FÍSEÁN: Mearbhall ar thurasóirí Sasanacha ag leagan Gaeilge de ‘Baa Baa Black Sheep’

Tá fiseán de bhuachaill óg trí bliana d'aois agus é ag canadh leagan breá Gaeilge den rann 'Baa Baa Black Sheep' i mBenalmádena na Spáinne á roinnt go tréan ar líne

FÍSEÁN: Mearbhall ar thurasóirí Sasanacha ag leagan Gaeilge de ‘Baa Baa Black Sheep’

Boy1

Tá an-tóir ar líne ar fhíseán de bhuachaill óg trí bliana d’aois agus é ag canadh leagan breá Gaeilge den rann ‘Baa Baa Black Sheep’ i mBenalmádena na Spáinne. Ba í máthair an bhuachalla a chuir an físeán amach ar Twitter inné agus tá sé á roinnt go tréan ó shin agus ardmholadh ag daoine don amhránaí óg.

Is léir óna teachtaireacht go raibh an-bhród ar Connla McCann, máthair an bhuachalla, as taispeántas a mic agus go ndearna sí suntas den iontas a bhí ar an ‘200’ turasóir Sasanach a bhí ag éisteacht leis.

Screen Shot 2016-06-29 at 18.31.56

Is féidir féachaint ar an bhfíseán thíos.

When ur 3yr old sings Baa Baa Blacksheep in Irish in front 200 British holiday-ers & they don’t understand a word

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Mearbhall ar thurasóirí Sasanacha ag leagan Gaeilge de ‘Baa Baa Black Sheep’'