FISEÁN: Gluaiseacht de chineál nua curtha chun bóthair ag lucht feachtais an N59 i gConamara

Scaití shílfeá gur dhá thír dhifriúla iad an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas de Chonamara. Dá réir sin, is díol suntais agus spéise é go bhfuil grúpa láidir as chaon taobh tagtha le chéile ar mhaithe le forbairt an phríomhbhóthair as Gaillimh chun an Chlocháin-

FISEÁN: Gluaiseacht de chineál nua curtha chun bóthair ag lucht feachtais an N59 i gConamara

Tháinig an tOllamh Ken Nilsen ar cuairt go Conamara cuid mhaith de dhá scór blianta ó shin agus é ag iarraidh tuilleadh tuisceana fháil ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta. Ba sa taobh ó thuaidh den cheantar a shocraigh sé bualadh faoi an iarraidh sin. Saineolaí ar an nGaeilge a bhí ann – Meiriceánach ó dhúchas a chaith cuid mhór dá shaol ag léachtóireacht in Albain Nua i gCeanada. Ó thuaidh a chuaigh sé – go Bun na gCnoc ar an tSraith Salach.

Tháinig sé amach bóthar an N59 ar bhus an Chlocháin; bóthar an Rí a thugtaí ar an N59 sa tseanaimsir – an príomhbhóthar as Gaillimh chun an Chlocháin. De réir scéil, bhuail Ken Nilsen bleid ar thiománaí an bhus faoi chúrsaí an tsaoil agus faoin nGaeilge i gConamara. Scaoil an tiománaí leis ar an tSraith Salach, ag ceann an bhóthair amach go Mám Éan agus go Bun na gCnoc. Dúradh leis an scoláire go bhfaigheadh sé Gaeilge ansin.

Is dóigh ná a mhalairt – agus sílim gur dúradh é seo níos deireanaí – go raibh Nilsen ag iarraidh a theacht ar phóca Gaeltachta i gConamara nach raibh lorg an tsaoil nua air. D’fhágfadh sin gur dóigh go mbeadh an comhluadar níos gaire don seansaol agus go mbeadh an Ghaeilge ina scáthán agus ina ghlór ar an aimsir a caitheadh. Fuair sé é sin i mBun na gCnoc san am sin, i bhfad ó thuaidh faoi scáth na mbeanna.

Léiríonn an méid sin féin nár scaradh leis an nGaeilge mar theanga tí agus teallaigh amach an taobh ó thuaidh de Chonamara ach le beagán blianta – sin i dtéarmaí stairiúla na n-aoiseanna. Ach scaití shílfeá gur dhá thír dhifriúla iad an taobh ó thuaidh agus an taobh ó dheas de Chonamara ar an gcaoi a labhraítear fúthu.

Dá réir sin, is díol suntais agus spéise é go bhfuil grúpa láidir as chaon taobh tagtha le chéile i bhfeachtas ar mhaithe le forbairt an phríomhbhóthair as Gaillimh chun an Chlocháin, an N59 – bóthar an Rí.

Shiúileadar píosa maith den bhóthar sin in éineacht cúpla lá ó shin, anoir as Uachtar Ard go dtí an Teach Dóite. Ag tarraingt aird ar an drochbhail atá ar an mbóthar sin anois a bhíodar.

Nuair a labhair Seosamh Ó Cuaig Tí Pheacock Dé Sathairn, dúirt sé gurb é feachtas an N59 an chéad ócáid lena chuimhne go raibh dream an taobh ó thuaidh de Chonamara agus an dream ó dheas feicthe aige ag gníomhú in éineacht mar atá anois. Díol spéise – agus díol ceiliúrtha, a deir Ó Cuaig, an méid sin a fheiceáil. Ach tuige an mbeadh an bhearna sin ann idir thuaidh agus theas?

Tá cúrsaí teanga ina chuid de, níl dabht faoi sin. D’imigh an Ghaeilge  cuid mhaith sa taobh ó thuaidh de Chonamara. Tharla an lagan, mar a tharla i gcuimse áiteacha eile, san naoú céad déag.

Béarla a labhair Dónal Ó Conaill nuair a tháinig sé chuig slógadh mór sa gClochán in 1843, agus, de réir scéil, is beag duine a thuig an chaint ag an ócáid sin. Tuairim 100 bliain ina dhiaidh sin tháinig De Valera an bealach agus bhí cruinniú mór aigesean sa gClochán. I nGaeilge a labhair sé agus is cosúil nár thuig go leor dá raibh i láthair a chuid cainte siúd. Bhí an Ghaeilge imithe léi ó dheas.

