FÍSEÁN: ‘Irish is a dead language’ — feachtas feasachta seolta a thugann aghaidh ar ‘fhíricí ailtéarnacha’ faoin nGaeilge

Tá sraith físeán i mBéarla déanta ag Conradh na Gaeilge i gcomhar le Colm Ó Broin chun ‘miotais’ faoin nGaeilge agus 'fíricí ailtéarnacha' faoin teanga 'a bhréagnú'

FÍSEÁN: ‘Irish is a dead language’ — feachtas feasachta seolta a thugann aghaidh ar ‘fhíricí ailtéarnacha’ faoin nGaeilge

Dáire Ó Faogáin ó Dhún Seachlainn, Co. na Mí; Emma Ní Cheallacháin ó Shligeach; Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Cumarsáide le Conradh na Gaeilge; agus Ashley Farrell ó Leamhcán, Co. Átha Cliath ag seoladh an fheachtais 'Mythbusting'.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Irish is a dead language’ — feachtas feasachta seolta a thugann aghaidh ar ‘fhíricí ailtéarnacha’ faoin nGaeilge'

  • Roibéard

    Tá an Ghaeilge marbh, i measc an aosa óig ar aon nós. Ní hé sin le rá nach bhfuil teanga Ghaelach de shaghas éigin á labhairt acu, ach ní hionann an teanga sin agus an Ghaeilge a bhíodh á labhairt tráth dá raibh. Saghas criól atá i nGaeilge an lae inniu, i ndáiríre – an Ghaeilge agus Béarla fite fuaite ina chéile, ó thaobh na bhfocal de agus ó thaobh na comhréire de araon. Ní gá dúinn aon locht a chur ar an gcriól Gaelach s’againne, ach ba chóir dúinn éirí as an gcur i gcéill mar gheall air.

  • Einrí O'Cuinn

    Nach bhfuil an saghas Gaeilge atá againne, an aos óg, níos fearr ná bheith gan aon focal Gaelach ar chor ar bith Roibéard? Lá ‘le Pádraig Sona :-)

  • Breathnóir

    ‘Tá an Ghaeilge marbh, i measc an aosa óig ar aon nós. Ní hé sin le rá nach bhfuil teanga Ghaelach de shaghas éigin á labhairt acu, ach ní hionann an teanga sin agus an Ghaeilge a bhíodh á labhairt tráth dá raibh. Saghas criól atá i nGaeilge an lae inniu, i ndáiríre – an Ghaeilge agus Béarla fite fuaite ina chéile, ó thaobh na bhfocal de agus ó thaobh na comhréire de araon. Ní gá dúinn aon locht a chur ar an gcriól Gaelach s’againne, ach ba chóir dúinn éirí as an gcur i gcéill mar gheall air.’

    Nach criól angla-mheiriceánach atá á labhairt ag Béarlóirí na tíre, an t-aos óg ar a laghad? Ní hionann Gaeilge an lae inniu agus an Ghaeilge a bhíodh á labhairt, ach is Gaeilge ar fad í. Tá an Béarla ag dul i bhfeidhm ar a lán lán teangacha, fiú teangacha a labhraítear ag gach duine sa tír sin, mar shampla na tíortha Lochlannacha.
    Ná cailltear ár misneach!

  • Tomás taobh amuigh

    Arb é dioscúrsa an dúchais nó an dóchais atá uainn? ‘Bhfuil dúchas na teanga ag síonaíl i measc meigleamáinigh olcscoil na Gaillimhe?