FÍSEÁN: An Ghaeilge ar fud na mball ar fhíseán nua Éire 2016

Bhain conspóid leis an easpa Gaeilge agus an droch-Ghaeilge ar an gcéad fhíseán a d'eisigh Éire 2016 ach tá idir Ghaeilge agus fhotheidil Ghaeilge san iarracht is déanaí a eisíodh mar chuid de chlár comórtha ofigiúil 2016

Tá idir Ghaeilge agus fhotheidil Ghaeilge san fhíseán nua atá eisithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta mar chuid de sheoladh Éire 2016//Ireland 2016.

San fhíseán nua tá Gaeilge le cloisteáil ó  Chuan Ó Seireadáin, Conradh na Gaeilge, Aogán Ó Fearghail, Uachtarán CLG, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú agus an Seanadóir Fiach Mac Conghail, stiúrthóir Amharclann na Mainistreach. Déanann an físeán cur síos ar na himeachtaí a chuirfear ar siúl le hÉirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh agus tá fotheidil Ghaeilge ar an gcaint i mBéarla ann.

“Caithfidh an Ghaeilge a bheith lárnach i gcomóradh 1916. Gan an Ghaeilge agus gan Ghluaiseacht na Gaeilge ní bheadh Éirí Amach ann. As an seachtar a shínigh Forógra na Poblachta, bhí seisear ina mbaill den Chonradh,” a dúirt Ó Seireadáin.

Seoladh Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain anocht i nDún Uí Choileáin i mBaile Átha Cliath. Bhí conspóid mhór ann faoi a laghad Gaeilge a bhí sa dréachtchlár comórtha a seoladh i mí na Samhna seo caite agus faoin drochaistriúchán Gaeilge a rinneadh ar shuíomh Éire 2016.

Fógraíodh anocht chomh maith go mbeidh “snáithe” Gaeilge, ‘An Teanga Bheo’, mar chuid de chlár oifgiúil an chomórtha.

Beidh tuilleadh faoi imeachtaí Gaeilge Éire 2016 ag Tuairisc.ie ar ball.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: An Ghaeilge ar fud na mball ar fhíseán nua Éire 2016'

  • Darragh Ó Caoimh

    Is maith an rud é go bhfuil fotheidil Gaeilge ann. Ní fheadar cad ina thaobh nach mbíonn fotheidil Gaeilge ar leithéid TG4 agus cláracha á chraoladh acu? ( Go háirithe nuair a bhíonn fotheidil Béarla ann!)

  • Brian Ó Broin

    Gaeilgeoir ag caint faoin Ghaeilge?? No, ní leor sin.

  • Brian Ó Broin

    OK, tá beirt eile ann, ach mar is iondúil . . .sop in áit na scuaibe.
    Ach buíochas le Dia, is fearr é seo na an iarracht dheireanach.