FÍSEÁN: Tá Vincent Browne ag foghlaim na Gaeilge…

D’fhreastail Browne le déanaí ar chúrsa Gaeilge de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh

FÍSEÁN: Tá Vincent Browne ag foghlaim na Gaeilge…

Baineadh siar as an láithreoir teilifíse aitheanta Vincent Browne le linn a chláir cúrsaí reatha ar TV3 aréir, nuair a d’iompaigh an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly ar an nGaeilge chun comhghairdeas a dhéanamh leis as a bheith ag foghlaim na teanga.

D’fhreastail Browne ar chúrsa Gaeilge i gCorca Dhuibhne i gcaitheamh an tsamhraidh agus labhair an Teachta Dála as Gaillimh Thiar Gaeilge leis nuair a chuir sé fáilte roimpi go dtí clár na hoíche aréir.

“Bhuel, i dtús báire comhghairdeachas, chuala mé go raibh tú ag foghlaim na Gaeilge agus fáilte ar ais,” a dúirt an Teachta Dála.

“Bhí mé. Go raibh maith agat,” a dúirt an láithreoir.

D’fhreastail Browne ar chúrsa seachtaine Gaeilge de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh i mí Iúil.

Cé go bhfuil de theist ar an iriseoir go mbíonn cur chuige ionsaitheach, neamhghéilliúil aige agus polaiteoirí á gceistiú aige, is cosúil gur scoláire ciúin díograiseach é.

“Duine uasal é. Bhí gach aoinne ana-thógtha leis. Is air siúd a bhí daoine ag cur na gcruacheisteanna!,” a dúirt urlabhraí ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne le Tuairisc.ie.

Tá ráite cheana ag Browne go raibh Gaeilge mhaith aige tráth agus gurbh í an Ghaeilge an t-ábhar ab fhearr ar scoil aige. Chaith sé tamall ag foghlaim na Gaeilge chomh maith i nGaeltacht na Rinne le linn a óige.

Dúirt an t-urlabhraí ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne gurbh léir gur ag ‘athfhoghlaim’ na Gaeilge a bhí an craoltóir.

“Bhí bunús ana-mhaith aige agus is ag d’iarraidh í a thochailt amach arís a bhí sé, is dócha. Is i bhfeabhas a chuaigh sé i gcaitheamh na seachtaine,” a dúirt an t-urlabhraí.

Fochomhlacht de chuid Chomharchumann Chorca Dhuibhne é Oidhreacht Chorca Dhuibhne, a bunaíodh i 1980 chun an Ghaeilge agus oidhreacht an cheantair a chur chun cinn.

Beidh an chéad chúrsa eile ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne ar siúl an mhí seo chugainn, an cúrsa deireadh seachtaine ‘Gaeilge, Siúlóidí agus Blaiseadh Bia’.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Tá Vincent Browne ag foghlaim na Gaeilge…'