FÍSEÁN: Bláthú na Gaeilge i nDomhnach Míde tríocha bliain ó shin

Craoladh ar an 30 Bealtaine 1986 tuairisc ar RTÉ faoin mborradh a bhí faoin nGaeilge i nDomhnach Míde, tuairisc atá ar fáil anois ar Chartlann RTÉ

Play Video Liam

Cothrom an ama seo 30 bliain ó shin, bhí borradh faoin nGaeilge i nDomhnach Míde agus Gaelscoil nua cúig bliana ar an bhfód. D’éirigh le ceannairí ghluaiseacht na Gaeilge sa cheantar feachtas, a raibh rath air, a chur ar bun le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa bhruachbhaile bríomhar.

Ba é an múinteoir Liam Bairéad agus roinnt tuismitheoirí ón scoil lán-Ghaeilge nuabhunaithe, Scoil Bhríde, a thosaigh an feachtas.

Deir Liam Bairéad le Tuairisc.ie, gurbh í an scoil sin an fhréamh as ar fhás gluaiseacht láidir Gaeilge sa cheantar.

“Cuireadh an Ghaelscoil ar bun cúig bliana sula ndearnadh an físeán sin, agus bhíomar ag obair i dtreo na Gaeilge, go mbeadh sí mar dhlúthchuid de shaol an cheantair. Chuireamar isteach ar chomórtas Ghlór na nGael agus d’éirigh go maith linn, bhí níos mó ná an scoil agus na siopaí againn, bhí drámaíocht ann, Seachtain na Gaeilge, spórt agus go leor rudaí eile ar siúl freisin.

“Bhí féile againn gach bliain suas go dtí 1994 agus bhí an-rath uirthi sin freisin. Bhaineamar go leor taitnimh as ach bhain sé go leor asainn! D’éirigh leis an rud, agus bhí go leor daoine ag cuidiú linn, go leor daoine a bhí tugtha don fhís,” a dúirt sé.

B’éigean do Bhairéad éirí as an obair mar gheall ar chúrsaí sláinte ag deireadh na 1990í agus tharraing sé siar ón ngluaiseacht. Dúirt sé gur leanadh leis an obair i ndiaidh dó féin éirí as ach “faraor ní féidir a rá go bhfuil mórán de rian na gluaiseachta sa phobal” sa lá atá inniu ann.

“Bhí an-ghá le rudaí an-phraiticiúil – theastaigh Gaeilge sna siopaí ach daoine a bheadh toilteanach í a úsáid iontu freisin. Tar éis rudaí móra mar sin a dhéanamh, tagann na rudaí beaga isteach i dteannta a chéile, agus in imeacht aimsire rudaí móra eile, ach caithfidh an ghluaiseacht a bheith láidir,” a dúirt sé.

Tá Bairéad cinnte dearfa go n-éireodh lena leithéid de thogra sa lá atá inniu ann dá mbeadh an toil ann i measc an phobail é a chur i gcrích.

“D’éireodh leis arís dá dtabharfaí faoi. Chuala mé go bhfuil rud éigin níos iomláine ar bun i gCluain Dolcáin faoi láthair agus go bhfuil plean curtha le chéile acu sin. Bhí baint agam le gluaiseacht mar é sna 1970í agus d’fhéadfaí é a dhéanamh, dar liomsa, ach dóthain fuinnimh agus leanúnachais, a bheith ann. Tá go leor daoine ann a mbeadh spéis ach tabhairt faoi ach an treoir agus an deis a bheith acu,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Bláthú na Gaeilge i nDomhnach Míde tríocha bliain ó shin'