Fitzpatrick neamhchiontach i ngach cúis, de réir treoir breithiúna

Ag fágáil na cúirte dó, dúirt Fitzpatrick gur “lá iontach” a bhí ann dó féin agus dá mhuintir agus ghabh sé buíochas lena fhoireann dlí

Fitzpatrick neamhchiontach i ngach cúis, de réir treoir breithiúna

Fuarthas Seán Fitzpatrick, iar-chathoirleach Anglo Irish Bank, neamhchiontach i ngach cúis ina thriail i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath inniu.

Thug an breitheamh sa chás, an Breitheamh John Aylmer, treoir don ghiúiré go bhfaighfí neamhchiontach Fitzpatrick, atá 68 bliain d’aois.

Bhain triail Fitzpatrick le líomhaintí nár nocht sé iomlán an scéil faoi iasachtaí stiúrthóirí an bhainc le hiniúchóirí. Ba é inniu an 126ú lá den triail, an triail choiriúil is faide ó bunaíodh an stát.

Ag fágáil na cúirte dó, dúirt Fitzpatrick gur “lá iontach” a bhí ann dó féin agus dá mhuintir agus ghabh sé buíochas lena fhoireann dlí.

Tuairiscítear go raibh laigí i gcur chuige lucht fiosraithe an cháis i measc na gcúiseanna le breith an lae inniu.

Fág freagra ar 'Fitzpatrick neamhchiontach i ngach cúis, de réir treoir breithiúna'