FÍSEÁN: ’Cnoc na Mara’ i nGaeltacht Thír Chonaill dreaptha le ‘lámha, cosa, agus smig’

Dhreap Iain Miller Cnoc na Mara amach ó chósta Ghleann Cholm Cille gan aon téad ná trealamh dreapadóireachta ar bith. Tá físeán dá eachtraí á scaipeadh go tréan ar líne

FÍSEÁN: ’Cnoc na Mara’ i nGaeltacht Thír Chonaill dreaptha le ‘lámha, cosa, agus smig’

Tá físeáin a rinne dreapadóir aille, atá lonnaithe i dTír Chonaill, de féin agus é ag dreapadh staca farraige i nGaeltacht Thír Chonaill, á scaipeadh go fairsing ar líne.

Dhreap Iain Miller ‘Cnoc na Mara’ amach ó chósta an Phoirt i nGleann Cholm Cille i gcaitheamh an tsamhraidh seo caite, ach níor chuir sé an físeán dá éacht ar YouTube go dtí an mhí seo.

Ba é Miller an chéad duine a dhreap Cnoc na Mara riamh nuair a thug sé beirt Mheiriceánach suas an staca naoi mbliana ó shin. D’úsáid sé téada agus trealamh eile dreapadóireachta an uair sin ach feictear san fhíseán nua an chéad uair a dreapadh an staca gan aon rópa ná trealamh eile seachas bróga dreapadóireachta.

“Dhreap mé Cnoc na Mara cúpla uair cheana féin ach ba í seo an chéad uair dom í a dhreapadh sa stíl free solo, gan téada agus araile, ní raibh agam ach na lámha, na cosa agus mo smig le mé féin a tharraingt suas air. Ní dhéanfaidh mé riamh arís ar an gcaoi sin é! Bhí mé scanraithe go maith thuas ann!” a dúirt Miller le Tuairisc.ie.

Tá an staca farraige féin 98m ar airde ach tá dreapadh os cionn 150m i gceist leis an mbarr a bhaint amach. Tá os cionn 30 duine tar éis a bheith ar bharr an staca ó dhreap Miller den chéad uair é in 2008.

Dúirt Miller gur “ag spraoi ó Thoraigh go Gleann Cholm Cille” agus níos faide ó dheas “má bhíonn an fonn [air]” a bhíonn sé.  Tá a chomhlacht eachtraíochta féin aige, Unique Ascent, agus tugann sé a chuid custaiméirí go barr aillte agus stacaí mara in Éirinn agus in Albain.

Ní hé seo an chéad uair ag Miller aird a tharraingt ar a chuid eachtraíochta ar líne. Roinn sé físeán eile anuraidh de féin agus é ag dreapadh Dún Briste, staic mhara cháiliúil eile i Maigh Eo. Ba í sin an tríú hiarracht aige Dún Briste a dhreapadh agus an chéad uair ar dreapadh é le breis is 25 bliain.

Tá na mílte duine tar éis breathnú ar eachtraí Miller ar YouTube agus tá ailt foilsithe faoi in irisí éagsúla ar fud an domhain, an iris Ghael-Mheiriceánach IrishCentral ina measc.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ’Cnoc na Mara’ i nGaeltacht Thír Chonaill dreaptha le ‘lámha, cosa, agus smig’'