FÍSEÁN: ‘Tá sé in am ag muintir na Gaeltachta gan a bheith leath chomh séimh faoina gcearta teanga’

Dúirt an saineolaí teanga Éamonn Ó Dónaill i dTithe an Oireachtais inné nár cheart go mbeadh muintir na Gaeltachta chomh séimh is atá agus seirbhís i nGaeilge á lorg ón Stát acu

FÍSEÁN: ‘Tá sé in am ag muintir na Gaeltachta gan a bheith leath chomh séimh faoina gcearta teanga’

Tá sé in am do mhuintir na Gaeltachta “gan a bheith leath chomh séimh” agus a gcearta teanga á n-éileamh acu, dar le hÉamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta Gaelchultúr.

Bhí Ó Dónaill, arb as Gaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas dó, ag labhairt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné.

D’inis sé scéal don Choiste faoi bhuachaill óg ina cheantar dúchais, Gaoth Dobhair, a bhfuil fadhbanna urlabhra aige. Tháinig teiripeoir urlabhra chomh fada leis an mbuachaill le cúnamh a thabhairt dó ach ó tharla an teiripeoir a bheith ar bheagán Gaeilge agus gan aon Bhéarla a bheith ag an mbuachaill óg, bhí deacrachtaí go leor ann. Dúirt Ó Dónaill go dtarlaíonn a leithéid “achan lá” agus gur sárú ar bhunchearta daonna atá ann.

“Tá muid cineál séimh, tá muintir na Gaeltachta an-séimh, ach b’fhéidir go bhfuil sé in an am dúinn é sin a athrú, agus gan a bheith leath chomh séimh sin,” a dúirt se.

Dúirt sé go mbíonn drogall air féin seirbhísí Gaeilge a éileamh ón Stát nuair is léir nach bhfuil siad ar fáil, nó nach bhfuil siad ar fáil ar comhchaighdeán leis na seirbhísí atá ar fáil i mBéarla.

Dúirt sé go mbuanaítear an mhíthuiscint nach bhfuil aon éileamh ar na seirbhísí Gaeilge mar go mbíonn drogall ar lucht labhartha na Gaeilge na seirbhísí, nach mbíonn ar fáil go minic, a lorg.

“Cloisim arís agus arís eile nach bhfuil aon éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge, agus tá an mhíthuiscint sin ann go forleathan. Sílim go bhfuil sé an-dainséarach go gcreideann go leor leor daoine atá fostaithe ag an Stát seo nach bhfuil aon éileamh ann.

“An fáth nach bhfuil éileamh ann ná níl cainteoirí Gaeilge ag iarraidh daoine atá ar bheagán Gaeilge a chur faoi bhrú. Bím ag labhairt le duine agus an duine sin trína chéile agus cloisim an panic ar an taobh eile den líne. Níl mé ag iarraidh cur isteach ar an duine,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Dónaill go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh an pobal brú ar an Státchóras seirbhís Ghaeilge atá ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Dúirt Stiúrthóir Gaelchultúr go dteastaíonn polasaí earcaíochta nua a chinnteodh go gceapfaí daoine a bhfuil Gaeilge líofa acu ag gach leibhéal sa státseirbhís “mura bhfuil muid le géilleadh do pholasaí a fhágfaidh go mbeidh ‘Béarla éigeantach’ i gceist agus an pobal ag plé leis an státchóras”.

Thug an saineolaí teanga le fios gur gá a aithint go bhfuil “dlúthcheangal idir cumas Gaeilge na státseirbhíse agus úsáid na Gaeilge i measc an phobail”.

Chuir an saineolaí teanga sé cinn de mholtaí faoi bhráid an choiste Oireachtais chun cumas Gaeilge fhostaithe na státseirbhíse “a fheabhsú” agus “seirbhís ar chaighdeán níos airde a chinntiú do phobal na Gaeilge”.