FÍSEÁN: ‘We’ll go with Béarla!’ – diúltú do thairiscint Dhonnacha Ryan agallamh a thabhairt i nGaeilge ar TG4

I ndiaidh dó a chluiche deireanach i bPáirc Thuamhan a imirt Dé Sathairn seo caite, bhain Donnacha Ryan ó Chúige Mumhan an-sult as a bheith ag magadh faoina chara, Marcus Horan, anailísí le TG4

FÍSEÁN: ‘We’ll go with Béarla!’ – diúltú do thairiscint Dhonnacha Ryan agallamh a thabhairt i nGaeilge ar TG4

Ba léir gur bhain Donnacha Ryan sult Dé Sathairn as a bheith ag spochadh as easpa Gaeilge a charad Marcus Horan, iarfhrapa na hÉireann atá anois ag obair mar anailísí le TG4.   

Is beag deis a bheidh ag Donnacha Ryan úsáid a bhaint as a chuid Gaeilge agus é ag imirt sa Fhrainc le Racing 92 an séasúr seo chugainn ach níor tugadh aon seans dó a chuid Gaeilge a úsáid ach oiread ar TG4 Dé Sathairn seo caite agus é faoi agallamh ag Horan i ndiaidh do Chúige Mumhan an ceann is fearr a fháil ar na Scarlets i gcluiche leathcheannais an PRO 12.

Thug Ryan agus Horan na blianta ag imirt lena chéile do Chúige Mumhan agus is maith a thuig sé nach bhfuil fear TG4 ar a chompord ag labhairt na Gaeilge. Le teann magaidh a chuir Ryan ceist ar Horan an raibh sé ag iarraidh an t-agallamh a dhéanamh “as Gaeilge”.

“We’ll go with Béarla,” arsa Horan cé go ndúirt Ryan go mbeadh sé sásta a chuid ceisteanna a fhreagairt i bhFraincis chomh maith dá mba mhian leis. 

D’athraigh TG4 a bpolasaí teanga dá soláthar rugbaí tamall de bhlianta ó shin, rud a fhágann gur i mBéarla a bhíonn cuid den anailís acu le linn na gcluichí.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘We’ll go with Béarla!’ – diúltú do thairiscint Dhonnacha Ryan agallamh a thabhairt i nGaeilge ar TG4'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Bhí an-díomá orm nuair a tugadh an cluais bodhar do Dhonnacha agus é sásta agallamh a thabhairt i nGaeilge. Is minic a bhíonn agallaimh á dtabhairt i ndiaidh na cluichí Gaelacha le daoine nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, ach ba chúis náire an eachtra seo, i mo thuairim.

  • c

    Má thugann aoí le fios go bhfuil sé/sí agallamh a dhéanamh as Gaeilge, níor cheart do ionadaí TG4, Marcus Horan ar an ocáid seo, riamh a thabhairt le fios gur fearr leis an agallamh a dhéanamh i dteanga eile nach í príomh teanga an staisiúin í, bíodh sin Fraincís nó Béarla nó cibé!