FÍSEÁN: Taifead scríofa Thithe an Oireachtais ‘le cloisteáil’ i mBéarla amháin

An sintéiseoir ‘Browsealoud' atá in úsáid ar shuíomh Thithe an Oireachtais, agus cé go gcuireann an sintéiseoir sin rogha os cionn 40 teanga agus canúint ar fáil don úsáideoir níl an Ghaeilge i measc na dteangacha sin

FÍSEÁN: Taifead scríofa Thithe an Oireachtais ‘le cloisteáil’ i mBéarla amháin

Níl aon phlean ag Tithe an Oireachtais maidir leis an sintéiseoir atá ar an suíomh acu, a dhéanann caint bheo den fhocal scríofa, a chur in oiriúint don Ghaeilge.

Tá áis curtha ar fáil ar shuíomh Thithe an Oireachtais a chuireann caint leis an taifead scríofa d’imeachtaí na dTithe. Ach cliceáil ar an áis seo is féidir le duine éisteacht leis an taifead scríofa oifigiúil de dhíospóireachtaí Dála agus eile ar oireachtas.ie.

‘Browsealoud’ atá in úsáid ar shuíomh Thithe an Oireachtais, agus cé go gcuireann an sintéiseoir áirithe sin rogha os cionn 40 teanga agus canúint ar fáil níl an Ghaeilge i measc na dteangacha sin.

Fágann easpa Gaeilge an sintéiseora gur gibris chainte a chloistear nuair a chuirtear ag obair é ar an tras-scríbhinn d’ábhar  i nGaeilge i dTithe an Oireachtais é.

“Ach an oiread le roinnt gníomhaíochtaí agus rannóga eile de chuid an Stáit, tá muid ag úsáid bogearra idirnáisiúnta leis an tseirbhís seo a chur ar fáil.

“Cuireann muid an fhoghraíocht in oiriúint dúinn féin nuair is féidir. Mar sin féin, ní féidir an fhoghraíocht cheart do gach mír Ghaeilge a chur ar fáil, ach tá muid ag déanamh ár seacht ndíchill,” a dúirt an t-urlabhraí.

Dúirt urlabhraí ó Abair.ie, an sintéiseoir Gaeilge a d’fhorbair Coláiste na Tríonóide, le Tuairisc.ie go bhféadfaí seirbhís a fhorbairt do Thithe an Oireachtais a d’fhreastalódh ar an mBéarla agus ar an nGaeilge araon.

“Tá an bhunobair do shintéiseoir Béarla déanta againn, agus tá canúintí Bhéarla na hÉireann ar fáil — blas Mhuineacháin mar shampla. Ní raibh sé sa phlean againn an Béarla a chur san áireamh ach tá an bhunobair sin déanta. Tá an teicneolaíocht ann, tá an bhunobair déanta, níl le déanamh ach é a chur le chéile.

“Thógfadh sé tamaillín ach d’fhéadfaimis é a fhorbairt, bheadh orainn an rud ar fad a tharraingt le chéile. Mar sin, i bprionsabal, is féidir sintéiseoir a chur ar fáil a dhéanfadh caint bheo den Bhéarla agus den Ghaeilge scríofa. Bheadh orainn cód a chur isteach a déarfadh leis an sintéiseoir cé na habairtí Béarla agus cén na habairtí Gaeilge ach d’fhéadfaí é a dhéanamh,” a dúirt Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide.

Mhínigh sí do Tuairisc.ie go bhfuil a leithéid de shintéiseoir forbartha ag Abair.ie cheana féin agus curtha ag obair ar ábhar do dhaltaí scoile. Dúirt sí, áfach, gur leagan “an-bhunúsach” den sintéiseoir dátheangach a bhí i gceist ansin agus nach bhféadfaí é a chur ag obair ar shuíomhanna ar nós suíomh Thithe an Oireachtais gan tuilleadh forbartha a dhéanamh air.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Taifead scríofa Thithe an Oireachtais ‘le cloisteáil’ i mBéarla amháin'