FÍSEÁN: Leithscéal ó Aire na Gaeltachta sa Dáil …agus dúshlán Gaeilge tugtha aige do Pheadar Tóibín

Ní raibh Aire Stáit na Gaeltachta i láthair in am do cheisteanna Dála toisc go raibh sé ag freastal mar Phríomh-Aoire ar chruinniú de Choiste Gnó an Oireachtais

FÍSEÁN: Leithscéal ó Aire na Gaeltachta sa Dáil …agus dúshlán Gaeilge tugtha aige do Pheadar Tóibín

Tá leithscéal gafa ag Aire Stáit na Gaeltachta as a bheith os cionn daichead nóiméad déanach inniu do cheisteanna Dála.

Ba é an Leas-Cheann Comhairle Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir a lorg leithscéal agus míniú ón Aire faoina bheith as láthair.

Ghabh McHugh leithscéal thar ceann an Aire nua Cultúir Heather Humphreys, nach raibh in ann a bheith i láthair sa Dáil inniu.

Níor thug Aire Stáit na Gaeltachta aon mhíniú ar an gcúis nach raibh sé i láthair, ach thug an Leas-Cheann Comhairle le fios níos túisce sa Dáil go raibh sé ag freastal mar Phríomh-Aoire ar chruinniú den Choiste Gnó a leagann amach ord gnó na Dála gach seachtain.

Agus a leithscéal gafa aige, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta go raibh sé ag súil go mór le bheith i mbun díospóireachta i nGaeilge le hurlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín. Mhaígh McHugh go raibh an Tóibíneach an-chlamhsánach faoina easpa Gaeilge féin nuair a ceapadh ina aire stáit Gaeltachta é den chéad uair in 2014.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin inniu gur mór an “náire” é nach raibh Joe McHugh i láthair “ar a chéad lá” chun ceisteanna a fhreagairt mar Aire Stáit Gaeltachta.

Ghuigh Tóibín gach rath ar McHugh ina dhiaidh sin, áfach, agus mhol sé an iarracht a bhí déanta aige an Ghaeilge a fhoghlaim.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Leithscéal ó Aire na Gaeltachta sa Dáil …agus dúshlán Gaeilge tugtha aige do Pheadar Tóibín'