Buaileann cuid de na daoine an meath a tháinig ar an nGaeilge sa taobh ó thuaidh de Chonamara ar thionscal na turasóireachta, tionscal a bhí tugtha chun cinn ag an tseirbhís traenach as Gaillimh chun an Chlocháin.

Ach, sin stair anois.

Seachas, b’fhéidir baile mór an Chlocháin, tá an taobh ó dheas de Chonamara imithe chun cinn go suntasach ar an taobh ó thuaidh ó thaobh saol nua-aoiseach, foinsí oibre agus an saol sóisialta féin de, le cúpla scór bliain. Cuidíonn an fuadar atá tagtha faoi chathair na Gaillimhe leis an taobh ó dheas, go háirithe amach chomh fada leis an gCeathrú Rua. Ó dheas atá leithéidí Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta, TG4, tionscail na físe agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Tá roinnt tionscail láidre atá tugtha chun cinn ag Údarás na Gaeltachta ina gcuidiú mór do Chonamara Theas. Ach, ar bhealaí, is cosúla i gcónaí áiteacha ar nós Ros Muc agus Carna – fiú agus go bhfuil siad sa nGaeltacht – le ceantair ar nós na Sraithe Salaí agus Cloch na Rón. Tá siad rófhada siar le go mbainfidís mórán de bhuntáiste as fostaíocht chathair na Gaillimhe ná as na hinstitiúidí láidre Gaeltachta. Taispeánann léarscáileanna eacnamaíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe gurb é an taobh tíre as Camus siar – idir Ghaeltacht agus Ghalltacht – an ceantar is measa as i gContae na Gaillimhe, agus tá an patrún sin ann le blianta fada.

Ar an taobh eile den scéal, tá an saol traidisiúnta níos feiceálaí fós amach ó thuaidh. Ní de thimpiste atá dhá mharglann beithíoch, caorach agus capall á gcoinneáil ag imeacht sa gceantar sin le breis agus 25 bliain – ceann acu sa gClochán agus ceann eile ar an Teach Dóite.

Baintear níos mo leasa i gcónaí as an talamh – dá dhonacht é in áiteacha – sa taobh ó thuaidh de Chonamara. Mura mbeadh ann ach capaillíní Chonamara, tá níos mó acu á gcoinneáil ó thuaidh. Maireann na seantraidisiúin tuaithe agus feilméarachta níos láidre ó thuaidh mar aon leis an eolas, an cultúr agus an chaint a bhaineann leo. San am céanna tá an pobal sin uilig ag dul le fána – an Sraith Salach, Cloch na Rón, an Cloigeann, an Líonán, an Mám, an Caiseal, chuile cheann acu.

Daoine óga gann, na scoileanna ag dul chun deiridh agus an pobal ag dul in aois. Is beag nach bhfuil atmaisféar an éadóchais san aer, agus cé a bheadh ag súil lena mhalairt agus an saol ag dul chun deiridh. Níl sa turasóireacht ach tamall den bhliain agus ní choinníonn sí daoine óga sa mbaile.

Scaití feictear do chuid den dream ó thuaidh go bhfuil saibhreas ó dheas agus é bunaithe ar dheontais Ghaeltachta.

Bíonn míthuiscintí ann.

Ach, le cúpla mí tá cúpla cloch curtha sa mbearna idir Conamara thuaidh agus theas ag Gluaiseacht Gnímh an N59.

Ar ndóigh, tá ciall leis an gceangal idir an taobh ó dheas agus an taobh ó thuaidh chomh fada agus a bhaineann sé leis an N59. Bóthar é atá fóinteach do phobal na Gaeltachta agus do phobal an Bhéarla i gConamara. Go deimhin, bheadh mórán chuile dhuine ar an intinn go bhfuil forbairt an bhóthair seo riachtanach do Chonamara.

Ach, san am céanna, ní furasta daoine as chaon taobh den N59 a fháisceadh isteach i bhfeachtas. “Is é an chéad uair feicthe agamsa é théis dom dhá scór bliain a bheith caite agam i bhfeachtais,” arsa Seosamh Ó Cuaig an lá cheana. “Cuireann sé gliondar croí orm.”

Ó Cuaig agus Josie Conneely as Baile Conaola a thosaigh agus a bhrúigh an feachtas chun cinn agus tá obair stuama déanta acu ag tabhairt an ghrúpa le chéile agus ag láimhsiú an fheachtais. Mura mbeadh ann ach go bhfuil ceangal oibre agus cairdis déanta idir an grúpa seo ó thuaidh agus ó dheas, tá gluaiseacht de chineál nua curtha ar bóthar acu i gConamara.