FÍSEÁN/GAILEARAÍ: Scéal Tuairisc.ie faoi phornagrafaíocht le léamh ar fud an domhain

Scéal Mhaitiú Uí Choimín ag an BBC, an Huffington Post, an Daily Mail agus leaganacha de ar fáil i Rúisis, Indinéisis agus Cóiréis



 

scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoin nGaeilge a bheith á úsáid chun pornografaíocht a cheilt ar Youtube á léamh anois ar shuíomhanna idirlín ar fud an domhain, ina measc suíomhanna an BBC, an Huffington Post agus an Daily Mail.

Tá leaganacha den scéal a d’fhoilsigh Tuairisc.ie Déardaoin seo caite curtha ar fáil ó shin i dteangacha éagsúla, ina measc an Béarla, an Phortaingéilis, an Ollanais, an Chóiréis, an tSlóvaicis, an Tuircis, an Ghréigis, an Indinéisis agus an Rúisis.

Ba é Maitiú Ó Coimín, nó Майтиу О’Коймин mar a thug suíomh nuachta Rúiseach amháin air, a scríobh an tuairisc faoi dhaoine a bhí ag baint leasa as an nGaeilge i dteidil scannáin phornagrafacha ar Youtube d’fhonn iad a cheilt ó mhaoirseoirí an tsuímh.

Tá na scannáin bainte anuas de Youtube ó shin.

Deir Maitiú Ó Coimín gur bhain sé siar as a fhorleithne is a scaipeadh an scéal.

“Scríobh mé an scéal agus thuig mé go mb’fhéidir go gcuirfeadh na meáin anseo suim ann, ach níor chuimhnigh mé mórán arís air go dtí gur ghlaoigh iriseoir orm ó shuíomh idirlín an BBC ag iarraidh agallamh a dhéanamh liom. An chéad rud eile, bhí an scéal le léamh ar shuíomhanna ar fud an domhain,” a deir sé.

Deir an t-iriseoir gurb iontach an phoiblíocht é do Tuairisc.ie ach nach bhfuil sé róshásta faoi ghné amháin den scéal.

“Má chuirtear m’ainm isteach ar chuardach Google News anois, is é a thagann aníos ná bleaist scéalta faoi phornagrafaíocht!”

Ba é an ceannlíne ab fhearr a chonaic Maitiú faoina scéal ná ‘YouTube porn filters versus Irish Gaelic; luck of the Irish wins’ a foilsíodh ar shuíomh Meiriceánach.

Deir Ó Coimín gurb í an cheist is fearr a cuireadh air ná an ceann a chuir iriseoir ó Metro International News.

“D’fhifaraigh sé díom an raibh mé chun leanacht ar aghaidh le mo chath in aghaidh na pornagrafaíochta! Mhínigh mé dó gur mó an spéis a bhí agam sa ghné teanga den scéal.”

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN/GAILEARAÍ: Scéal Tuairisc.ie faoi phornagrafaíocht le léamh ar fud an domhain'