FÍSEÁN: Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Is i Ros Cré i gContae Thiobraid Árann a reáchtáil Conradh na Gaeilge a Ard-Fheis i mbliana. Ritheadh formhór na 30 rún a moladh Dé Sathairn

Glacadh le nach mór gach uile cheann de na tríocha rún a cuireadh os comhair na dteachtaí ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a reáchtáladh in Óstán Racket Hall i Ros Cré i dTiobraid Árann an deireadh seachtaine seo. Toghadh an tIar-Uachtarán Cóilín Ó Cearbhaill ina uachtarán arís ar an eagraíocht a chuireann an teanga chun cinn in Éirinn agus thar lear.

Labhair Tuairisc.ie leis an uachtarán atofa agus le baill eile an Chonartha:

“Athnuachan” Deonachas, Dualgas agus Eagraíocht” ab ea téama na bliana seo agus dhírigh na haoichainteoirí Tomás Ó Síocháin agus Nodlaig Ní Bhrollaigh ar an mbealach is fearr le dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí in aimsir toghcháin. Tá sé i gceist ag an gConradh dul i bhfeidhm ar an méid is mó polaiteoirí agus is féidir idir seo agus toghchán an Ríochta Aontaithe i mbliana agus toghcháin na Poblachta an bhliain seo chugainn.

Ar na rúin nár glacadh leo, bhí moladh ó Iar-Uachtarán an Chonartha (2011-14) Donnchadha Ó hAodha, nach mbeadh aon fhostaí de chuid an Chonartha ina bhall den Choiste Gnó nó den Bhuanchoiste. Bhí díospóireacht bhríomhar ann agus dúirt an tUachtarán Cóilín Ó Cearbhaill go raibh sé “míchompordach” go rabhthas ag cur bac ar dhaoine a bheith ar an gCoiste Gnó. Is ar “bhonn prionsabail” a bhí an rún á chur chun cinn, a dúirt Ó hAodha, agus bhí “níos mó údaráis ag an mbuanchoiste ná mar atá sainithe sa bhunreacht”.

Ar deireadh, socraíodh an rún a chur siar go dtí go mbeadh Bunreacht an Chonartha á phlé ag Ard-Fheis na bliana seo chugainn i mBaile Átha Cliath.

“Tá an rún seo an-tábhacht. Is ceist thar a bheith íogair í seo agus tá dhá dhearcadh ann. Tá muid go léir an-mhór le chéile agus níl muid ag iarraidh titim amach. Nuair a bhíonn scoilt san eagras, déanann sé go leor dochair. Ní dóigh liom go bhfeiceann daoine an baol a bhaineann leis seo,” a dúirt Iar-Uachtarán an Chonartha, Íte Ní Chionnaith.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Is údar iontais dom go bhfuil cead ag fostaí de chuid an Chonartha bheith ina bhall de choistí stiúrtha an eagrais. Is ionann sin agus go mbeadh an duine céanna ina fhostóir air nó uirthí féin. Coimhllnt leasmhar!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is bocht an tuairisc atá agaibh ar an Ard Fheis!