Dubai agus Abu Dhabi, agus bhí dúshláin nua ag teastáil uaidh ina shaol gairmiúil.

Maíonn Galvin gur ‘menswear with meaning’ atá forbartha aige agus deir sé gur mó de “a clothing movement rather than a clothing collection” atá deartha aige.

Tá 20 ball éadaigh (19 earra agus péire bróg) deartha aige don lipéad Vanguard ag an tráth seo. Tá fáil orthu i ndosaen siopaí de chuid Dunnes ar fud oileán na hÉireann agus ar líne freisin.

Roghnaigh mise na cúig phíosa is ansa liom féin ón mbailiúchán sin:

1

1.     Cross-neck hooded sweatshirt. Dath dubh atá ar an léine allais seo le cochall agus crosmhuineál ar chostas €55.

2

2.     Standing collar shirt.  Arís, is dath dubh atá ar an léine seo atá bunaithe ar an stíl ar a dtugtar ‘grandad’ air agus costas €45 air

3

3.     Tapered chinos. Tá an treabhsar seo go hálainn don té gur mhaith leis éadach neamhfhoirmiúil ach atá tuirseach de jeans. Dath dubh arís eile agus ar chostas €55.

4

4.     T- léine simplí – tá rogha de cheithre dhath á thairiscint sna t-léinte fada seo le muinchillí gearra. An ceann leis an mana ‘Sworn to be free’ is fearr liom féin, ar chostas €25.

5

5.     Military Coat. Seo an ball éadaigh is daoire sa bhailiúchán agus costas €210 air ach is ola atá sa chóta mór seo ar stíl mhíleata agus tá an chosúlacht air go bhfuil sé teolaí chomh maith le bheith faiseanta. Agus, ‘sea, dath dubh arís!

Fág freagra ar '‘Five in a row’ – i stíl Paul Galvin'