FÍSEÁN: ‘Port na bPúcaí’ agus ceol na mBlascaodaí le ceiliúradh sa Taibhdhearc

Seolfar albam úr leis an amhránaí aitheanta as Corca Dhuibhne Muireann Nic Amhlaoibh ag an ócáid

FÍSEÁN: ‘Port na bPúcaí’ agus ceol na mBlascaodaí le ceiliúradh sa Taibhdhearc

Seolfar albam úr leis an amhránaí aitheanta Muireann Nic Amhlaoibh, as Dún Chaoin, ag ócáid speisialta sa Taibhdhearc an tseachtain seo, mar a mbeidh ceiliúradh á dhéanamh ar cheol agus ar amhráin na mBlascaodaí.

Mar chuid den ócáid a bheidh ar siúl amárach, Dé Céadaoin, ag 8pm, beidh ‘Suantraí na hInise’, píosa ceoil a chum Colm Ó Foghlú á sheinm ag Niamh Ní Charra (consairtín) agus Noreen O’Donoghue (cláirseach) agus beidh íomhánna ó Chartlann Ionad an Bhlascaoid Mhóir á dtaispeáint ar theilgeoir.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Muireann Nic Amhlaoibh, go raibh “an-áthas” uirthi a halbam nua Thar Toinn a sheoladh ag oíche ómóis do cheol na mBlascaodaí.

“Seinnim go leor ceoil ón dúiche seo, amhráin as Dún Chaoin agus na hoileáin, agus tá saibhreas iontach miotaseolaíochta ag baint leo. Sampla maith de sin é an t-amhrán ‘Port na bPúcaí’, a tháinig ón mBlascaod, a thaifead mé don albam nua.

“De ghnáth, seinntear ‘Port na bPúcaí’ mar fhonn mall ach tá seanfhocail an amhráin sin agam ó m’athair, agus fuair seisean ó dhuine de na hoileánaigh é. Seans gurb é seo an chéad uair a taifeadadh na focail seo,” a dúirt Nic Amhlaoibh.

Is amhrán é ‘Port na bPúcaí’ atá luaite le Clann Uí Dhálaigh, ceoltóirí aitheanta ó Inis Mhic Aoibhleáin, a d’aistrigh go dtí an Blascaod Mór.

Cuirtear síos san amhrán ar bhean ar ghoid an slua sí í. De réir an amhráin, bíonn cead ag an bhean filleadh ar a domhan féin san oíche ach ar ghlaoch an choiligh ar maidin caithfidh sí imeacht leis na sióga.

Ó bheirt dearthár de chuid chlann Uí Dhálaigh a bhí ag cur fúthu i nDún Chaoin a fuair a hathair, Feargal Mac Amhlaoibh, an leagan seo de ‘Port na bPúcaí’.

“Bhíodh m’athair ag seinm leis an veidhleadóir  Tom ‘na hInise’ Ó Dálaigh agus a dheartháir, an boscadóir clúiteach, Muiris, nuair a bhíos i mo chailín óg.

“Nuair a tugadh focail an amhráin dó, dúradh leis nach raibh cead an t-amhrán a rá mura gcreid tú i scéal an amhráin,” a dúirt an t-amhránaí Gaeltachta.

Tá ‘Port na bPúcaí’ ar cheann de shé amhrán atá ar an albam nua Thar Toinn, atá bunaithe ar théama na farraige.

Ag tagairt di don albam nua, dúirt Nic Amhlaoibh gur léiriú é ar an dá phaisean atá aici féin – an ceol agus an fharraige.

  “Tá an-dúil agam sa bhfarraige agus an ceangal láidir cultúrtha atá againn léi.

“D’fhásas aníos ar oileáin agus ar an gcósta, agus léimim isteach san uisce aon seans a bhíonn agam. Ba dheis a bhí anseo dom an dá phaisean, an dúil sa gceol agus sa bhfarraige, a thabhairt le chéile,” a dúirt sí.

Tá scata ceoltóirí aitheanta le cloisteáil ar eisiúint nua Nic Amhlaoibh, ina measc an fidléir Dónal O’Connor agus an giotáraí Gerard O’Beirne, a bheas i mbun tionlacain ag an ócáid sa Taibhdhearc agus ag seoltaí eile.

Beidh an t-albam á sheoladh i dTigh Dolan i Luimneach ar an 12 Márta agus in Ionad Séamus Ennis san Aill i mBaile Átha Cliath ar an 28 Márta.

Port na bPúcaí

Is bean ón slua sí mé
Do tháinig thar toinn
Is do goideadh san oíche mé
Tamall thar lear
Is go bhfuilim as riocht so
Fé gheasa mná sí
Is ní bheidh ar an saol so
Go nglaofaidh an coileach

Is caitheadsa féin
Tabhairt fén lios isteach
Ní taitneamh liom é
Ach caithfead tabhairt fé
Is a bhfuil ar an saol so
Caithfidh imeacht as
Ach béadsa ag caoineadh’n
Fhaid a bheidh uisce sa toinn
Is ná deinig aon ní
Leis an ndream thíos sa leas…

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Port na bPúcaí’ agus ceol na mBlascaodaí le ceiliúradh sa Taibhdhearc'