Tá Morf le hOrna Ní Choileáin foilsithe ag An Gúm agus le fáil mar leabhar agus mar ríomhleabhar.
“Ba bhreá le Eric dá mbeadh cara aige. Bíonn Mam agus Daid chomh gafa sin lena dheirfiúracha óga nach mbíonn siad ábalta an oiread sin ama a chaitheamh leisean.
Nuair a thagann Morf, áfach, níl Eric róchinnte an é an cineál sin carad a theastaíonn uaidh in aon chor. Deir Morf go bhfuil sé ag iarraidh cabhrú leis, ach an é leas Eric atá á dhéanamh aige i ndáiríre?”
Moladh
An-chur chuige i dtaobh léirmheasa!