FÍSEÁN: Briseadh cumhachta i dTeach Laighean agus cruinniú faoi sheirbhís báid Árann ‘sa dorchadas’

Chuaigh na soilse as i Seomra Coiste 4 Thithe an Oireachtais tráthnóna agus seirbhís farantóireachta Árann á plé

D’fhág briseadh cumhachta gur sa dorchadas a chríochnaigh cruinniú faoi sheirbhís farantóireachta Árann i dTeach Laighean.

Ag leathuair tar éis a ceathair tráthnóna a chuaigh na soilse as i Seomra Coiste 4 Thithe an Oireachtais, mar a raibh cruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar siúl.

Bhí toscaireacht ó oileán Árann os comhair an choiste tráthnóna agus fadhb na seirbhíse farantóireachta go hInis Mór á plé acu le baill an choiste Gaeilge.

Níos túisce sa chruinniú, dúirt Bainisteoir Chomhar na nOileán, Cathy Ní Ghoill, go mbíonn muintir na n-oileán “left out in the dark” nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh fúthu, ach is beag a shíl nárbh fhada go bhfaigheadh sí cruthúnas gurbh amhlaidh an scéal i dTithe an Oireachtais!

Nuair a chlis ar na soilse, chualathas baill den choiste ag rá nach raibh siad in ann a nótaí a léamh, ach leanadh leis an bplé i ndiaidh an bhriseadh cumhachta agus údar mór gáire ab ea é ag a raibh i láthair.

Ba é Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe Kevin Kelly a bhí ag caint nuair a chlis an solas agus é ag tagairt d’easpa acmhainní na Comhairle.

Ar an bpointe ar imigh na soilse as, níos tráthúla ná aon fhuirseoir, chríochnaigh ball den choiste abairt an Phríomhfheidhmeannaigh dó. Bhéic an gleacaí sa dorchadas go raibh easpa ‘cumhachta’ chomh maith ar an gComhairle.

Ba ansin a thosaigh an gáirí sa dorchadas. ‘This is what it’s like in County Hall most days!” a dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle, ach ní fios an ag tagairt don dorchadas nó don atmaisféar meidhreach a bhí sé.

Lean an briseadh cumhachta don cheathrú huaire deiridh den chruinniú.

Is féidir tuairisc bheo ar imeachtaí an chruinnithe a léamh anseo.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Briseadh cumhachta i dTeach Laighean agus cruinniú faoi sheirbhís báid Árann ‘sa dorchadas’'