FÍSEÁN: Seo an físeán is rathúla riamh ag TG4 ar na meáin shóisialta…

Thuill ‘Fleadh TV’ lucht féachana mór do TG4 ar an teilifís agus ar líne agus bhí físeán beag a taifeadadh le linn na fleidhe in Inis ar an bhfíseán is rathúla a scaip an stáisiún riamh

TG4 Fleadh TV

D’fhéach os cionn ceathrú milliún duine ar bheochlúdach TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann gach oíche agus bhreathnaigh na mílte eile ar na himeachtaí ar shuíomh idirlín an stáisiúin.

Cé go raibh na Cluichí Oilimpeacha, a mheallann lucht féachana ollmhór, ar siúl ag an am céanna, d’fhéach os cionn ceathrú milliún duine ar an gclúdach teilifíse gach oíche ón Déardaoin go dtí an Domhnach. Ba é clár an Domhnaigh a mheall an lucht féachana ba mhó, agus bhreathnaigh 281,000 den lucht féachana teilifíse ag an am ar mbeochraoladh, de réir mhiosúr Nielsen. Ba iad seo na figiúirí féachana is airde ag TG4 ó thosaigh siad ag craoladh ón bhFleadh in 2013.

Chomh maith leis an gcraoladh ar an teilifís, bhí lucht féachana suntasach ann don chlúdach a bhí ar fáil ar líne. Bhain suas le 10% breise den lucht féachana a bhí ag an mbeochraoladh leas as Seinnteoir TG4 chun breathnú air, agus bhí leath acu sin lonnaithe thar sáile.

Baineadh úsáid as na meáin shóisialta, Snapchat, Twitter, Instagram agus Facebook, chomh maith chun scéal  na fleidhe a scaipeadh, agus is léir go raibh an-tóir ar an gclúdach breise seo ó shráideanna na hInse le linn na n-ócáidí.

Ar shuíomh Facebook TG4, foilsíodh físeán ón bhFleadh den ghrúpa damhsa Fusion Fighters, físeán ar fhéach breis agus milliún go leith duine air de réir áireamh Facebook. Ba é sin an líon is mó daoine a bhreathnaigh ar fhíseán ar leathanach TG4 riamh.

Deir Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, go bhfuiltear thar a bheith sásta leis na torthaí seo.

“Is ócáid mhór chultúrtha í an Fhleadh agus is mór ag TG4 an deis cuid de spleodar agus de shaibhreas na hócáide a sholáthar dár lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Léiríonn na figiúirí féachana seo dúinn go bhfuil ár méar ar an gcuisle againn,” a dúirt Leascheannasaí TG4.

Thug TG4 le fios anuraidh gur ‘eisceacht’ a bhíonn i láithriú dátheangach na gclár a chraolann TG4 ó Fhleadh Ceoil na hÉireann mar chuid de Fleadh TV.