FÍSEÁN: ‘Ba cheart rogha a bheith ag cách freastal ar naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste’ – Varadkar

Agus iad i mbun díospóireachta i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael, labhair Varadkar agus Simon Coveney faoi cheist na Gaeilge. Dúirt Coveney go raibh gá le plean ‘forásach, uaillmhianach’ don Ghaeilge

FÍSEÁN: ‘Ba cheart rogha a bheith ag cách freastal ar naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste’ – Varadkar

Leo Varadkar. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá ráite ag Leo Varadkar gur cheart go mbeadh an rogha ag cách freastal ar naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste.

Agus Vardakar agus Simon Coveney i mbun díospóireachta sa Ghaillimh mar chuid de thoghchán ceannaireachta Fhine Gael, dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí go raibh éileamh “an-mhór” ar an oideachas trí mheán na Gaeilge ach go gceiltear an rogha sin ar mhórán daoine ar fud na tíre toisc go bhfuil an soláthar gaeloideachais ‘easnamhach’.

Chaithfí déileáil leis an easnamh sin, a dúirt sé.

“Aon duine a bhfuil an deis uathu oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge – i naíonra, i nGaelscoil agus, ina dhiaidh sin, i nGaelcholáiste – ba chóir go mbeadh an deis sin acu,” a dúirt Varadkar.

Dúirt an tAire Tithíochta Simon Coveney go raibh gá le plean “forásach, uaillmhianach” don Ghaeilge. Dúirt Coveney go raibh a chlann féin ag freastal ar Ghaelscoil agus go raibh sé féin “ag foghlaim uathu”.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge le cloisteáil ina thigh “den chéad uair riamh” dá bharr.

Dúirt Coveney gur “inspioráid” é Joe McHugh do dhaoine ar a chuma féin nach bhfuil líofa sa Ghaeilge. Dúirt sé gur chruthaigh McHugh, nuair a ceapadh ina Aire Stáit Gaeltachta é, gur féidir le daoine ar bheagán Gaeilge dóthain Gaeilge a fhoghlaim le comhrá a dhéanamh inti.

Ba chóir go mbeadh sé mar aidhm ag an gcóras oideachais go mbeadh an cumas ag gach duine comhrá a dhéanamh i nGaeilge, a dúirt an tAire Tithíochta. 

Dúirt Leo Varadkar go raibh an Ghaeilge “á cleachtadh” gach lá aige agus go raibh sé ag éirí níos “muiníní agus níos fearr”.

Dúirt sé chomh maith go gcaithfí an tAcht Teanga á láidriú agus go gcaithfí a chinntiú go mbeadh teacht “i bhfad níos éasca” ar sheirbhísí i nGaeilge agus ar dheiseanna an Ghaeilge a úsáid.

Dúirt Varadkar gur thacaigh sé chomh maith leis an éileamh ar Acht Teanga don Tuaisceart.

Tá tús á chur inniu leis an vótáil i dtoghchán ceannaireachta Fhine Gael agus fógrófar an buaiteoir Dé hAoine.

Bhí an bheirt iarrthóirí ar cheannaireacht Fhine Gael i mbun díospóireachta i mBéal Átha na Sluaighe Dé Sathairn agus i gCorcaigh aréir.