FÍSEÁN: Freagra tugtha ag ollamh le stair ar na miotais faoin nGaeilge i scannán idirlín conspóideach

Tá freagra tugtha ag Caoimhín de Barra, ollamh cúnta le Stair in Ollscoil Drew, New Jersey, ar scannán conspóideach a rinne Eoin Butler faoin nGaeilge anuraidh

FÍSEÁN: Freagra tugtha ag ollamh le stair ar na miotais faoin nGaeilge i scannán idirlín conspóideach

Eoin Butler ina scannán 'An Bhfuil Cead Agam?'

Tá físeán déanta ag ollamh le stair in Ollscoil Drew, New Jersey, a thugann freagra ar na hargóintí a cuireadh chun tosaigh i scannán conspóideach ar líne faoin nGaeilge, An Bhfuil Cead Agam?

An tOllamh Cúnta, Caoimhín de Barra

Chuir fear déanta an scannáin sin, Eoin Butler, roimhe cuid de na “miotais” a bhaineann le tacaíocht an Stáit don Ghaeilge a bhréagnú, ach dar le mórán níor éirigh lena iarracht.

Le linn na díospóireachta faoin scannán, cuireadh i leith Butler gurbh amhlaidh go raibh go leor miotas nua dá chuid féin ina shaothar.

Sa scannán 25 nóiméad, An Bhfuil Tú Dáiríre?, atá déanta ag Caoimhín de Barra, ollamh cúnta le stair in Ollscoil Drew, tugtar aghaidh ar argóintí Butler ina gceann agus ina gceann. Déantar spior spear, mar shampla, den áitiú go gcaitear €1.2 billiún in aghaidh na bliana ar mhúineadh na Gaeilge.

In ainneoin na bhfíricí iomadúla i scannán de Barra, deir Butler gur furasta argóintí an ollaimh a bhréagnú, cé nach bhfuil a leithéid déanta fós aige.

Chuir roinnt mhaith Gaeilgeoirí ar líne fáilte roimh fhíseán de Barra agus a chur chuige staidéartha.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Freagra tugtha ag ollamh le stair ar na miotais faoin nGaeilge i scannán idirlín conspóideach'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nár cheart don Journal.ie freagra de Barra a chur suas mar fhreagra ar Butler ar mhaithe le Cothrom na Féinne?

  • Dónall

    Stad mise ag léamh an Journal fada ó shin mar gheall ar an chlaonadh i n-éadan na teanga atá le feiceáil ann.

    Maidir le físeán Butler is léir nach bhfuil cliú aige cad é faoi atá sé ag caint. Ag iarraidh aird a tharraingt air féin a bhí sé rud a tharlaíonn nuair a ionsaíonn daoine an teanga. Shílfeá gur déagóir feargach a bhí i mbun an chláir.

  • Donal O Bearra

    Freagra cumasach cothrom. Maith thú

  • Colin Ryan

    Tá cuid mhaith den cheart ag an mBuitléarach, ar ndóigh, agus ní fiú do na fíréin, bail ó Dhia orthu, a bheith róghoilliúnach dá bharr. Ach is dóigh liom go bhfuil meastachán níos cruinne déanta ag de Barra ar an méid a chaitear ar an teanga.

  • dónal

    cad iad na “child abuse payments” atá ar an liosta airgead a chaitheamh an rialtas maidir leis oideachas?