FÍSEÁN: ‘Beocht agus beatha’ na Gaeilge i mBaile Átha Cliath á cheiliúradh i bhfíseán nua

Scagadh déanta i bhfíseán nua ar an athrú meoin atá ann i measc daoine óga i leith na Gaeilge

Tá físeán nua foilsithe ar líne inniu a chaitheann súil ar shaol na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar chainteoirí Gaeilge óga na hardchathrach.

Is iad an comhlacht cumarsáide Thinkhouse a rinne an físeán ‘Beocht & Beatha’ ina labhrann daoine éagsúla ar staid na teanga i mBaile Átha Cliath agus ar a bhfuil ar siúl san ardchathair chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga.

Orthu siúd atá le feiceáil sa bhfíseán tá an cumann CLG na Gaeil Oga, an banna ceoil Seo Linn, Eoin P Ó Murchú ón meitheal ghrinn Gaelgháirí agus Ciarán Mac Fhearghusa ón gcomhlacht Óga Yoga, a chuireann ranganna yoga i nGaeilge ar fáil.

Tá ‘Beocht & Beatha’ mar chuid de shraith físeán faoi chultúr an aosa óig atá ar bun ag an gcomhlacht Thinkhouse.

Deir lucht déanta an fhíseáin go raibh fúthú scagadh a dhéanamh ar an athrú meoin atá ann i measc daoine óga i leith na Gaeilge agus ar an athbheochan atá á dhéanamh ar an teanga dá bharr.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Beocht agus beatha’ na Gaeilge i mBaile Átha Cliath á cheiliúradh i bhfíseán nua'