FÍSEÁN: An samhradh sa Ghaeltacht – an ghrian agus an ré ag soilsiú le chéile i mBaile na hAbha!

‘I dtaibhrithe amháin a bhíonn an ghrian is an ré ag soilsiú’ a dúirt an file Nuala Ní Dhomhnaill, ach ní hamhlaidh a bhí agus an craoltóir Dara Ó Cinnéide amuigh ag siúl i mBaile na hAbha i gCorca Dhuibhne oíche Dé Luain

Chairraí

Tá an-shuim á cur i bhfíseán suaithinseach atá curtha amach ar na meáin shóisialta ag an gcraoltóir Dara Ó Cinnéide, físeán a mheabhraigh dó áiteamh fileata Nuala Uí Dhomhnaill gur ‘i dtaibhrithe amháin a bhíonn an ghrian is an ré ag soilsiú’.

Ar a shiúlta dó ag barr na haille laistíos de Bhinn na mBan in Iarthar Duibhneach a bhí an Cinnéideach nuair a thug sé faoi ndeara an ghrian ag dul fé os cionn na farraige agus lán na ré le feiscint ag an am céanna os cionn Chnoc Bréanainn.

Dhein an craoltóir an radharc a thaifeadadh oíche Dé Luain agus scaip aréir ar Twitter é, mar a bhfuil sé ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ó shin.

‘Ní díreach ‘i dtaibhrithe amháin a bhíonn an ghrian is an ré ag soilsiú’, a dúirt an t-iarimreoir caide sa teachtaireacht a chuir sé leis an bhfíseán.

Tagairt is ea an méid sin do dhán álainn Nuala Ní Dhomhnaill ‘Chomh Leochaileach le Sliogán’:

Mar is istigh sa síce amháin

a tharlaíonn míorúiltí

an cheana, an mhaithiúnachais

is an ghrá

mar is i dtaibhrithe amháin

a bhíonn an ghrian is an ré ag soilsiú

le chéile is spéir na maidine

orthu araon ag láú

Dúirt Ó Cinnéide, ar cholúnaí le Tuairisc.ie é, gur scaip sé an físeán d’fhonn blaiseadh a thabhairt do dhaoine d’áilleacht an tsamhraidh sa Ghaeltacht.

“Bhíos amuigh ag siúl dom fhéinig age baile agus thogas ceann don ngrian ar dtúis agus ansan an ghealach. Is annamh go bhfaca an dá rud i dteannta a chéile chomh soiléir san ná ar tráthnóna chomh glé, chomh geal leis.

“Is é an trua ná raibh duine níos oilte ná mé fhéin i mbun an fhíseáin, ach scaipeas ar líne pé scéal é chun blaiseadh a thabhairt do dhaoine d’aoibhneas agus d’áilleacht an tsamhraidh anseo i gCorca Dhuibhne. Mheabhraigh sé dom chomh maith áilleacht na filíochta ag Nuala Rua,” a dúirt Dara Ó Cinnéide.

Nuair a bhíonn iomlán gealaí ann, bíonn an ghrian agus an ghealach díreach os comhair a chéile agus an domhan idir eatarthu. Nuair atá an spéir ghlan is féidir éirí na lán ré agus dul faoi na gréine a fheiscint ag an am céanna.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An samhradh sa Ghaeltacht – an ghrian agus an ré ag soilsiú le chéile i mBaile na hAbha!'