FÍSEÁN: Cé mhéad cainteoir laethúil Gaeilge atá sa tír? Ná fiafraigh de Choiste Oireachtais Gaeltachta é…

Bhí cloigne á dtochas agus smigeanna á gcuimilt ag cruinniú i dTeach Laighean den Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

Cé mhéad cainteoir laethúil Gaeilge atá sa tír?

D’fhág an cheist sin mearbhall orthu siúd a bhí i láthair an tseachtain seo ag cruinniú de Choiste Oireachtais a bhíonn ag plé le cúrsaí Gaeltachta, ina measc Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Peadar Tóibín, atá ina Chathaoirleach ar an gcoiste.

Ceist faoi sprioc na Straitéise 20 Bliain 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bheith ann faoi 2030 ba chúis leis an suaitheadh intinne a bhuail baill den Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Mar is léir ón bhfísean thuas, chuaigh figiúirí éagsúla sa bhfraoch ar lucht an Choiste agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach cé acu an bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa tír ag dul i méid nó i laghad.

Rinneadh meascán mearaí d’fhigiúirí na ndaonáireamh éagsúil agus an figiúr measta a tugadh sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a foilsíodh in 2010.

83,000 an figiúr measta a luadh sa Straitéis le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, murab ionann agus an 74,000 duine i nDaonáireamh 2006 agus an 77,000 duine i nDaonáireamh 2011.

Ach ba mhó ná sin an mearbhall a bhain leis an scéal agus an chuma ar chúrsaí go rabhthas ag trácht ar fhigiúirí nach bhfuil foilsithe fós – figiúirí Dhaonáireamh 2016 faoi líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais, figiúirí a fhoilseofar in earrach na bliana seo chugainn.

Ba é urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív an fuascailteoir sa deireadh nuair a mheabhraigh sé don choiste gurb é “fíric an tsaoil” nach raibh na figiúirí is déanaí maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge ar fáil go fóill.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Cé mhéad cainteoir laethúil Gaeilge atá sa tír? Ná fiafraigh de Choiste Oireachtais Gaeltachta é…'

  • Gearóid de Grás

    “Ba é urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív an fuascailteoir sa deireadh nuair a mheabhraigh sé don choiste gurb é “fíric an tsaoil” nach raibh na figiúirí is déanaí maidir le líon na gcainteoirí Gaeilge ar fáil go fóill.”

    Ach cá bhfuil an fuascailteoir d’Ó Cuív, an fear a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a foilsíodh sprioc na Straitéise 20 Bliain – go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ann faoi 2030?

  • Díomá

    Bheadh trua agat dóibh agus iad ag streachailt leis an teanga agus leis na figiúirí araon.

  • Smaoineamh Iontach

    Smaoineamh iontach iontach iontach:

    D’fhéadfadh ASNC lámhleabhar beag frásaí úsáideacha Gaeilge do pholaiteoirí a fhoilsiú, amhail ‘Ar an drochuair’, ‘In ainneoin mo chuid iarrachtaí go léir’, ‘Murach an freasúra a bheith tar éis cur inár gcoinne’.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    An sin Heather Humphries atá sa dara duine ar taobh na láimhe deise de Kyne? Cuma caillte uirthi. Leoga, níl mórán brí leis an chruinniú sin ach oiread!

  • Pól Ó Braoin

    Más ar an dream créatúirí sin atá an teanga ag braith, bhuel ní gá mórán níos mó a rá.
    Caithfidh muidne Gaeil an beart a dhéanamh muid féin, ar bhonn deonach más féidir.
    Ar scéal an ghamhna bhuí úd a bhímse féin ag smaoineamh agus mé ag éisteacht leis an ráiméis sin a chloiseann muid aon uair ar bith faoin straitéis fiche bliain don Ghaeilge.
    An aon ionadh ar bith é go mbíonn deacrachtaí teacht ar mhaoiniú nuair a bhíonns cúrsaí Gaeilge i gceist? Agus Heather Humphries ina hAire Gaeltachta… nó ina hAire ar an liodán nua sin de chúraimí agus an Ghaeltacht ina hiarlais ag deireadh an liosta. Dia dár réiteach! Ciall sa mbreis leis an abairtín beag sin anois, mar tá cuma ar an scéal gur faoi Dhia a fágadh é aon réiteach ar fónamh a fháil.

  • Seán Hade

    Bhí sin pianmhar…..